I 1923, rinne Adolf Hitler agus an NSDAP iarracht ceannairc a eagrú, i München, nó Putsch an Halla Leanna (nó Putsch an Halla Beorach). Theip orthu.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPutsch an Halla Leanna
Íomhá
Map
 48°07′49″N 11°35′31″E / 48.1304°N 11.592°E / 48.1304; 11.592
Cineáliarracht coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósErich Ludendorff Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse8 - 9 Samhain 1923
Dáta na bliana9 Samhain 1923 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMünchen, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht Weimar Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Bürgerbräukeller, Münchenː 8 Nollaig 1923

D'fhéach Páirtí Naitsíoch Hitler le coup a dhéanamh ar 8 - 10 Nollaig 1923 i gcoinne Phoblacht Weimar sa Ghearmáin. Cuireadh an t-éirí amach faoi chois go mear. Maraíodh 16 Naitsí agus gearradh priosúnacht 8 mí ar Hitler.[3]

Erich Ludendorff, Cárta phoist, ca 1915 -1917

Imeachtaí cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

I Mí na Samhna den bhliain 1923, rinne Hitler agus lucht a thacaíochta an chéad iarracht an chumhacht a ghabháil le láimh láidir - i München, príomhchathair na Baváire i ndeisceart na tíre.

Faoin am sin, bhí an tír trí chéile i ndiaidh an chogaidh is na réabhlóide i gcónaí, agus an triúr fear is cumhachtaí sa Bhaváir (na Ginearáil Otto von Lossow agus Gustav von Kahr, chomh maith le Ceannasaí na bPóilíní, Hans von Seisser) ag diúltú Ard-Cheannasaí an Airm, Hans von Seeckt, faoina ndílseacht, cionn is nach raibh siad sásta comhoibriú le rialtas Daonlathach Sóisialach Ebert i mBeirlín.

 
Rannpháirtithe i bPutsch an Halla Beorach.

Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh Lossow agus Kahr ag beartú ionradh ar Bheirlín le rialtas Ebert a ruaigeadh as oifig, chun deachtóireacht náisiúnta mhíleata a chur ina áit. Ní raibh de locht ag Hitler ar na pleananna seo ach an cuireadh nach bhfuair sé féin chuig an gcóisir.

8 Nollaig cuir in eagar

Tháinig lucht leanúna Kahr agus Lossow le chéile (timpeall 3,000 duine) i mBeoirhalla na Saoránach - an Bürgerbräukeller - le cluais éisteachta a thabhairt do na ceannasaithe agus iad lena straitéis a leagan síos dá gcuid tacadóirí.

Ansin mháirseáil Hitler isteach lena chuid gardaí armtha féin. Iarshaighdiúirí de chuid na Saor-Chór a bhí ann sa chuid ba mhó, agus ainm an SA, "na díormaí stoirme" nó "na díormaí ruathair", baiste ag Hitler orthu.

Ba iad lámh láidir na Sóisialaithe Náisiúnta iad - nó sin é an t-ainm (NSDAP, Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, Páirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine) a thug Hitler ar a pháirtí nuair a tháinig sé i gceannas air. Ní ábhar adhnua a bhí i ngardaí armtha de chuid páirtithe polaitíochta sa Ghearmáin sa tréimhse chorrach sin. Bhí "arm" príobháideach den chineál seo - Reichsbanner - ag na Daonlathaigh Shóisialacha féin, mar shampla.

 
Otto von Lossow, 1923

Shealbhaigh Hitler an t-ardán sa Bürgerbräukeller agus chuaigh sa chrannóg le tús na réabhlóide náisiúnta a fhógairt don phoiblíocht. Ó bhí fios a leasa féin ag Lossow agus Kahr, ní raibh aon mhoill orthu tacaíocht a mhionnú do Hitler, bagarthach is uile mar a bhí a chuid ceithearnach ag breathnú orthu.

Bhí comhghuaillí láidir ag Hitler le linn ghabháil seo na cumhachta - Erich Ludendorff, iar-Ard-Cheannasaí an Airm, a raibh cuid mhór saighdiúirí agus iarshaighdiúirí dílis dó i gcónaí. Mar sin, bheadh seans éigin ag Hitler an iarracht seo féin a chumhacht a bhuanú i München.

D'fhág Hitler áiméar, áfach, ag Lossow is ag Kahr a n-éalú a dhéanamh ó Halla na Beorach. Go sciobtha fuair Hitler é féin in achrann leis na fórsaí a d'earcaigh an bheirt sin chun é a stopadh. Nuair a chonaic sé an claochlú seo ag teacht ar na cúrsaí, thit an drioll ar an dreall aige, agus b'éigean do Ludendorff é a bhladar chun a chuid fórsaí a shlógadh amuigh agus ruathar máirseála a thabhairt faoi lárionaid na cumhachta sa chathair lena thaispeáint go raibh sé i ndáiríre.

9 Nollaig cuir in eagar

Le linn na máirseála, tháinig póilíní Lossow agus Kahr in araicis fhórsaí Hitler, agus d'éirigh ina chath lámhaigh idir an dá dhream. Nuair a bhí an teagmháil thart, bhí 16 duine de chuid Hitler marbh, maille le ceathrar de na constáblaí, agus Hitler féin ag éalú béal a chinn.

Gabháil cuir in eagar

Chaith Hitler dhá lá ar a theitheadh in Uffing, taobh amuigh de chathair Mhünchen, ach ansin rugadh air agus caitheadh i dtóin phríosúin é in oirchill na próise dlí.

Bhí Hitler i bponc anois. Ba léir go gcuirfí ardtréas ina leith, agus dá gcruthófaí a chiontacht sa choir seo - agus b'éadócha nach gcruthófaí, ó bhí a fhios ag madraí an bhaile gurbh eisean a bhí i gceannas ar na ceannairceoirí -, bheadh a chosa nite. Ba é an bás an pionós ba thúisce a ghearrfaí ar réabhlóideach a bhí i ndiaidh diúltú don údarás dlisteanach agus póilíní maraithe aige. Ar an drochuair don uile dhomhan, thiontaigh sé amach nach raibh port Hitler seinnte go fóill.


Cás cúirte agus príosún cuir in eagar

I ndeireadh Mhí Feabhra den bhliain 1924 a fuair Hitler é féin os coinne an dlí i München. Bhí an t-ádh leis gurbh iad Kahr, Lossow agus Seisser príomhfhinnéithe na gcúisitheoirí.

D'aithin an tuathghríosóir mór ar an toirt an gaisneas a thiocfadh leis a bhaint as seo. Ar dtús chuir sé i gcuimhne do na finnéithe, má bhí sé féin ciontach i gcoir thromchúiseach an ardtréasa, nár thaise don triúr acu féin é. Nach raibh siadsan i ndiaidh píosa maith bealaigh a chur isteach in éineacht leis féin ag tógáil uisce faoi thalamh agus ag ullmhú gabháil cumhachta go dtí gur éirigh idir é agus iadsan go gairid roimh lá an chaighdeáin? Nach raibh a gcuid féin den mhilleán orthu i gcónaí?

B'éigean don bhreitheamh a admháil go raibh an ceart ag Hitler. Nuair a chrom Hitler ar a ghnáthmhórtas a dhéanamh as an tírghrá mór a thug air páirt a ghlacadh sa cheannairc, fuair sé bá agus bualadh bos na poiblíochta, agus iad ag léiriú a dtuisceana is a dtacaíochta dó go hoscailte. Thairis sin, tharraing sé na sluaite móra iriseoirí ó gach cearn den tír go München, agus iad ag tógáil grianghrafanna is ag craobhscaoileadh an scéil ar fud na Gearmáine.

 
1 Aibreán 1924ː Ludendorff, Röhm agus Hitler

Bhí ainm Hitler i mbéal an náisiúin, agus b'ansin a d'fhan sé go lá a bháis. Gaireadh laoch náisiúnta de, a bheag nó a mhór; agus ní fhéadfadh an breitheamh gan géilleadh don bhrú ó chóip na sráide. Mar sin, ní bhfuair sé ach an téarma ba ghiorra príosúnachta a bhí ar leabhar an dlí, is é sin, cúig bliana, agus le fírinne, ligeadh saor as an bpríosún Landsberg é ar an 20 Nollaig 1924.

Nuar a tháinig Hitler amach as an bpríosún, thug sé le fios go mímhacánta gur daonlathaí é.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Stiftung Deutsches Historisches Museum. "Gerade auf LeMO gesehen: LeMO Kapitel: Weimarer Republik" (de). www.dhm.de. Dáta rochtana: 2020-12-08.
  2. DEREK SCALLY. "Marking a date ringing in history not once but four times" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-08.
  3. centenaries.ucd.ie. "Decade of Centenaries".