Grigoriy Rasputin
Bráthair siúil ab ea Grigoriy Yefimovich Rasputin (Gaelaithe uaireanta mar Raspúitín) a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na Rúise, Nioclás a Dó.
(1916) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Григорий Ефимович Распутин |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 9 Eanáir 1869 (Iúlach) Pokrovskoye (Impireacht na Rúise) |
Bás | 30 Nollaig 1916 47 bliana d'aois Cathair Pheadair (Impireacht na Rúise) |
Siocair bháis | Dúnbhású (Bá agus tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Khlysts (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | misteach, tuathánach, polaiteoir, diamhraí, manach |
Teangacha | An Rúisis agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Praskovia Fyodorovna Dubrovina |
Páiste | Maria Rasputin |
Rugadh Rasputin ar an 22 Eanáir, 1869 (ar an 10 Eanáir, de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir. Dúnmharaíodh Rasputin i gCathair Pheadair ar an 30 Nollaig, 1916.
Finscéalta
cuir in eagarBíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt.
Mar shampla
- Deirtear gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh dá chuid cluanaireachta
- De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir.
- Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an haemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an Impire.
Sloinne coitianta é Rasputin sa Rúis, go háirithe sa tSibéir. Is dealraitheach nach bhfuil gaol ar bith ag an scríbhneoir Valentin Rasputin leis an mbráthair siúil.
Dúnmharú
cuir in eagarGo dtí le déanaí, chreidtí gurbh é an Prionsa Feliks Yusupov a mharaigh Rasputin i gcomhcheilg le dornán comhchoirithe. Fear uasal Rúiseach a bhí ann agus é míshásta leis an tionchar a bhí ag leithéid Rasputin ar an Impire agus ar a bhean chéile ach go háirithe.
I ndiaidh bhás Rasputin, bhí Yusupov agus a chuid comhchoirithe ag cumadh scéalta áiféiseacha faoi chomh deacair is a fuair siad an bráthair siúil a mharú, agus iad ag iarraidh é a nimhiú le ciainíd, é a lámhach le piostail agus é a chnagadh le smachtíní. Chinn siad é a bhá in Abhainn Moika, ceann de na haibhneacha atá ag sní trí Chathair Pheadair.
De réir na fianaise atá ann inniu, áfach, ba é an Leifteanant Oswald Rayner, spiaire Sasanach a raibh aithne aige ar Yusupov, a scaoil an t-urchar a bhuail éadan Rasputin agus a mharaigh ar an toirt é.