Clúdach a chuirtear ar an mbod sula dtosaíonn comhriachtain is ea coiscín. As laitéis is sileacón a dhéantar coiscíní.

Coiscín neamhchorntha

Bailítear seamhan (nó síol) an fhir i mealbhóg ag barr an choiscín, ionas nach mbeidh sé in ann dul isteach i gcorp mná chun toircheas a sheachaint.

Cuireann coiscín bac ar scaipeadh galar, amhail SEIF. Is cosaint mheicniúil an-éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne SEIF is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Is annamh a theipeann coiscíní[1]. Mar sin, úsáidtear coiscíní go forleathan san iarthar.

Coiscín

Is féidir blasanna éagsúla a bheith ar na coiscíní ar nós sú talún, banana, oráiste is araile. Cinntíonn sin go mbíonn blas deas ar an gcoiscín má tá duine ag diúl ar bhod agus coiscín á chaitheamh.

Stair cuir in eagar

 

In Éirinn sna 1980idí, ’éirigh leis na dlíthe frithghiniúna a dhéanamh ní ba shaoire. Ritheadh an tAcht Sláinte (Pleanáil Clainne) sa bhliain 1985.[2] Dá bharr sin, bhí coiscíní le fáil in Éirnn don chéad uair!

Tagairtí cuir in eagar

  1. Your guide to contraception, HSE,
  2. "Contraception in the Republic of Ireland" (as en) (2018-08-25). Wikipedia.