An Danmhairgis

teanga Lochlannach oirthearach a labhraítear sa Danmhairg

Is teanga Lochlannach oirthearach í an Danmhairgis (Danmhairgis: dansk); labhraítear í sa Danmhairg, in Oileáin Fharó, sa Ghraonlainn agus i Schleswig-Holstein sa Ghearmáin.

Infotaula de llenguaAn Danmhairgis
dansk
Codex Holmiensis CE 1350.jpg
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 6,000,000
Dúchasach do Schleswig-Holstein agus An Danmhairg
Stáit Ríocht na Danmhairge, An Danmhairg, Oileáin Fharó, An Ghraonlainn agus An Ghearmáin
Idioma danés.PNG
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinis Thuaidh
East Scandinavian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithe Danish Language Council (en) Aistrigh
Staidéar ag Scandinavian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 da
ISO 639-2 dan
ISO 639-3 dan
Glottolog dani1284
Linguasphere 52-AAA-cc
Ethnologue dan
ASCL 1501
IETF da

Cosúil leis na teangacha Lochlannacha eile d'fhorbair an Danmhairgis as an tSean-Lochlainnis. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis atá bunaithe ar chanúintí oirthearacha na Sean-Lochlainnise. Níor tháinig aon chineál Danmhairgis chaighdeánaithe chun saoil roimh an séú haois déag. Le teacht an Reifirméisin agus an chlóphreasa, áfach, tosaíodh ag baint úsáid an chaighdeáin as an gcineál teanga a bhí ag labhairt ag an uasaicme agus ag lucht an ardoideachais i gCóbanhávan. Chuaigh an caighdeán seo i bhfairsinge trí na scoileanna, ach má chuaigh, bhí an-ról ag an nGearmáinis agus ag an Laidin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin féin. Nuair a chaill an tír a lán tailte don tSualainn, thosaigh na tírghráthóirí ag cur na Danmhairgise chun cinn mar shiombail don dúchas Danmhargach, agus ón 18ú haois ar aghaidh bhí litríocht á scríobh agus á cruthú sa teanga. Dá réir sin, tá an chuid is mó de na canúintí traidisiúnta imithe inniu, agus iad tar éis géilleadh don teanga chaighdeánaithe.

Tá an Danmhairgis thar a bheith saibhir i ngutaí a aithnítear thar a chéile mar fhóinéimí: seacht gceann is fiche ar fad. Thairis sin, is minic nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an rud ar a dtugtar stød, cineál dath laraingeach a chuirtear le guta. Níl sé furasta cur síos a thabhairt ar an gcóras fuaimeanna seo leis na litreacha a úsáidtear sa Danmhairgis, agus mar sin níl sé éasca an fuaimniú ceart a bhaint as an teanga scríofa ach an oiread.

Ón taobh eile de tá gramadach na Danmhairgise sách simplí. Níl iarmhíreanna pearsanta ag na briathra, agus cé go raibh trí inscne sa tSean-Lochlainnis, níl ach dhá cheann sa Danmhairgis, ós rud é go bhfuil an t-idirdhealú idir an fhirinscne agus an bhaninscne imithe ar fad.


Cá labhraítear DanmhairgisCuir in Eagar

CeanadaCuir in Eagar

Sa bhliain 2011 bhí Danmhairgis ó dhúchas ag 14,145 duine i gCeanada, uimhir a bhí laghdaithe ó na 18,735 duine a raibh an teanga acu sa bhliain 2006.

An DanmhairgCuir in Eagar

Is í an Danmhairgis an teanga náisiúnta agus an teanga oifigiúil sa Danmhairg.

Oileáin FharóCuir in Eagar

I 2014 bhí an Danmhairgis ó dhúchas 1,546 (3.1 %) duine in Oileáin Fharó. Ba í an dara teanga ba choitianta in Oileáin Fharó tar éis na Faróise.

An GearmáinCuir in Eagar

Is teanga aitheanta mhionlaigh í an Danmhairgis sa Gearmáin. Is i Schleswig-Holstein atá am chuid is mó de na cainteoirí lonnaithe toisc go bhfuil an stát sin suite i gcóngar don Danmhairg. Meastar go bhfuil Danmhairgis líofa ag 10,000-20,000 duine i Schleswig-Holstein. Tá sé deacair a rá an bhfuil an teanga ó dhúchas acu siúd, nó ní bhíonn sí á labhairt sa bhaile acu - déanann an mionlach Danmhargach staidéar ar an Danmhairgis mar theanga oidhreachta, agus ní labhraíonn siad í ach i gcumainn chultúrtha Dhanmhargacha agus ag imeachtaí Danmhargacha.

An GhraonlainnCuir in Eagar

Labhraíonn timpeall ar 12% de dhaonra na Graonlainne an Danmhairgis mar chéad teanga.

S.A.M.Cuir in Eagar

De réir an American Community Survey 2006-2010 bhí an Danmhairgis ó dhúchas ag 29,085 duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí cónaí ar 21.4% (6,220 duine) de na cainteoirí Danmhairgise i gCalifornia.

TagairtíCuir in Eagar

  athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE