Laurence Sterne

Scríbhneoir Angla-Éireannach agus ministir Anglacánach ab ea Laurence Sterne (24 Samhain 171318 Márta 1768). Rugadh é ar an 24 Samhain 1713 i gCluain Meala.

Laurence Sterne
Laurence Sterne by Sir Joshua Reynolds.jpg
biocáire

Saol
Eolas breitheCluain Meala, 24 Samhain 1713
NáisiúntachtRíocht na Breataine Móire
BásLondain, 18 Márta 1768
Áit adhlacthaCoxwold
Cúis bháisbás nádúrtha (eitinn)
Muintir
Céile/CéilíElizabeth Lumley (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materColáiste Íosa
Hipperholme Grammar School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí agus duine rialta
Saothar iomráiteachThe Life and Opinions of Tristram Shandy, Gentleman
A Sentimental Journey Through France and Italy
A Political Romance
SloinnteYorick
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas
IMDbnm1038177
Discogs ID4702989

Bhí baint aige le cúrsaí polaitíochta i Yorkshire Theas sna 1740idí. Scríobh sé faoi sa leabhar A Political Romance (1759).

Dr. Slop, Susannah agus an leanbh Tristram Shandy

Foilsíodh an chéad agus an dara imleabhair de The Life and Opinions of Tristram Shandy, Gentleman sa bhliain 1759.

Is cineál bildungsroman é an t-úrscéal "Tristam Shandy"; tugann Tristam féin cur síos greannmhar agus bríomhar ar a bhfaca sé. Is sa bhliain 1767 a foilsíodh an imleabhar deireanach de (iml. 3 agus 4, 1761; iml. 5 agus 6, 1762; iml. 7 agus 8, 1765; iml. 9, 1767).

"The life and letters of Laurence Sterne" (1912)

D'fhoilsigh Sterne cuid mhaith seanmóra agus scríobh sé a chuimhní cinn. Thaistil Sterne sa Fhrainc agus san Iodáil sa bhliain 1765 agus foilsíodh A Sentimental Journey Through France and Italy i 1768, trí seachtain roimh a bhás.

TioncharCuir in Eagar

Cailleadh Sterne ar an 18 Márta 1768 i Londain.

Chuidigh Diderot le litríocht, go háirithe le Jacques le fataliste et son maitre (Gaeilge: Jacques an cinniúnaí agus a mháistir), a rinne aithris ar Laurence Sterne ag tabhairt faoi coinbhinsiúin maidir le húrscéalta agus a struchtúr agus a n-ábhar[1].

Bhí tionchar láidir ag Stern ar an úrscéal nua-aimseartha, mar shampla ar James Joyce, Viriginia Woolf srl[2].

 
Shandy Hall

Scríobh Séamas Mac Annaidh "Cuaifeach mo lon dubh buí" (Coiscéim 1983): sa chuid lárnach den scéal is féidir a áiteamh gur bildungsroman é, nó léiriú ar aigne ann féin - ar nós Tristam Shandy le Laurence Sterne[3].

Féach freisinCuir in Eagar

 
Sterne curtha i gCoxwold, Yorkshire

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. Tom Keymer (13 April 2006). Laurence Sterne's Tristram Shandy: A Casebook. Oxford University Press. p. 14. ISBN 978-0-19-517560-8.
  3. http://www.siopa.ie/ga/u-235-seamas_mac_annaidh/u.aspx?id=235&lang=GA

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar