Ba é an Dr. Gearóid Mac Gearailt (Béarla: Garret Fitzgerald; 9 Feabhra 1926 - 19 Bealtaine 2011) an seachtú Taoiseach ar Phoblacht na hÉireann. Bhí sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1973 go 1977, nuair a ceapadh mar cheannaire ar Fhine Gael é. Chaith sé dhá théarma mar Thaoiseach, an chéad cheann idir Iúil 1981 agus Feabhra 1982, agus an dara ceann idir mí na Nollag 1982 agus mí an Mhárta 1987.

Infotaula de personaGearóid Mac Gearailt

(1975) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1926
Droichead na Dothra, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Bealtaine 2011
85 bliana d'aois
Baile Phib, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaReilig Sheangánaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
8 Nollaig 1983 – 13 Nollaig 1983
← Frank CluskeySeán de Briotún →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Taoiseach
14 Nollaig 1982 – 10 Márta 1987
← Cathal Ó hEochaidhCathal Ó hEochaidh →
Ceannaire an Fhreasúra
10 Márta 1982 – 14 Nollaig 1982
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Taoiseach
30 Meitheamh 1981 – 9 Márta 1982
← Cathal Ó hEochaidhCathal Ó hEochaidh →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil


Ceannaire Fhine Gael
1 Iúil 1977 – 10 Márta 1987
← Liam Mac CosgairAiléin de Diúc →
Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


An tAire Gnóthaí Eachtracha
14 Márta 1973 – 5 Iúil 1977
← Brian Pádraig Ó LuineacháinMichael O'Kennedy (en) Aistrigh →
Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
23 Meitheamh 1965 – 24 Iúil 1969
Téarma parlaiminte: 11ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, polaiteoir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Teaghlach
CéileJoan FitzGerald Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDeasún Mac Gearailt  agus Méadhbh Nic Conaill
SiblínDesmond FitzGerald
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 70699609 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceaptar go forleathan san 1980idí gurbh eisean an ceannaire ab fhearr de chuid Fhine Gael le blianta.[1] Le linn a shaoil mar pholaiteoir bhí an-ghnaoi air - ghlaoigh gach taobh an t-ainm 'Garret' air, mar shampla. Lena nádúr cuideachtúil, an cumas a bhí aige labhairt níos tapúla ná mar a cheap daoine a d'fhéadfaí a dhéanamh agus an dealramh a bhí aige le hollamh dearmadach, ba pholaiteoir feidhmiúil é ó tháinig sé isteach sa saol polaitiúil i lár na 1960í go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1992.[2]

Tús a shaoil cuir in eagar

 
17 Márta 1976 i Washington D.C.

Ba mhac le Desmond Mac Gearailt é, a bhí ina Aire Gnóthaí Seachtracha (an seanainm a bhí ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha roimh 1972) i rith na 1920idí. Bhí Desmond ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na nGaedhael, páirtí polaitiúil a bunaíodh chun tacaíocht a thabhairt don Chonradh Angla-Éireannach a síníodh i 1921 idir an Bhreatain agus Éire chun Saorstát Éireann a bhunú.

Cé gur dhuine sinsearach é a athair ar thaobh an chonartha i ndeighilt pholaitiúil na hÉireann (troideadh Cogadh Cathartha idir lucht an chonartha agus an dream a bhí ina choinne i 1922 agus 1923), choinnigh sé a chuid cairde i measc an dreama a bhí i gcoinne an chonartha, leithéidí Seán Mac an tSaoi, a bhí ina Aire i rialtas Éamoin de Valera. I gcontrárthacht lena athair, ba Phrotastúnach í a mháthair Mabel, a bhí ní ba phoblachtaí ná a athair. Is isteach sa mheascán sin, trasna na deighilte polaitiúla, a rugadh Gearóid.

Tús a shaoil pholaitiúil cuir in eagar

Mac léinn éirimiúil ab ea Gearóid. In UCD, bhí sé sa bhliain chéanna le Cathal Ó hEochaidh a bheadh mar namhaid aige sa todhchaí. Mar gheall ar a chumas le matamaitic agus a bhua intleachtúil, thug ceannaire Fhianna Fáil, Seán F. Lemass, cuireadh dó bheith ina bhall den pháirtí sin. Ach lean Gearóid a athair agus chuaigh sé isteach i bhFine Gael, páirtí a d'eascair as Cumann na nGaedhael.

Tháinig Mac Gearailt chun cinn i Seanad Éireann sa bhliain 1965 agus toghadh sé mar Theachta Dála i 1969. Toghadh é mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael go Dáil Éireann i 1969.

Aire Gnóthaí Eachtracha cuir in eagar

 
Eanáir 1973

Beagnach ar an bpointe, piocadh Gearóid amach mar dhuine mór le rá sa pháirtí. Nuair a bhí an bua ag an bpáirtí (in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre) sa toghchán i 1973, cheap a lán daoine go gceapfaí é mar Aire Airgeadais. Seachas an tAire Airgeadais, cheap an Taoiseach Liam Mac Cosgair mar Aire Gnóthaí Eachtracha é, an post céanna a bhí ag a athair nuair a bhí seisean i rialtas le hathair Liam Mhic Cosgair, W.T. Mac Cosgair, daichead bliain ní ba luaithe.

Sa lá atá inniu ann, measann go leor daoine go raibh Gearóid ar dhuine de na hAirí Gnóthaí Eachtracha ab fhearr riamh. Nuair a bhí sé ina Aire bhí an post athraithe go mór ó ré a athar; ní raibh Éire ina ball den Chomhlathas Briotanach ach bhí sí ina ball den Chómhargadh Eorpach (CE), nó an tAontas Eorpach (AE) mar a ghlaoitear air anois.

Ceannaire Fhine Gael cuir in eagar

 
1976: Fitzgerald ar chlé, le Cosgrave, President Gerald R. Ford agus Secretary of State Henry Kissinger

I 1977 d'éirigh go dona le Fine Gael agus le Páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán, d'éirigh Mac Cosgair as an bpost mar cheannaire agus ceapadh Mac Gearailt mar chomharba air. Faoi cheannas Mhic Gearailt, tháinig méadú an-mhór ar thacaíocht Fhine Gael agus ar ghnaoi na ndaoine orthu. Sa toghchán i mí na Samhna 1982 ní raibh ach cúig shuíochán ní ba lú ag Fine Gael ná mar a bhí ag Fianna Fáil (an difríocht is lú riamh idir an dá pháirtí ag an am). Idir an Seanad agus an Dáil bhí níos mó suíochán ag Fine Gael ná mar a bhí ag Fianna Fáil.

Ba mar gheall ar Mhac Gearailt den chuid is mó a d'éirigh le Fine Gael an toradh sin a fháil. Bhí sé tar éis glúin nua de pholaiteoirí óga a thabhairt chun cinn, daoine mar Seán de Briotún, Alan Dukes, Micheál Ó Nuanáin, Jim Mitchell, Ivan Yates agus Gemma Hussey.

Ach bhí baint ag an míshásamh a bhí ar an bpobal maidir le ceannaire Fhianna Fáil Cathal Ó hEochaidh leis an toradh chomh maith. Chuaigh na cogaí eipiciúla idir an dá 'Charlie' agus 'Garret' go mór i bhfeidhm ar an saol polaitiúil le linn na tréimhse sin.

Taoiseach cuir in eagar

 
Monarcha Wang, Plassey Technological Park, Luimneach 1984

Bhí sé mar Thaoiseach den chéad uair i mí Iúil 1981, agus é i gceannas ar rialtas mionlaigh idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Nuair a tháinig siad i réim, fuair siad amach go raibh cúrsaí airgeadais poiblí i ndroch-chaoi. Ar an bpointe, thug siad isteach cáinaisnéis dhanartha i lár an bliana.

Theip ar an rialtas leis an dara cáinaisnéis i mí Eanáir 1982; chiallaigh sé sin nach raibh tacaíocht ón Dáil ag an rialtas. Thug Mac Gearailt aghaidh ar Áras an Uachtaráin chun iarraidh ar an Uachtarán Pádraig Ó hIrighile an rialtas a lánscor láithreach. Nuair a bhain sé amach an tÁras, fuair sé amach go raibh an tUachtarán tar éis sruth glaonna gutháin a fháil ó dhaoine sinsearacha sa fhreasúra.

Tháinig na glaonna sin ó dhaoine mar Chathal Ó hEochaidh (ceannaire Fhianna Fáil), Brian Ó Luineacháin agus Sylvester Barrett. Bhí siad ag éileamh ar an Uachtarán diúltú don iarratas ó Mhac Gearailt (mar bhí sé de cheart aige a dhéanamh de réir an Bhunreachta). Dá ndiúltódh an tUachtarán dó, chiallódh sé sin go mbeadh ar Mhac Gearailt éirí as a phost mar Thaoiseach agus go mbeadh deis ag an bhfreasúra ar dhuine eile a chur chun tosaigh don phost.

 
Garrett Fitzgerald i mBÁC sa bhliain 2009

Bhí an tUachtarán den tuairim gur mí-iompar a bhí i gceist i gcás an fhreasúra, mar sin dhiúltaigh sé d’iarratas an fhreasúra agus rinne sé an rialtas a lánscor. (Tháinig eachtraí na hoíche sin ar ais chun dochar a dhéanamh do dhuine de na daoine a bhí ag cur brú ar an Uachtarán. Nuair a bhí Brian Ó Luineacháin mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta, thug sé cur síos ar eachtraí na hoíche a bhí ag teacht salach ar an bhfírinne, cuireadh an ruaig air as a phost sa rialtas agus theip air sa toghchán).

Chaill Mac Gearailt an toghchán ina dhiaidh sin, ach tháinig sé ar ais í gcumhacht go luath sa chéad toghchán eile, í mí na Samhna 1982.

É ina Thaoiseach chuir Fitzgerald polasaithe liobrálacha chun cinn, agus é ag iarraidh sochaí neamhsheicteach 'Tone agus Davis' a chruthú.

  • Rinne sé iarracht córas colscartha a thabhairt isteach ach theip air sa reifreann[3];
  •  
    Ritheadh an tAcht Sláinte (Pleanáil Clainne) sa bhliain 1985. Dá bharr sin, bhí coiscíní le fáil sa Phoblacht don chéad uair!
    D’éirigh leis na dlíthe frithghiniúna a dhéanamh ní ba shaoire, áfach.[4] Ritheadh an tAcht Sláinte (Pleanáil Clainne) sa bhliain 1985. Dá bharr sin, bhí coiscíní le fáil sa Phoblacht don chéad uair!
  • Bhí an leasú ar son na beatha a cuireadh sa Bhunreacht in aghaidh chomhairle Mhic Gearailt.
  • Bhí an Comhaontú Angla-Éireannach ar cheann de na rudaí ba dhrámatúla a bhain sé amach. Thug an comhaontú bealach do Rialtas na hÉireann chun ionchur bheith aige i gcúrsaí rialtais i dTuaisceart Éireann.
  • Bhí geilleagar an domhain i dtrioblóid sna 1980idí agus ní raibh sé ar chumas an rialtais fadhbanna airgeadais na tíre a réiteach.

Tar éis na polaitíochta cuir in eagar

Chaill Fine Gael an olltoghchán sa bhliain \81987 go trom, agus d’éirigh Mac Gearailt as a phost mar cheannaire go díreach ina dhiaidh.

D’éirigh sé as an Dáil i dtoghchán na bliana 1992.

Thosaigh sé ag scríobh ailt an-ghnaoi i The Irish Times gach Satharn (colún seachtainiúil).

Bhí sé as comhair an phobail arís in 2002 agus é ag obair ar son an vóta 'Tá' sa dara reifreann ar Nice.

Bhí a bhean chéile Joan faoi mhíchumas. Cailleadh í sna 1990í, tar éis di bheith breoite blianta fada.

Fuair Mac Gearailt bás i mBaile Átha Cliath ar an 19 Bealtaine 2011.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dr Garret FitzGerald dies in a Dublin hospital aged 85" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-05-19.
  2. Anne McHardy (2011-05-19). "Garret FitzGerald obituary" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-19.
  3. "Tenth Amendment of the Constitution Bill 1986" (as en) (2018-10-13). Wikipedia. 
  4. "Contraception in the Republic of Ireland" (as en) (2018-08-25). Wikipedia.