Is éard is breithrialú ann ná modh nó feiste a úsáidtear chun toirchis a chosc. Tugtar frithghiniúint agus pleanáil clainne air freisin.

Ionútarach frithghiniúnach (IUD)

Modhanna cuir in eagar

 
Coiscín

Coiscíní cuir in eagar

Clúdach a chuirtear ar an mbod sula dtosaíonn comhriachtain is ea coiscín. As laitéis is sileacón a dhéantar coiscíní.

Bailítear seamhan (nó síol) an fhir i mealbhóg ag barr an choiscín, ionas nach mbeidh sé in ann dul isteach i gcorp mná chun toircheas a sheachaint.

Cuireann coiscín bac ar scaipeadh galar, amhail SEIF. Is cosaint mheicniúil an-éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne SEIF is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Is annamh a theipeann coiscíní[1]. Mar sin, úsáidtear coiscíní go forleathan san iarthar.

Is féidir blasanna éagsúla a bheith ar na coiscíní ar nós sú talún, banana, oráiste is araile. Cinntíonn sin go mbíonn blas deas ar an gcoiscín má tá duine ag diúl ar bhod agus coiscín á chaitheamh.

Caipíní cuir in eagar

Tá gairis mheicniúla eile in úsáid freisin — sciatha, scairteacha, is caipíní — a chuireann an bhean isteach ina faighin agus is gá a choinneáil ina ionad ar feadh 6-8 uair i ndiaidh comhriachtana. Feabhsaíonn speirmicíd éifeacht na ngaireas seo.

Ionútarach frithghiniúnach (IUD) cuir in eagar

Baineann an fearas ionútarach frithghiniúnach (IUD) feidhm as cornaí is crúcaí plaistigh nó miotail, agus is gá go gcuirfidh duine oilte i mbroinn na mná é. Is éifeachtach an modh é seo, ach uaireanta cuireann sé tús le hionfhabhtú, rith fola, damáiste don bhroinn, agus b'fhéidir aimride ina dhiaidh.

An piollaire cuir in eagar

 
An piollaire

Ba mhór an chéim ar aghaidh chun frithghiniúint éifeachtach a chur ar fáil an piollaire frithghiniúnach. Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na gnéashormóin bhaineanna, éastraigin is prógaistéarón le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbhics, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad.

Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire). Tógtar iad ar feadh 21 lá, agus tarlaíonn an míostrú sa 7 lá ina dhiaidh sin. Ach baineann priacal beag trombóise leis an bpiollaire seo i mná os cionn 35 bliain d'aois ach go háirithe (bíonn an mionphiollaire níos sábháilte do na mná seo, bíodh is nach iomlán éifeachtach é).

Chuir an eaglais is na lianna gairmiúla ina coinne leis na céadta bliain. Ach phléadáil daoine eile ar a son chun an daonra a shrianadh, galair véinéireacha a sheachaint, agus méid clann a rialú.


RU-486 (mifipreastón) cuir in eagar

Tá RU-486 (mifipreastón) ar fáil ó 1988, agus conspóid mar gheall air. Luaitear mar phiollaire ginmhillte é mar cuireann sé tús le caitheamh líneáil na broinne, cosúil le míostrú normálta, agus is féidir é a thógáil seachtain nó dhó i ndiaidh comhriachtana, tar éis ionphlandáil uibhe toirchithe.

 
An modh rithime: CycleBeads

An modh rithime cuir in eagar

Tá seachaint comhriachtana i dtréimhse shábháilte, an modh rithime, bunaithe ar an timthriall míosta a bheith go hiomlán tréimhsiúil agus an t-ubhsceitheadh a bhrath go cruinn, ach ní iontaofa an dá thairiscint seo agus mar sin ní iomlán éifeachtach an modh é seo.

 
Caidhp faoi speirmicíd

Aistarraingt an phéinis cuir in eagar

Moltar aistarraingt an phéinis roimh an agall freisin, ach sceitear speirmeacha roimhe sin go minic, agus braitheann sé ar fhéinrialú an fhir: ní féidir go mbeidh sé éifeachtach an t-am ar fad.

Modhanna Eile cuir in eagar

Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó comhriachtain neamhchosanta neamhphleanáilte).

 
Póstaer Dr Marie Stopes

Stair cuir in eagar

Sna modhanna luatha, ní raibh aon cheimiceán ná gaireas meicniúil i gceist. Dhéantaí folcadh faighne le huisce i ndiaidh comhriachtana go forleathan, ach ní héifeachtach é sin mar fhrithghiniúint.

Rinneadh cur síos ar an gcoiscín mar chosaint i gcoinne sifilise sa 16ú céad, nach raibh ann ach truaill lín.

Bhunaigh Marie Stopes a céad chlinic chun breithrialú a chuir ar fáil i Holloway Londain ar an 17 Márta 1921.

 
Pápa Pól VI
 
Birth Control Review 1923 sna Stáit Aontaithe, le Margaret Sanger

Sa bhliain 1968, sheol an Pápa Pól VI an imlitir Humanae Vitae[2]. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Chuir an eaglais cosc ar Chaitlicigh an fhrithghiniúint a úsáid. Bhí mórchuid de Chaitlicigh liobrálacha ina choinne. Níor ghlac siad ina iomláine le himlitir Humanae Vitae.[3]

Chosain an Pápa Proinsias ó shin go láidir  an cosc a chuir an Pápa Pól VI ar Chaitlicigh  i 1968 an fhrithghiniúint a úsáid.[4],[5] Dúirt sé go raibh leor bealaí a bhí ceadaithe ag an eaglais lena chinntiú nach mbeadh in aon teaghlach ach an lion páistí a bhí uathu. Thagair an Pápa do shaineolaithe daonra a mholann gan níos mó ná triúr páistí bheith i dteaghlach.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Your guide to contraception, HSE,
  2. Feasta Meitheamh 2013 https://issuu.com/cnag/docs/feasta_meitheamh_2013
  3. Ní Chualáin, Aingeal - NUI Galway (2013-09-30). "[https://aran.library.nuigalway.ie/bitstream/handle/10379/4196/merged_document.pdf Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain (lch 219)]". Dáta rochtana: 2020.
  4. Pápa Proinsias (2015-01-20). "Ná bíodh Caitlicigh mar a bheadh coiníní - An Pápa" (as ga) (Nuacht RTÉ). 
  5. CBS news (2015). "Pope changes his mind on breeding "like rabbits"?" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  6. Hussey, Matt (2011). "Frithghiniúint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 289.