Míostrú
I ndaoine agus príomhaigh, an míostrú sin an sreabhadh tréimhsiúil fola, múcais is bruscair ón bhfaighin a tharlaíonn le tréimhse 4 sheachtain. Ag deireadh an timthrialla mhíosta, nuair nach dtoirchítear an bhean, dealaíonn an t-inmheitriam ó chéile agus sreabhann an fhuil mhíosta.
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D008598 |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/menstruation |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Timthriall míosta
cuir in eagarNuair a bhí bean ina déagóir, is maith an seans gur thosaigh an fhuil mhíosta.[1] Tugtar an timthriall míosta air seo. Sa chuid luath de gach timthriall mhéadaigh leibhéal an hormóin éastraigin\, agus d’fhás ubh san ubhagáin. San ubhsceitheadh, scaoileadh ubh ó cheann den dá ubhagán. Tiubhaíonn hormón eile, prógaistéarón, líneáil na broinne. Mura dtoirchíonn speirm an ubh, titeann leibhéal an hormóin agus sceitheann an líneáil – seo fuil mhíosta.
Ní tharlaíonn míostrú nuair a bhíonn bean ag iompar clainne.
Ag dul in aois
cuir in eagarDe réir mar a théann bean in aois, ní tharlaíonn ubhsceitheadh chomh minic agus titeann leibhéal na torthúlachta. Nuair a thagann bean níos gaire don sos míostraithe, b’fhéidir nach mbeadh ubhsceitheadh ar bith ar siúl agus ní bhíonn an éastraigin agus an prógaistéarón a scaoiltear rialta i gcónaí. Ní bhíonn na hubhagáin chomh gníomhach agus ní dhéantar an oiread éastraigine. Sa deireadh, stopann an t-ubhagán ag feidhmiú agus ní scaoiltear aon ubh eile. Stopann an éastraigin agus an prógaistéarón sa deireadh beagnach freisin.
Tagann míostrú chun deiridh ag 45-50 bliain d'aois, nuair a thosaíonn sos míostraithe nó an meanapás. I gcúrsaí leighis, ciallaíonn sos míostraithe go bhfuil fuil mhíosta stoptha ar feadh bliana. Tá an sos míostraithe nádúrtha. Ciallaíonn sé go bhfuil deireadh le torthúlacht – is é sin ní féidir le bean a bheith torrach níos mó ná leanaí a iompar.
Sochaí
cuir in eagarCeiliúrtar an Lá um Shláinteachas Míosta ar an 28 Bealtaine gach bliain ar fud an domhain.[2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ hse.ie. "Meanapás". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-07. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míostrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.
- ↑ "MHDay | Global" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-28.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |