Daniel Mannix

easpag Caitliceach

Easpag Caitliceach ba ea Daniel Mannix (4 Márta, 1864 - 6 Samhain, 1963). Rugadh in Éirinn é agus ba é Ardeaspag Melbourne san Astráil é ar feadh sé bliana is daichead. Ba dhuine mór le rá san Astráil é – é deisbhéalach, diantréanach, ceanndána, uasal ina dhealramh agus ina bhéasa. Níorbh intleachtóir é i ndáiríre ach bhí sé cliste go leor, agus bhí gnaoi an ghnáthphobail riamh air.

Infotaula de personaDaniel Mannix

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Márta 1864
An Ráth, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Samhain 1963
99 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSt Patrick's Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
3 Ard-easpag Caitliceach
6 Bealtaine 1917 – 6 Samhain 1963
← Thomas Joseph CarrJustin Simonds (en) Aistrigh →
Easpag deoise
1917 –
← Thomas Joseph CarrThomas Absolem McCabe (en) Aistrigh →
Ardeaspag teidealach
1 Iúil 1912 –
Deoise: Pharsalus (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÉireann, Má Nuad
C.B.S. Charleville (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (1912–), sagart Caitliceach (1890–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoisreacanMichael Logue Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 67273892 Cuir in eagar ar Wikidata

An chéad chuid dá shaol cuir in eagar

Rugadh Mannix in aice leis An Ráth i gContae Chorcaí d'Eileanór Ní Chaingne agus do Thadhg Ó Mainchín, feirmeoir láidir. B'áil leo a gclann a chur chun cinn. Bhí ceathrar clainne eile ann, triúr dearthár a chuaigh le dlí, leigheas agus feirmeoireacht, agus iníon a chríochnaigh a cuid oideachais sa Fhrainc.

Fuair Mannix bunoideachas i scoileanna na mBráithre Críostaí agus Shiúracha na Trócaire, agus d'fhreastail ansin ar acadaimh Laidine agus ar Choláiste Naomh Colmáin i Mainistir Fhear Maí. Lean sé den staidéar i gMaigh Nuad agus oirníodh é sa bhliain 1890. D'éirigh thar barr leis i gcúrsaí léinn. Ghnóthaigh sé DD sa bhliain 1895 in Dunboyne Establishment agus d'fhill ar Mhaigh Nuad mar léachtóir le fealsúnacht agus mar Ollamh le Fealsúnacht Mhorálta (1895).

 
Coláiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad

Bhí Mannix ar an gcéad rúnaí d'Aontacht Mhaigh Nuad agus ghríosaigh na mic léinn chun ceisteanna tithíochta agus comharchumannachta a chíoradh. Mhol sé saorfhiontraíocht náisiúnaíoch mar rud ba thábhachtaí ná Rialtas Dúchais, agus mhol an tsaorsheilbh i gcúrsaí talún. Théadh sé thar lear agus é ar saoire agus théadh amach ag sealgaireacht leis na hOllaimh eile ar muin capaill. Bhí sé ina bhall de Chlub an Teaghlaigh Phápaigh, foras galánta i Londain.

Bhí gnaoi na n-easpag air de bharr a mhacántachta, a dhílseachta agus na hairde a bhíodh aige ar an rúibric. Toghadh é mar Uachtarán an Choláiste agus thug faoin áit a thabhairt chun míneadais. Thug sé isteach an Manual of Etiquette and Good Manners. Mhéadaigh sé tuarastal na foirne agus thugadh sé an-aire do mhic léinn thinne. Bhí sé ina staonaire, cé nach raibh sé i gcoinne an óil ann féin, agus rinne formhór mór na mac léinn aithris air. Bhí doicheall air roimh an nua-aoiseachas agus baineadh den leabharlann leabhair a bhí ar an Index. Tar éis an tsaoil, b'éigean dó cloí le dearcadh na n-easpag.

Conspóidí cuir in eagar

Ní mór an tsuim a bhí Mannix in Athbheochan na Gaeilge, cé gur dócha gur chainteoirí dúchais a thuismitheoirí. Bhí sé i gcoinne na Gaeilge Éigeantaí mar rud nach rachadh chun tairbhe do shagairt a bhí ag obair thar lear. Tharraing seo fearg an Ollaimh Mícheál Ó hÍcí, gníomhaí mór Gaeilge, air, agus bhí a raibh le rá ag Ó hÍcí borb go maith. Níor tháinig formhór na n-easpag saor ón bhfeannadh ach oiread, agus glacadh leis gurbh é Mannix féin a rinne bata agus bóthar a tabhairt dó.

Níorbh aon "Castle Catholic" Mannix, ach mar chléireach neamhpholatiúil d'fhear sé fáilte roimh na Ríthe Éadbhard VII (1903) agus Seoirse V (1911) nuair a thug siad cuairt ar Mhaigh Nuad, rud a chuir colg fiú ar náisiúnaigh mheasartha. Bhí claonadh aige chun a bheag a dhéanamh de na hócáidí sin níos déanaí.

An Astráil cuir in eagar

Ceapadh Mannix d'Ardeaspagacht Melbourne sa bhliain 1912. Is dócha gur chaill sé a sheans ar easpagacht mhór in Éirinn toisc nár thaitin sé leis na náisiúnaigh ná le heaspaig áirithe. Shroich sé an Astráil sa bhliain 1913 agus d'fhógair in Melbourne gur mhian leis a bheith ina Astrálach dílis. Fáiltíodh roimhe, ach ba ghearr go raibh sé sáite i gconspóid nua faoi gan mhaoiniú stáit a bheith á thabhairt do scoileanna Caitliceacha.

An Chéad Chogadh Domhanda cuir in eagar

Shíl Mannix gur cheart don Bhreatain cogadh a fhógairt ar an nGearmáin ach ní raibh sé róchoipthe faoin scéal. Chuir sé i gcoinne an choinscríofa ar chuntar nach raibh gá leis agus thug sé freagra fonóideach dóibh siúd a dúirt nach raibh a gcion féin á dhéanamh ag Caitlicigh. Bhí dhá reifreann ann agus an coinscríobh á áitiú ar an bpobal ag an bPríomh-Aire, Billy Hughes. Diúltaíodh dó dhá uair, ach níorbh é Mannix ba mhó ba chúis leis. Bhí gnaoi na ngnáth-Chaitliceach air, áfach, cé gur chuir Caitlicigh mheánaicmeacha mídhílseacht ina leith, mar a rinne a lán Protastúnach.

Ní raibh sé róshásta le hÉirí Amach na bliana 1916, ach bhí sé cinnte de gurbh í an Bhreatain ba mhó ba chiontach lenar tharla, agus bhí sé buartha as bás Phádraig Mhic Phiarais.

Idir cogaí cuir in eagar

Sa bhliain 1920 thug Mannix cuairt ad limina ar an Róimh trí Mheiriceá agus Éirinn. Fearadh fáilte roimhe sna Stáit agus tugadh saoirse na cathrach dó i Nua-Eabhrac. Dhiúltaigh Rialtas na Breataine é a ligean isteach in Éirinn nó ligean dó cuairt a thabhairt ar chathracha áirithe i Sasana féin, ach tháinig daoine ina sluaite i Sasana chun éisteacht leis.

 
Ardeaglais Naomh Pádraig, Melbourne. An tArdeaspag Mannix a chuir na clogáis uirthi.

Sa bhaile rinne sé eagraíochtaí Caitliceacha a chothú. Bhunaigh sé féin agus an tAthair William Hackett an Leabharlann Lárnach Chaitliceach (a raibh a lán leabhair Ghaeilge inti) sa bhliain 1923. Thug sé tacaíocht dá lán eagraíochtaí a dtugtaí an teideal ginearálta “Catholic Action” orthu - Young Christian Workers, National Catholic Girls' Movement agus eile.

An Dara Cogadh Domhanda cuir in eagar

Cháin Mannix an Naitsíochas agus an frith-Sheimíteachas go háirithe; ach mhol sé Mussolini agus bhí sé go mór i leith Franco. Bhí sé i gcoinne an chumannachais ach ní raibh muinín mhór aige sa chaipitleachas ach oiread. Ní raibh sé i gcoinne náisiúnú na mbancanna ach shíl sé gur cheart bancanna neamhspleácha comhoibritheacha a bheith ann.

Cháin sé úsáid an bhuama adamhaigh os cionn Thóiceo go géar.

Oidhreacht cuir in eagar

Chuir Mannix go mór le foireann agus bonneagar na hEaglaise in Melbourne, agus níor éirigh sé as an tógáil fiú i rith an Spealaidh Mhóir. Bhíodh sé féin i mbun oibre i gcónaí. Chuidigh sé go mór leis an “Movement,” sin é an Catholic Social Studies Movement, dream a bunaíodh sna 1940í faoi cheannas B.A. Santamaria, fear fuinniúil an-éirimiúil a chreid sa chomhoibreachas ach arbh fhuath leis an cumannachas. Bhain sé lánúsáid as uisce faoi thalamh chun na cumannaigh a threascairt sna céardchumainn, rud a rinne sé le lántacaíocht an Ardeaspaig.

Cé go raibh baint ag Mannix le scoilt i bPáirtí an Lucht Oibre i ngeall ar cheist an chumannachais, bhí sé mór riamh le Arthur Calwell, polaiteoir tábhachtach de chuid an pháirtí.

Bhí sé chun tosaigh ar na heaspaig eile i gcúrsaí sóisialta – tuataí a bheith páirteach i ngnóthaí Eaglaise, ollscoileanna neamhchoinfisiúnacha, oideachas gnéis, cealú phionós an bháis. Ach ní ghéillfeadh sé d’aon ionsaí ar údarás na hEaglaise.

Fuair sé bás sa bhliain 1963. Chuir sé in iúl roimhe sin nár mhaith leis sochraid mhór, agus bhí a uacht chomh simplí lena shochraid.

Tagairtí cuir in eagar

Australian Dictionary of Biography: Daniel Mannix (1864 – 1963)

Murphy, F. Daniel Mannix, Archbishop of Melbourne 1917-1963. Melbourne 1972.

Ormonde, P. The Movement. Melbourne 1972.

Ebsworth, W. Archbishop Mannix. Melbourne 1977.

McKernan, M. M. Australian Churches at War. Sydney 1980.

Santamaria, B. A. Daniel Mannix. Melbourne 1984.

Henderson, G. Mr Santamaria and the Bishops. Sydney 1983

Kiernan, C. Daniel Mannix and Ireland. Morwell, Victoria, 1984