Cailliúint fola ó fhuileadán éigin taobh amuigh nó istigh den cholainn. Tarlaíonn sé mar thoradh ar ghortú don fhuileadán nó téachtéalang de shaghas haemifile. Féadfaidh an gortú don fhuileadán tarlú de bharr tráma, ionfhabhtaithe nó galair éigin. Tarlaíonn cur fola artairí ina rúchlaí, agus bíonn sé géar de bhrí go mbíonn an brú artaireach ard i gcomparáid leis an mbrú sna féitheacha is na ribeadáin. I rith fola féitheach nó ribeadánach, púscadh mall fola ón gcraiceann nó go hinmheánach idir plánaí na bhfíochán a tharlaíonn. Is féidir leis an gcolainn an ceann is fearr a fháil ar chailliúint bheag fola. Má ritheann an fhuil de réir a chéile ar feadh i bhfad, tarlóidh ainéime. Má tharlaíonn rith tobann trom fola, seans maith go dtarlóidh turraing is go bhfaighidh duine bás muna dtugtar fuilaistriú dó go tapa.[1]

Méar ag cur fola

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Rith fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 563.