E. T. A. Hoffmann

scríbhneoir, cumadóir, sceitseálaí, dlíodóir, oifigeach cúirte agus breitheamh de chuid na Gearmáine

Scríbhneoir, cumadóir, sceitseálaí, dlíodóir, oifigeach cúirte agus breitheamh de chuid na Gearmáine ba ea Ernst Theodor Wilhelm Hoffmann (24 Eanáir 177625 Meitheamh 1822), ar fearr aithne air mar a ainm cleite E.T.A. Hoffmann.

Infotaula de personaE. T. A. Hoffmann

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Ernst Theodor Amadeus Hoffmann
Beathaisnéis
Breith(de) Ernst Theodor Wilhelm Hoffmann
24 Eanáir 1776
Königsberg, An Phrúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Meitheamh 1822
46 bliana d'aois
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse agus eitinn)
Áit adhlacthaFriedhof III der Gemeinde Jerusalems- und Neue Kirche (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Breitheamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Königsberg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, prós, ceol, léirmheastóireacht ceoil, stiúradh agus péintéireacht
Gairmcumadóir, úrscéalaí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, criticeoir ceoil, dialannaí, maisitheoir, léirmheastóir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir, breitheamh, stiúrthóir ceolfhoirne, scigealaíontóir, scríbhneoir litríocht pháistí, péintéir, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1809 –  Meitheamh 1822
SeánraCeoldráma, gearrscéal agus nóibhille
GluaiseachtRómánsachas, German Romanticism (en) Aistrigh agus Romantic literature (en) Aistrigh
Ainm cleiteE. T. A. Hoffmann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
UirlisOrgán
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMaria Thekla Michaelina Hoffmann Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinetahg.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0006782 Allocine: 246442 Allmovie: p310470 IBDB: 79587
Musicbrainz: 996d3e0e-0aea-47c8-9900-741cd8220d72 Lieder.net: 11695 Discogs: 582111 IMSLP: Category:Hoffmann,_Ernst_Theodor_Amadeus Allmusic: mn0001174445 Find a Grave: 6825677 Cuir in eagar ar Wikidata
féinphortráid, timpeall 1800
Hoffmann agus Hippel mar "Castor agus Pollux", Federzeichnung Hoffmanns, 1803
féinphortráid agus scigphictiúr

Dlíodóir cuir in eagar

Is as cúlra dlí a fuineadh Hoffmann; rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Königsberg. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fásta i sraith post mar dhlíodóir faoi oiliúint nó mar oifigeach i gcúirteanna nó i gcomhlachtaí riaracháin i Königsberg, Glogau (Głogów faoi láthair), Posen (Poznań faoi láthair), Płock, Vársá agus Beirlín, diomaite den tamall a chaith sé mar bhainisteoir amharclainne, léirmheastóir drámaíochta agus drámadóir idir 1808 agus 1814.[1]

 
'troid in éadan an mhaorlathais sa Phrúis, 1821, le Hoffmann

Sa dara bliain a fuair sé obair sa Kammergericht i mBeirlín agus, sa bhliain 1816, post mar bhreitheamh ar an gcúirt sin, a bhí aige go dtí go bhfuair sé bás.

Mar sin, bhí sé ina bhall de choimisiún imscrúdúcháin i dtaobh daoine a bhí ag cur in éadan rialtas na Prúise. Mar gheall ar an gcodarsnacht idir a phost oifigiúil, ar lámh amháin, agus an bá a bhí aige leis an bhfreasúra agus a chuid scríbhinní aoracha, ar an lámh eile, bhí sé dlite i mbeart smachta, ach bhain a phairilis fhorchéimnitheach mharfach na cosa den bheart sin.

Tá rian a chuid oibre mar bhreitheamh ar roinnt dá chuid saothar, go mór mór ar Das Fräulein von Scuderi (1819) atá suite i bPáras faoi Louis XIV.

Scríbhneoir cuir in eagar

Ó cheann ceann a shaoil oibre, lean Hoffmann ar aghaidh lena chuid oibre mar scríbhneoir, cumadóir, maisitheoir is léirmheastóir. Ar an mbealach sin, tháinig sé chun tosaigh mar dhuine de na pearsana ag lár an Rómánsachais Ghearmánaigh, agus tionchar faoi leith aige ar scríbhneoirí ina dhiaidh sin i seánraí na fantaisíochta agus an uafáis.

Saol cuir in eagar

Phós Hoffmann Mischa (Maria nó Marianna Thekla Michalina Rorer / Trzcińska) sa bhliain 1802. Tugtha don ól agus cliúsaí ban, bhuail an tsifilis é. D'éag Hoffmann i mBeirlín ar 25 Meitheamh 1822.

Féach freisin cuir in eagar

Saothar cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "E. T. A. Hoffmann". Dáta rochtana: 2021.
  2. "E. T. A. Hoffmann bibliography" (as en) (2021-01-19). Wikipedia.