Séamas Ó Duibhir
Sagart Éireannach agus gníomhaí cultúrtha ba ea an tAthair Séamas Ó Duibhir (1895 – 1929). Bhíodh sé ar a dhícheall ag cur chúis na Gaeilge chun cinn in Melbourne sa chéad cuid den 20ú haois, obair a bhain go dlúth leis an tacaíocht a thug sé don phoblachtachas in Éirinn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1895 |
Bás | 4 Aibreán 1929 33/34 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saol san Astráil
cuir in eagarFuair an tAthair Séamas oiliúint mar shagart i Maigh Nuad agus oirníodh é sa bhliain 1919. Ba ghearr gur fhág sé Dúrlas Éile i gContae Thiobraid Árann chun an Astráil a bhaint amach. Tháinig sé chun Melbourne na hAstráile ar an Orsova sa bhliain 1920, agus bhí sé ina shagart cúnta i bhfobhailte Carlton, Coburg agus St Kilda Thoir. Ceapadh é mar shagart paróiste i mbaile tuaithe Trentham sa bhliain 1928.
Conradh na Gaeilge
cuir in eagarBhí an tAthair Séamas ina uachtarán ar chraobh Mhic Shuibhne de Chonradh na Gaeilge in Melbourne, craobh a bunaíodh sa bhliain 1920 agus a ainmníodh as Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí agus náisiúnach nótáilte. Ar 31 Deireadh Fómhair 1920, nuair a reáchtáil an chraobh a céad ócáid phoiblí, dúirt an tAthair Séamas in óráid gur chóir an cine Éireannach a “dhí-Shasanú”.
Ba mhúinteoir Gaeilge é agus bhí bailiúchán breá leabhar Éireannach aige a raibh cuid mhaith leabhar Gaeilge ina measc. Tá cuid díobh i seilbh an Lárionaid Acadúil i gColáistí Newman agus St Mary’s, Ollscoil Melbourne,[1] agus tá roinnt eile le fáil i Leabharlann Caroline Chisholm in Melbourne.[2]
Cúrsaí polaitíochta
cuir in eagarBhí sé ina eagarthóir ar an Irish News, iris phoblachtach in Melbourne ar tugadh The Irish Nation uirthi ina dhiaidh sin. Thaobhaigh sé féin agus an tArd-Easpag Daniel Mannix le hÉamon de Valera nuair a bhunaigh sé siúd agus daoine eile Fianna Fáil chun dul i mbun na polaitíochta.
Bás
cuir in eagarAr 4 Aibreán 1929 maraíodh an tAthair Séamas i dtimpiste bhóthair in Coburg. Bhí slua mór ar a shochraid, rud a thaispeáin an t-ardmheas a bhí air. Bhí ainm na díograise agus na neamhthoirtéise riamh air, agus dúirt an tArd-Easpag Mannix ag an am gur thogha sagairt é.
Féach freisin
cuir in eagar- Noone, Val. Hidden Ireland in Victoria. Ballarat Heritage Services 2012. ISBN 978-1-876478-83-4