Is í München (Minga i gcanúint na Baváire, Munich as Béarla) príomhchathair na Baváire, an ceann is faide ó dheas de stáit fheidearálacha na Gearmáine. Tá an chathair suite cois abhann an Isar, ar craobhacha í de chuid na Danóibe.

Infotaula de geografia políticaMünchen
München (de) Edit the value on Wikidata
Flag of Munich (striped).svg Muenchen Kleines Stadtwappen.svg
Frauenkirche and Neues Rathaus Munich March 2013.JPG
Edit the value on Wikidata

Aintiún Solang der alte Peter (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Ainmnithe in ómós manach Edit the value on Wikidata
Suíomh
Bavaria M (town).svg Edit the value on Wikidata
 48°08′15″N 11°34′30″E / 48.1375°N 11.575°E / 48.1375; 11.575
Stát ceannasachAn Ghearmáin
Stát sa GhearmáinAn Bhaváir
RegierungsbezirkUpper Bavaria (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 1,488,202 (2021) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 310.71 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Isar, Isar-Werkkanal (en) Aistrigh, Würm, Eisbach (en) Aistrigh, Auer Mühlbach (en) Aistrigh, Kleinhesseloher See (en) Aistrigh, Dreiseenplatte (en) Aistrigh, Kleine Isar (en) Aistrigh, Nymphenburg Canal (en) Aistrigh agus Schwabinger Bach (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Airde 519 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Munich (en) Aistrigh (Eanáir 1, 1880)
Dachau county (en) Aistrigh (Aibreán 1, 1938)
Fürstenfeldbruck (en) Aistrigh (Aibreán 1, 1942)
Garching bei München (en) Aistrigh
Q55278376 Aistrigh (Iúil 1, 1862-Nollaig 31, 1879)
Q55278629 Aistrigh (Iúil 1, 1862-Nollaig 31, 1879) Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 1158
Éarlamh Benno (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Mayor of Munich (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Dieter Reiter (en) Aistrigh (Bealtaine 1, 2014) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad 7,200,000,000 € (2018) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 80331–81929 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 089 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin stadt.muenchen.de Edit the value on Wikidata

Tá tuairim is 1.35 milliún duine ina gcónaí i München, agus dá bharr sin, is í München an tríú cathair is mó sa Ghearmáin, tar éis Bheirlín agus Hamburg. Tá München suite 50 ciliméadar ó na hAlpa Baváracha sa Bhaváir Uachtarach, 520 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Ailtireacht agus BonneagarCuir in Eagar

 
Marienplatz agus an Neues Rathaus

Is é Marienplatz príomhchearnóg na cathrach. Is ann atá an foirgneamh cáiliúil, an Neues Rathaus (an Halla Baile Nua). Tá an Sean-Halla Baile (Altes Rathaus) ina sheasamh in aice leis. Tá trí gheata cathrach inniu ann, an Sendlinger Tor, an Isartor, agus an Karlstor in aice leis an gcearnóg mhór Karlsplatz (nó Stachus, mar a thugann muintir na háite uirthi). Tá Pálás Nymphenburg ar cheann de na seanfhoirgnimh is mó a tharraingíonn cuairteoirí go München, agus tá sé ar cheann de pháláis mhóra ríoga na hEorpa. Tá sé suite in iarthar na cathrach, i gceantar Neuhausen-Nymphenburg. Ba é an Prionsa Toghthóra (Kurfürst) Ferdinand Maria a thóg an pálás sa bhliain 1664, agus bhí sé ceaptha mar bhronntanas dá bhean chéile Adelheid, toisc go raibh sí díreach tar éis oidhre a bhreith dó.

IomparCuir in Eagar

Chomh maith le tramanna agus busanna ar fud na cathrach, tá córas traenach ann, ar a dtugtar an "S-Bahn". Is é "Stadtbahn" is ciall leis an ngiorrúchán seo - "iarnród na cathrach". Téann an S-Bahn amach chuig na bruachbhailte, chomh maith le córas traenach faoi thalamh le sé líne, an "U-Bahn". Is é príomhstáisiún traenach München (nó an Hauptbahnhof) an dara stáisiún is mó sa Ghearmáin, tar éis stáisiún Frankfurt.

aerfort mór ag an gcathair freisin, agus eitiltí ar fud an domhain ar fáil ann.

Bhí tuairt eitleáin i Flughafen München-Riem ar 6 Feabhra 1958; maraíodh cuid na foirne sacair Manchester United Football Club.

SpórtCuir in Eagar

 
An Olympiagelände

Is as München don chlub sacair FC Bayern München. Imríonn siad a gcuid cluichí san Allianz Arena. Imríodh cuid de na cluichí i gCorn an Domhain san Arena sa bhliain 2006.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl sa chathair sa bhliain 1972.[1][2] Ar an 5/7 Meán Fómhair 1972, maraíodh 11 ón Iosrael ag na Cluichí Oilimpeacha. Fuair cúigear de chuid Black September agus póilín Gearmánach bás freisin.

Is áit tharraingteach do thurasóirí é an sráidbhaile Oilimpeach, an Olympiagelände nó an Olympiapark.

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Mártan Ó Ciardha (1972). "I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.
  2. "An lá eile a fuair mé amach go raibh duine de na comharsana ina lúthchleasaí Oilimpeach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.