Vlaidímír Leinín
Réabhlóidí Cumannach as an Rúis ab ea Vlaidímír Ílíts Leinín (Rúisis: Влади́мир Ильи́ч Ле́нин), nó Leinín de ghnáth, agus Lenin i mBéarla (22 Aibreán 1870 – 21 Eanáir 1924). Ceannaire an pháirtí Bhoilséivigh ab ea é chomh maith, agus an chéad cheannaire ar Aontas na Sóivéadach tar éis Réabhlóid Dheireadh Fómhair sa bhliain 1917.
Tús a shaoil
cuir in eagarSaolaíodh Vlaidímír Ílídts Úliánov in Simbirsk, cathair cois abhainn Volga. D'athraigh sé a shloinne ó Úliánov (Rúisis: Улья́нов) go Leinín níos déanaí, ach níl aon eolas ann maidir leis an bhfáth ar roghnaigh sé an t-ainm Leinín. Is tuairim amháin é gur thóg sé an t-ainm ón abhainn Lena, ach níor fhág Leinín aon eolas cinnte faoi seo.
Mac le hIlya Nikolaevich Ulyanov (1831 - 1886) ab ea é, oibrí státseirbhíse a bhí i bhfabhar le daonlathas agus oideachas saor. Bhí máthair liobrálach ag Leinín, Maria Alexandrovna Blank (1835 - 1916). Bhí dúchas measctha aige; Gearmánach, Cailmíc agus Giúdach. Ba bhall den Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise é.
Mac léinn cliste ab ea Leinín, agus bhí suim aige i Laidin agus Gréigis. Bhí dhá thubaiste i saol Leinín mar bhuachaill óg, agus bhí tionchar mór acu air. Ar dtús, fuair a athair bás sa bhliain 1886. An bhliain ina dhiaidh, crochadh a dheartháir Alexander Ulyanov mar ghlac sé páirt i scéim chun Sár Alastar III a mharú. D'athraigh na heachtraí seo saol Leinín go deo, agus as seo amach bhí dearcadh réabhlóideach aige.
Thosaigh sé ag déanamh staidéar ar Karl Marx agus Nikolai Chernyshevsky sa bhliain 1887, d'fhág sé an mheánscoil agus chuaigh sé isteach in Ollscoil na Cazáine mar mhac léinn dlí in Ollscoil na Cazáine sa bhliain 1887, cuireadh amach é tar éis tamaillín mar gheall ar a ghníomhaíochas polaitiúil radacach.[1]
Seoladh amach é ar dheoraíocht, ach tháinig Leinín ar ais go Kazan i 1888, agus thosaigh sé ag buaileadh leis na ngrúpaí Marxacha. Sa bhliain 1889, bhog Léinin chun chónaigh i Samara, agus i 1890 d'aistrigh sé Forógra an Pháirtí Chumannach go Rúisis.
Lean Leinín ar aghaidh ag staidéar dlí ina aonar. Sa bhliain 1890, mar mhac léinn seachtrach, fuair sé céim sa dlí le céadonóracha ó Ollscoil Impiriúil Chathair Pheadair (Ollscoil Stáit Chathair Pheadair faoi láthair). Bronnadh ceadúnas dlí air chomh maith.
Bhí Leinín ina chúntóir dlí i Samara ar feadh 1890-1893 ina dhiaidh sin, Tar éis dó bogadh go Cathair Pheadair sa bhliain 1893, ina chúntóir do dhlíodóir ansin.
An réabhlóidí
cuir in eagarI Samara, léigh Leinín teagasc Marx do dhaoine, agus shocraigh sé cruinnithe leis na h-oibrithe. Thosaigh sé ag úsáid an t-ainm Leinín ag an am seo, agus ba cheannaire é ar na Daonlathaí Sóisialta Chathair Pheadair.
D'fhoilsigh Leinín a chéad phaimfléad, agus chuaigh sé ar a chéad turas thar lear i 1895, go dtí an Eilvéis. Bhuail sé le Georgi Plekhanov, agus a ghrúpa "Emancipation of Labour". Chuaigh sé go dtí Beirlín agus Páras chomh maith.
Nuair a fhill Leinín abhaile go Cathair Pheadair, bhunaigh sé Conradh 'Saoirse an Lucht Oibre'. Sheol sé amach páipéir réabhlóideacha, agus gabhadh é ar 7 Nollaig 1895 toisc gur cheannaire ar chill de chuid an Mharxachais réabhlóidigh é. Sa bhliain 1897 díbríodh go dtí Shushenskoye na Sibéire ar feadh trí bliana é. As sin amach, bhí Leinín ina scríbhneoir, ina ghníomhaí polaitiúil agus ina cheannaire réabhlóideach.[1]
Níor stad Leinín den obair sa tSibéir. D'fhoilsigh sé litríocht réabhlóideach sa bhliain 1897, agus a obair mhór Forbairt an Chaipitleachais Rúisigh, i mí Aibreáin 1899. Sa bhliain 1898, bhuail Leinín le Nadezhda Konstantinovna Krupskaya, agus pósadh iad i mí Iúil.
I 1900, bhí a phianbhreith críochnaithe aige agus thaistil sé ar fud na Rúise agus na hEorpa, mar shampla Zurich, An Ghinéiv, München, Prág, Vín agus Londain.
Sa Ghearmáin, bhunaigh sé an nuachtán Iskra ("spréach") le cabhair ó Phlekhanov i Munchen. Páipéar réabhlóideach ab ea é, chun a theachtaireacht a scar amach. Bhí Leinín i bhfabhar le 'daonlathas sóisialta', in áit 'daonlathas polaitiúil' (mar i 'daonlathas polaitiúil' bíonn an chumhacht ag na daoine meánaicmeacha, agus 'dúshaothrú' ar na hoibrithe). D'fhoilsigh Leinín na smaointe seo i 1902 sa pahimfléad Cad Atá Le Déanamh.
Ag an am céanna, thosaigh Leinín ag eagrú na mBoilséiveach i bPáirtí Daonlathach Sóisialta na nOibrithe. Ciallaíonn Boilséiveach "móramh", agus Meinséiveach "mionlach". Tháinig na téarmaí nua seo i bhfeidhm ag an Dara Comhdháil i 1903. Go bunúsach, thacaigh na Boilséivigh an lámh láidir agus bhí na Meinséivaigh i gcoinne. Bhuaigh Leinín agus na Boilséivigh, ach chaill sé roinnt tacaíocht agus d´fhág sé Iskra ar 1 Samhain.
Mar gheall ar an réabhlóid san Rúis i 1905 agus 1906, d’aontaigh an Sár parlaimint nua a bhunaigh sa tír. Ní raibh a lán cumhacht ag an bparlaimint nua, ach bhí Leinín ábalta é a úsáid chun a smaointe a scar amach.
1905
cuir in eagarBhunaigh sé nuachtán nua, Vperyod! (Ar aghaidh!) sa Ghinéiv i 1905. Chuaigh Leinín go dtí an Fhionlainn i 1907, mar bhí imní air nach raibh sé sábháilte sa Rúis. Lean sé ar aghaidh ag scríobh i gcónaí; foilsíodh Materialism and Empirio-Criticism i Moscó i 1908. Chuaigh sé go dtí an Eilvéis arís, agus go dtí An Fhrainc. I 1912, chuaigh sé go dtí Kraków chun obair leis an bpáipéar Boilséiveach Pravda (Fírinne). Bunaíodh an páirtí nua Boilséiveach i bPrág. Cuireadh cosc ar Pravda san Rúis i gceann tamaill. Bhí cruinniú ag in Kraków i 1914, ach bhris amach an Chéad Chogadh Domhanda agus chuir na h-Ostaraigh Leinín i bpríosún. Bhí sé ábalta dul ar ais go dtí an Eilvéis, an t-aon tír amháin a bhí neodrach. Thosaigh sé ag scríobh arís, agus d’iarr sé ar na Boilséivigh fanacht amach as an gcogadh. Ghlac Leinín páirt sa chomhdháil i Zimmerwald, in aghaidh na cogaíochta, i 1915.
An réabhlóid
cuir in eagarThosaigh an chéad chéim den réabhlóid, Réabhlóid na Feabhra i 1917, nuair a tharla éirí amach i gCathair Pheadair. D'éirigh Sár Nioclás II as, agus tháinig an Rialtas Sealadach isteach ina áit, le hAlexander Kerensky mar cheannaire.
Cháin Leinín an rialtas liobrálach nua i bPravda ar 16 Aibreán, agus dúirt sé gur ba cheart réabhlóid sóisialach a eagrú. Fuair sé cabhair ó rialtas na Gearmáine, a bhí ag troid i gcoinne an Rúis sa chogadh agus bhí sé in ann filleadh abhaile faoi rún. Shroich sé Cathair Pheadair ar 16 Aibreán, agus bhí slua mór tacaithe ag fanacht leis ag an Stáisiún Traenach na Fionlainne sa chathair.
Ghlac Leinín páirt san éirí amach i mí Iúil. Theip air agus bhí ar Leinín éalaigh go dtí an Fhionlainn arís. Ach bhí a lán tacaíochta aige fós san Rúis, agus tháinig Leinín ar ais go dtí Cathair Pheadair i mí Deireadh Fómhair agus thosaigh an Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhuaigh na Boilséivigh, agus thit an Rialtas Sealadach as a chéile ar an 7 Samhain, 1917. Bhunaigh sé rialtas na n-oibrithe ar an 8 Samhain, agus bronnadh an teideal "Cathaoirleach Choiste Choimeasáir na bpobail" ar Leinín.
Leinín i gcumhacht
cuir in eagarBhailigh Leinín na grúpaí réabhlóideacha go léir le chéile, chun an Páirtí Cumannach a chruthú. Shínigh sé an Conradh Brest-Litovsk chun deireadh a chur leis an gcogadh. I mí Lúnasa 1918, thóg sé an t-ordú chun Sár Nioclás II agus a chlann ar fad a chuir chun báis, mar bhí tacaíocht acu ó na Bánaigh (Meinséivigh) fós. Ar 30 Lúnasa, rinne Fanya Kaplan ón Páirtí Réabhlóideach Sóisialach iarracht Leinín a mharú, ach tháinig Leinín slán as. Mar thoradh, thosaigh Leinín An Sceimhle Dearg, agus bailíodh gach duine a bhí ina “namhaid an stát” agus seoladh iad go bpríosún.
Bhí na Bánaigh fós i gcoinne Leinín, agus bhí a lán tacaíochta acu. Bhí ar Leinín an t-Arm Dearg a eagrú.
APSS
cuir in eagarI mblianta tosaigh riail na Sóivéadach, bhí an-tionchar ag an gciall a bhain Leinín as coinceap de chuid Marx "dul i léig an stáit" nuair a cealaíodh gach dlí a bhí ann roimhe sin agus a cuireadh "tuiscint sóisialach ar an gceartas" ina n-áit.[1]
Chomh maith le bheith ina bheartaí don Sceimhle Dearg, rinne Leinín maoirseacht agus córas dlí ní ba thraidisiúnta á cruthú, mar ghné de bhunú Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha sa bhliain 1922, ar mhair a phríomhlínte fad is a bhí APSS féin ann.[1]
Ag an am céanna, bhí cumhacht Ióisiaf Stailín ag fás freisin. Thacaigh Stailín Leinín ar dtús, agus bhí Leinín sásta le obair Stailín i rith an chogaidh chathartha. Ach i gceann tamaill, chonaic Leinín gurb duine contúirteach é Stailín, agus rinne sé iarracht é a chur as an rialtas.
Bás
cuir in eagarI mí Bealtaine 1922, bhuail stróc Leinín, agus cuireadh pairilis air. Ach lean Leinín ar aghaidh ag obair agus ag scríobh.
Fuair sé stróc arís i mí Nollaig 1922, agus bhí air éirí as an pholaitíocht. I mí Márta 1923, bhuail stróc eile é, agus bhí air fanacht sa leaba agus ní raibh sé ábalta caint. Fuair sé bás ar 21 Eanáir, 1924.
Tá corp Leinín le feiceáil i Másailéam Leinín, i Moscó inniu.