Vlaidímír Leinín

réabhlóidí Cumannach as an Rúis
(Athsheolta ó Vlaidímír Léinín)

Réabhlóidí Cumannach as an Rúis ab ea Vlaidímír Ílíts Leinín (Rúisis: Влади́мир Ильи́ч Ле́нин), nó Leinín de ghnáth, agus Lenin i mBéarla (22 Aibreán 187021 Eanáir 1924). Ceannaire an pháirtí Bhoilséivigh ab ea é chomh maith, agus an chéad cheannaire ar Aontas na Sóivéadach tar éis Réabhlóid Dheireadh Fómhair sa bhliain 1917.

Infotaula de personaVlaidímír Leinín

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Владимир Ильич Ленин
Beathaisnéis
Breith(ru) Владимир Ильич Ульянов
22 Aibreán 1870
Ulyanovsk (Impireacht na Rúise)
Bás21 Eanáir 1924
53 bliana d'aois
Bolshiye Gorki (An tAontas Sóivéadach)
Siocair bháisBás nádúrtha (Rith fola ceirbreach)
Áit adhlacthaLenin's Mausoleum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na Comhairle Saothair agus Cosanta an APSS
17 Iúil 1923 – 21 Eanáir 1924 (bás in oifig)Lev Kamenev →
Cathaoirleach Chomhairle Choimisiún na nDaoine
6 Iúil 1923 – 21 Eanáir 1924 (bás in oifig)Alexei Rykov (en) Aistrigh →
Ball de Pholitburo Lárchoiste an PCAS
25 Márta 1919 – 21 Eanáir 1924 (bás in oifig)
Ball de Pholitburo Lárchoiste an PCAS
29 Samhain 1917 (Iúlach) – 25 Márta 1919
Cathaoirleach Chomhairle Choimisiún Phobail SFSR na Rúise
27 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach) – 21 Eanáir 1924 (bás in oifig)Alexei Rykov (en) Aistrigh →
Ball de Pholitburo Lárchoiste an PCAS
10 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach) – 23 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLeninism (en) Aistrigh
ReiligiúnAn tAindiachas agus Ceartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law, Saint Petersburg State University (en) Aistrigh - dlí-eolaíocht (1890–)
Kazan Imperial University (en) Aistrigh - dlí-eolaíocht (–1888)
Simbirsk Classical Gymnasium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePodolsk
Cathair Pheadair
Moscó
Shushenskoye (en) Aistrigh
Schwabing
Londain
Teanga dhúchaisan Rúisis
Airde165 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Réimse oibreLeninism (en) Aistrigh, polaitíocht agus cumannachas
Suíomh oibre Cathair Pheadair
Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1918–1924)
Russian Social Democratic Labour Party (bolshevik) (en) Aistrigh (1917–1918)
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre den Rúis (–1917) Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtFrithimpiriúlachas, frithchaipitleachas, Marxachas agus streachailt aicmeach
Faoi thionchar
Ainm cleiteЛенин
Старик
К. Тулин
Н. Ленин
Ильин
Lenin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis, an Fhraincis, Béarla agus an Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtRéabhlóid na Rúise 1917, Réabhlóid Dheireadh Fómhair agus Cogadh Cathartha na Rúise
Ghlac sé/sí páirt i
27 Márta 192211th Congress of the Russian Communist Party (en) Aistrigh
8 Márta 192110th Congress of the Russian Communist Party (en) Aistrigh
29 Márta 19209th Congress of the Russian Communist Party (en) Aistrigh
18 Márta 19198th Congress of the Russian Communist Party (en) Aistrigh
6 Márta 19187th Congress of the Russian Communist Party (en) Aistrigh
1917Réabhlóid na Rúise 1917
30 Aibreán 1907 (Iúlach)5th Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) Aistrigh
10 Aibreán 1906 (Iúlach)4th Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) Aistrigh
12 Aibreán 1905 (Iúlach)3rd Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) Aistrigh
17 Iúil 1903 (Iúlach)2nd Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
TeaghlachBlank family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileNadezhda Krupskaya (1898–1924) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIlya Ulyanov  agus Maria Ulyanova
SiblínMaria Ulyanova, Olga Ulyanova, Alexander Ulyanov, Dmitry Ulyanov agus Anna Ulyanova
Ciontaíodh igníomhaíocht pholaitíochta (1895) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh
25 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach)-26 Deireadh Fómhair 1917 (Iúlach)Réabhlóid Dheireadh Fómhair
Lenin's journey in a sealed train (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Vlaidímír Leinín (an Rúisis) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0501924 Allocine: 36966 Allmovie: p370158
Spotify: 6tUIot9mdCbKUGpBZTJKG2 iTunes: 290705754 Musicbrainz: e73b9d77-b095-42fc-9fa4-382e9510491d Discogs: 1410865 IMSLP: Category:Lenin,_Vladimir Find a Grave: 617 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil cuir in eagar

Saolaíodh Vlaidímír Ílídts Úliánov in Simbirsk, cathair cois abhainn Volga. D'athraigh sé a shloinne ó Úliánov (Rúisis: Улья́нов) go Leinín níos déanaí, ach níl aon eolas ann maidir leis an bhfáth ar roghnaigh sé an t-ainm Leinín. Is tuairim amháin é gur thóg sé an t-ainm ón abhainn Lena, ach níor fhág Leinín aon eolas cinnte faoi seo.

 
Leinín - Thart ar an mbliain 1887

Mac le hIlya Nikolaevich Ulyanov (1831 - 1886) ab ea é, oibrí státseirbhíse a bhí i bhfabhar le daonlathas agus oideachas saor. Bhí máthair liobrálach ag Leinín, Maria Alexandrovna Blank (1835 - 1916). Bhí dúchas measctha aige; Gearmánach, Cailmíc agus Giúdach. Ba bhall den Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise é.

Mac léinn cliste ab ea Leinín, agus bhí suim aige i Laidin agus Gréigis. Bhí dhá thubaiste i saol Leinín mar bhuachaill óg, agus bhí tionchar mór acu air. Ar dtús, fuair a athair bás sa bhliain 1886. An bhliain ina dhiaidh, crochadh a dheartháir Alexander Ulyanov mar ghlac sé páirt i scéim chun Sár Alastar III a mharú. D'athraigh na h-eachtraí seo saol Leinín go deo, agus as seo amach bhí dearcadh réabhlóideach aige.

 
cime sa bhliain 1896

Thosaigh sé ag déanamh staidéar ar Karl Marx agus Nikolai Chernyshevsky Sa bhliain 1887, d'fhág sé an mheánscoil agus chuaigh sé isteach in Ollscoil na Cazáine mar mhac léinn dlí in Ollscoil na Cazáine sa bhliain 1887, cuireadh amach é tar éis tamaillín mar gheall ar a ghníomhaíochas polaitiúil radacach.[1]

 
Leinín faoi ghlas i 1895.

Seoladh amach é ar dheoraíocht, ach tháinig Leinín ar ais go Kazan i 1888, agus thosaigh sé ag buaileadh leis na ngrúpaí Marxacha. Sa bhliain 1889, bhog Léinin chun chónaigh i Samara, agus i 1890 d'aistrigh sé Forógra an Pháirtí Chumannach go Rúisis.

Lean Leinín ar aghaidh ag staidéar dlí ina aonar. Sa bhliain 1890, mar mhac léinn seachtrach, fuair sé céim sa dlí le céadonóracha ó Ollscoil Impiriúil Chathair Pheadair (Ollscoil Stáit Chathair Pheadair faoi láthair). Bronnadh ceadúnas dlí air chomh maith.

Bhí Leinín ina chúntóir dlí i Samara ar feadh 1890-1893 ina dhiaidh sin, Tar éis dó bogadh go Cathair Pheadair sa bhliain 1893, ina chúntóir do dhlíodóir ansin.

An réabhlóidí cuir in eagar

I Samara, léigh Leinín teagasc Marx do dhaoine, agus shocraigh sé cruinnithe leis na h-oibrithe. Thosaigh sé ag úsáid an t-ainm Leinín ag an am seo, agus ba cheannaire é ar na Daonlathaí Sóisialta Chathair Pheadair.

D'fhoilsigh Leinín a chéad phaimfléad, agus chuaigh sé ar a chéad turas thar lear i 1895, go dtí an Eilvéis. Bhuail sé le Georgi Plekhanov, agus a ghrúpa "Emancipation of Labour". Chuaigh sé go dtí Beirlín agus Páras chomh maith.

Nuair a fhill Leinín abhaile go Cathair Pheadair, bhunaigh sé Conradh 'Saoirse an Lucht Oibre'. Sheol sé amach páipéir réabhlóideacha, agus gabhadh é ar 7 Nollaig 1895 toisc gur cheannaire ar chill de chuid an Mharxachais réabhlóidigh é. Sa bhliain 1897 díbríodh go dtí Shushenskoye na Sibéire ar feadh trí bliana é. As sin amach, bhí Leinín ina scríbhneoir, ina ghníomhaí polaitiúil agus ina cheannaire réabhlóideach.[1]

 
1900

Níor stad Leinín den obair sa tSibéir. D'fhoilsigh sé litríocht réabhlóideach sa bhliain 1897, agus a obair mhór Forbairt an Chaipitleachais Rúisigh, i mí Aibreán 1899. Sa bhliain 1898, bhuail Leinín le Nadezhda Konstantinovna Krupskaya, agus pósadh iad i mí Iúil.

I 1900, bhí a phianbhreith críochnaithe aige agus thaistil sé ar fud na Rúise agus na hEorpa, mar shampla Zurich, An Ghinéiv, München, Prág, Vín agus Londain.

Sa Ghearmáin, bhunaigh sé an nuachtán Iskra ("spréach") le cabhair ó Phlekhanov i Munchen. Páipéar réabhlóideach ab ea é, chun a theachtaireacht a scar amach. Bhí Leinín i bhfabhar le 'daonlathas sóisialta', in áit 'daonlathas polaitiúil' (mar i 'daonlathas polaitiúil' bíonn an chumhacht ag na daoine meánaicmeacha, agus 'dúshaothrú' ar na hoibrithe). D'fhoilsigh Leinín na smaointe seo i 1902 sa pahimfléad Cad Atá Le Déanamh.

 
1900

Ag an am céanna, thosaigh Leinín ag eagrú na mBoilséiveach i bPáirtí Daonlathach Sóisialta na nOibrithe. Ciallaíonn Boilséiveach "móramh", agus Meinséiveach "mionlach". Tháinig na téarmaí nua seo i bhfeidhm ag an Dara Comhdháil i 1903. Go bunúsach, thacaigh na Boilséivigh an lámh láidir agus bhí na Meinséivaigh i gcoinne. Bhuaigh Leinín agus na Boilséivigh, ach chaill sé roinnt tacaíocht agus d´fhág sé Iskra ar 1 Samhain.

Mar gheall ar an réabhlóid san Rúis i 1905 agus 1906, d’aontaigh an Sár parlaimint nua a bhunaigh sa tír. Ní raibh a lán cumhacht ag an bparlaimint nua, ach bhí Leinín ábalta é a úsáid chun a smaointe a scar amach.

1905 cuir in eagar

Bhunaigh sé nuachtán nua, Vperyod! (Ar aghaidh!) sa Ghinéiv i 1905. Chuaigh Leinín go dtí an Fhionlainn i 1907, mar bhí imní air nach raibh sé sábháilte sa Rúis. Lean sé ar aghaidh ag scríobh i gcónaí; foilsíodh Materialism and Empirio-Criticism i Moscó i 1908. Chuaigh sé go dtí an Eilvéis arís, agus go dtí An Fhrainc. I 1912, chuaigh sé go dtí Kraków chun obair leis an bpáipéar Boilséiveach Pravda (Fírinne). Bunaíodh an páirtí nua Boilséiveach i bPrág. Cuireadh cosc ar Pravda san Rúis i gceann tamaill. Bhí cruinniú ag i gKraków i 1914, ach bhris amach an Chéad Chogadh Domhanda agus chuir na h-Ostaraigh Leinín i bpríosún. Bhí sé ábalta dul ar ais go dtí an Eilvéis, an t-aon tír amháin a bhí neodrach. Thosaigh sé ag scríobh arís, agus d’iarr sé ar na Boilséivigh fanacht amach as an gcogadh. Ghlac Leinín páirt sa chomhdháil i Zimmerwald, in aghaidh na cogaíochta, i 1915.

An réabhlóid cuir in eagar

Thosaigh an chéad chéim den réabhlóid, Réabhlóid na Feabhra i 1917, nuair a tharla éirí amach i gCathair Pheadair. D'éirigh Sár Nioclás II as, agus tháinig an Rialtas Sealadach isteach ina áit, le hAlexander Kerensky mar cheannaire.

Cháin Leinín an rialtas liobrálach nua i bPravda ar 16 Aibreán, agus dúirt sé gur ba cheart réabhlóid sóisialach a eagrú. Fuair sé cabhair ó rialtas na Gearmáine, a bhí ag troid i gcoinne an Rúis sa chogadh agus bhí sé in ann filleadh abhaile faoi rún. Shroich sé Cathair Pheadair ar 16 Aibreán, agus bhí slua mór tacaithe ag fanacht leis ag an Stáisiún Traenach na Fionlainne sa chathair.

Ghlac Leinín páirt san éirí amach i mí Iúil. Theip air agus bhí ar Leinín éalaigh go dtí an Fhionlainn arís. Ach bhí a lán tacaíocht aige fós san Rúis, agus tháinig Leinín ar ais go dtí Cathair Pheadair i mí Deireadh Fómhair agus thosaigh an Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhuaigh na Boilséivigh, agus thit an Rialtas Sealadach as a chéile ar an 7 Samhain, 1917. Bhunaigh sé rialtas na n-oibrithe ar an 8 Samhain, agus bronnadh an teideal "Cathaoirleach Choiste Choimeasáir na bpobail" ar Leinín.

Leinín i gcumhacht cuir in eagar

Bhailigh Leinín na grúpaí réabhlóideacha go léir le chéile, chun an Páirtí Cumannach a chruthú. Shínigh sé an Conradh Brest-Litovsk chun deireadh a chur leis an gcogadh. I mí Lúnasa 1918, thóg sé an t-ordú chun Sár Nioclás II agus a chlann ar fad a chuir chun báis, mar bhí tacaíocht acu ó na Bánaigh (Meinséivigh) fós. Ar 30 Lúnasa, rinne Fanya Kaplan ón Páirtí Réabhlóideach Sóisialach iarracht Leinín a mharú, ach tháinig Leinín slán as. Mar thoradh, thosaigh Leinín An Sceimhle Dearg, agus bailíodh gach duine a bhí ina “namhaid an stát” agus seoladh iad go bpríosún.

Bhí na Bánaigh fós i gcoinne Leinín, agus bhí a lán tacaíocht acu. Bhí ar Leinín an t-Arm Dearg a eagrú.

APSS cuir in eagar

I mblianta tosaigh riail na Sóivéadach, bhí an-tionchar ag an gciall a bhain Leinín as coinceap de chuid Marx "dul i léig an stáit" nuair a cealaíodh gach dlí a bhí ann roimhe sin agus a cuireadh "tuiscint sóisialach ar an gceartas" ina n-áit.[1]

Chomh maith le bheith ina bheartaí don Sceimhle Dearg, rinne Leinín maoirseacht agus córas dlí ní ba thraidisiúnta á cruthú, mar ghné de bhunú Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha sa bhliain 1922, ar mhair a phríomhlínte fad is a bhí APSS féin ann.[1]

Ag an am céanna, bhí cumhacht Ióisiaf Stailín ag fás freisin. Thacaigh Stailín Leinín ar dtús, agus bhí Leinín sásta le obair Stailín i rith an chogaidh chathartha. Ach i gceann tamaill, chonaic Leinín gurb duine contúirteach é Stailín, agus rinne sé iarracht é a chur as an rialtas.

 
Tá Leinín fós le feiceáil sa mhásailéam Leinín, Moscó

Bás cuir in eagar

 
másailéam Leinín, Moscó

I mí Bealtaine 1922, bhuail stróc Leinín, agus cuireadh pairilis air. Ach lean Leinín ar aghaidh ag obair agus ag scríobh.

Fuair sé stróc arís i mí Nollaig 1922, agus bhí air éirí as an pholaitíocht. I mí Márta 1923, bhuail stróc eile é, agus bhí air fanacht sa leaba agus ní raibh sé ábalta caint. Fuair sé bás ar 21 Eanáir, 1924.

Tá corp Leinín le feiceáil i Másailéam Leinín, i Moscó inniu.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Leinin". Dáta rochtana: 2022.