Nioclás II na Rúise

(Athsheolta ó Nioclás II)

B'é Nioclás II (Rúisis: Николай II) (18 Bealtaine, 186817 Iúil, 1918) Sár deireanach na Rúise. Chaill sé a choróin sa bhliain 1917, tar éis Réabhlóid na Feabhra, agus chuir Léinín agus an páirtí Boilséiveach é chun báis sa bhliain 1918, i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair.[1]

Nioclás II na Rúise
Nicolas II de russie.jpg
Guth
ball de Chomhairle Stáit Impireacht na Rúise


Ard-Diúc na Fionlainne

Samhain 1, 1894 (Iúlach) - Márta 15, 1917
Alastair III na Rúise - luach ar iarraidh →
Rí na Polainne

Samhain 1, 1894 (Iúlach) - Samhain 5, 1916 (Iúlach)
Alastair III na Rúise - luach ar iarraidh →
Impire na Rúise Uile

Samhain 1, 1894 (Iúlach) - Márta 2, 1917 (Iúlach)
Alastair III na Rúise - Ard-Diúc Michael Alexandrovich na Rúise
Saol
Ainm iomlánНиколай Александрович
Eolas breithePushkin (en) Aistrigh, 6 Bealtaine 1868 (sa féilire Iúil), 18 Bealtaine 1868
NáisiúntachtImpireacht na Rúise
Áit chónaitheAlexander Palace (en) Aistrigh
BásYekaterinburg, 17 Iúil 1918
Áit adhlacthaPeter and Paul Cathedral (en) Aistrigh
Cúis bháisdúnmharú (tráma balaistíoch)
Muintir
AthairAlastair III na Rúise
MáthairMaria Feodorovna (Dagmar of Denmark)
Céile/CéilíAlexandra Feodorovna (en) Aistrigh  (Samhain 26, 1894 -  luach anaithnid)
Páirtí/PáirtitheMathilde Kschessinska (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
TreibhHolstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Rúisis
An Ghearmáinis
an Béarla
An Danmhairgis
an Fhraincis
MúinteoiríIvan Zhdanov (en) Aistrigh
Gairm
Gairmmonarc agus uasal
Áit oibreCathair Pheadair
Duaiseanna
enllaç= Order of St. Andrew
enllaç= Order of St. George, 4th class
enllaç= Order of St. Vladimir, 4th class
enllaç= Order of Saint Alexander Nevsky
enllaç= Order of the White Eagle
enllaç= Order of Saint Anna, 1st class
enllaç= Order of Saint Stanislaus, 1st class
enllaç= Ord an Ghairtéir
enllaç= Grand Cross of the Order of the Bath  (1916)
enllaç= Knight Grand Cross of the Royal Victorian Order
enllaç= Grand-croix de la Légion d'honneur‎
enllaç= Knight Grand Cross in the Order of the Netherlands Lion
enllaç= Royal Order of the Seraphim
enllaç= Order of the Elephant
enllaç= Order of the Black Eagle
enllaç= Order of the White Falcon
enllaç= Order of Ludwig I
enllaç= Order of Saint Hubert
enllaç= Order of the Wendish Crown
enllaç= House and Merit Order of Peter Frederick Louis
enllaç= [[]]
enllaç= Order of Fidelity
enllaç= Knight Grand Cross of the Order of Saint Stephen of Hungary
enllaç= Knight Grand Cross in the Order of the Holy Sepulchre
enllaç= Order of the Most Holy Annunciation
enllaç= Knight Grand Cross of the Order of Saints Maurice and Lazarus
enllaç= Knight grand cross of the order of the crown of Italy
enllaç= Gold Medal of Military Valour
enllaç= Knight of the Order of the Golden Fleece
enllaç= Grand Cross of the Order of Christ
enllaç= Order of the Star of Romania
enllaç= Order of Saints Cyril and Methodius
enllaç= Order of St Alexander
enllaç= Order of St. Sava
enllaç= Order of Prince Danilo I, 1st class
enllaç= Grand Cross of the Order of the Southern Cross
enllaç= Order of Solomon
enllaç= Order of the Rising Sun, 1st class
enllaç= Order of the Royal House of Chakri
enllaç= Order of Osmanieh
enllaç= Collar of the Supreme Order of the Chrysanthemum
enllaç= Order of St. George
enllaç= Order of Leopold
enllaç= Order of the Dannebrog
enllaç= Order of the Crown
enllaç= Order of Saint Stephen of Hungary
Equestrian Order of the Holy Sepulchre
enllaç= Order of Saints Maurice and Lazarus
enllaç= Order of the Crown of Italy
enllaç= Medal of Military Valour
enllaç= Order of the Golden Fleece
enllaç= Order of Christ
enllaç= Order of the Redeemer
enllaç= Order of Carol I
enllaç= Order of Prince Danilo I
enllaç= Order of the Southern Cross
enllaç= Order of the Rising Sun
enllaç= Order of the Double Dragon
Order of noble Bukhara
enllaç= Order of Saint Stanislaus
Ainmníodh é/í le haghaidh
Féile
17 Iúil
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataImperial Russian Army (en) Aistrigh
Céimcoirnéal
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Cheartchreidmheach na Rúise
Ceartchreidmheach an Oirthir
IMDbnm0874739
Nicholas II Signature.svg

B'é an t-ainm iomlán a bhí air Nikolai Aleksandrovich Romanov (Rúisis: Николай Александрович Романов), ach thugtaí Nioclás II, Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise. Tugtar na leasainmneacha An Mairtíreach Nioclás agus Nioclás Fuilteach air freisin.

Lena mháthair sa bhliain 1870

Tús a shaoilCuir in Eagar

Rugadh Nioclás i gCathair Pheadair sa Rúis sa bhliain 1868. B'iad Impire Alastair III agus a bhean chéile Banimpire Maria Fyodorovna (iar-Bhanphrionsa na Danmhairge, Dagmar) a thuismitheoirí.

B'é Alastair II a sheanathair, agus Maximilienne Wilhelmine Marie ó Hessen agus an Réin a sheanmháthair. Athair dian ab ea Alastair III, agus cheap sé go raibh Nioclás rófhaiteach. Fuair sé bás go tobann, agus dá thoradh sin, ní raibh Nioclás ullmhaithe an choróin a ghlacadh.

Thit Nioclás i ngrá le Banphrionsa Alexandra (Alix) ó Hessen agus an Réin, ach ní raibh a athair sásta leis an mbean seo mar Bhanimpire. B'fhearr le hAlastair go bpósfadh sé banphrionsa ó rítheaghlach Orleans, ó bhí an Sár díreach i ndiaidh comhghuaillíocht nua a shocrú leis an bhFrainc. Sa deireadh, áfach, fuair Nioclás cead óna athair Alix a phósadh.

 
1898

SárCuir in Eagar

Fuair Nioclás an choróin sa bhliain 1894, agus phós sé Alexandra ar an 26ú lá de Mhí na Samhna sa Phálás Geimhridh. Saolaíodh cúigear páistí dóibh, mar atá, Olga, Tatiana, Maria, Anastasia, agus Alexei.

Ní raibh tús maith ag Nioclás mar Shár, nó fuair míle duine bás ag an gcorúnú i Moscó, i dtubaiste Khodynka.

Bhí fadhb aige lena mhac Alexei, a rugadh ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa sa bhliain 1904. B'é Alexei a bheadh ina Shár i ndiaidh a athar, ach fuair siad amach go raibh haemaifilia air. Galar contúirteach is ea í inniu féin, ach bhí sí i bhfad ní ba chontúirtí sna laethanta seo. Ní raibh aon leigheas ann, agus d'fhaigheadh na hothair bás go hóg. Níor mhaith leis an lánúin Impiriúil scaoll a chur sna daoine, agus mar sin, ní dúirt siad a dhath faoi ghalar Alexei le haon duine taobh amuigh den teach.

Bhí an Banimpire Alexandra ag éirí éadóchasach faoi Alexei. An manach rúndiamhrach a bhí ina cheanán ag an teaghlach Impiriúil, Grigori Rasputin, thug sé le fios go raibh sé in ann maolú ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur tháinig an chabhair seo go díreach ó Dhia agus gur fear naofa a bhí i Rasputin.

Mar sin, d'éirigh le Rasputin an-údarás a fháil i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairlí polaitiúla. Níor thaitin seo le cách san Impireacht, agus bhí scéalta náiriúla faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing míchlú ar an lánúin Impiriúil.

 
1917 mar phriosúnaí

RéabhlóidCuir in Eagar

Bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914, agus chuaigh Nioclás chun troda sa chéad bhliain eile. Sa bhaile, áfach, thosaigh an chosmhuintir ag dul chun míshuaimhnis, agus an dóigh a ndeachaigh an geilleagar i laige, gan aon trácht ar an mbia a bheith ag rith gann.

Briseadh an cath ar an arm i Mí an Mheithimh sa bhliain 1916, agus bhí tionchar dona ag an nuacht seo ar chúrsaí polaitíochta na tíre freisin.

Ar feadh tamaill, b'í an Banimpire Alexandra a bhí i gceannas ar an tír, agus Rasputin ag tabhairt comhairle di. Chuaigh údarás Rasputin go mór mór isteach ar chuid mhór de na Rúisigh, agus sa deireadh thiar thall, dúnmharaíodh é.

Bhí Cathair Pheadair lán lucht oibre agus saighdiúirí a chuaigh ar stailc, agus sa deireadh, bhris Réabhlóid na Feabhra amach sa bhliain 1917. Bhí ar Nioclás an choróin a thabhairt suas.

Leis an eachtra seo a cuireadh deireadh leis an rialtas Impiriúil sa Rúis, a bhí á rialú ag rítheaghlach Romanov le trí chéad bliain anuas.

 
an teaghlach sa bhliain 1914

FeallmharúCuir in Eagar

Chuir an Rialtas Sealadach nua Nioclás agus a chlann i bPalás Alastair in aice le Cathair Pheadair. I mí Lúnasa 1917, cuireadh go dtí an tSibéir iad, mar cheap Alexander Kerensky, Príomh-Aire an Rialtais Shealadaigh, go mbeidís ní ba sábháilte ansin. B'ansin a bhí siad ag fanacht le linn Réabhlóid Dheireadh Fómhair freisin.

Tar éis bhua Léinín, tugadh go dtí Yekaterinburg iad, áit ina raibh an tArm Dearg agus na Boilséivigh láidir. San oíche 17 Iúil 1918, maraíodh an teaghlach ar fad, an Sár, a bhean agus a gcúigear clainne.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Réabhlóid na Rúise le Aindrias Ó Cathasaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-03-14.



Ceannairí na Rúise
    Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

      An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

  Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev