Ba é Ulysses S. Grant (27 Aibreán, 182223 Iúil, 1885) ceannaire fhórsaí an Aontais i gCogadh Cathartha Mheiriceá, an 18ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus laoch cogaidh. Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta, 1869 go dtí an 3 Márta, 1877.

Ulysses S. Grant
Ulysses S. Grant

18ú Uachtarán
Leasuachtarán: Schuyler Colfax (18691873); Henry Wilson (18731875)
I bhfeidhmeannas: 4 Márta, 1869
3 Márta, 1877
Réamhtheachtaí: Andrew Johnson
Comharba: Rutherford B. Hayes

Dáta breithe: 27 Aibreán, 1822
Áit bhreithe: Point Pleasant, Ohio
Dáta báis: 23 Iúil, 1885
Áit bháis: Mount McGregor, Nua-Eabhrac
Céile: Julia Grant
Páirtí polaitíochta: Poblachtach
Síniú
Ulysses S Grant Signature.svg

SaolCuir in Eagar

Rugadh Ulysses Simpson Grant in Ohio. Rugadh a shin-seanathair, John Simpson, in Dergina, idir Dún Geanainn agus Baile Uí Dhálaigh, sa bhliain 1738 agus d’aslonnaigh sé in Ohio in 1760.[1]

Cogadh Cathartha na Stát AontaitheCuir in Eagar

 
"Grant from West Point to Appomattox", 1885

Bhí Ulysses Grant ina ghinearál ar na fórsaí an Tuaiscirt i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe.

Nuair a d'éirigh le Grant Vicksburg a shealbhú in Iúil 1863, bhí abhainn Mississippi faoi smacht an Tuaiscirt, agus críocha an Deiscirt scoilte.

Chuir Ulysses Grant sraith de chathanna fuilteacha ar Robert Lee i Virginia i rith an tsamhraidh 1864. I rith na bliana 1864, tháinig an chuma ar an scéal go raibh an cogadh ag teip ar an Deisceart, ó bhí an Tuaisceart i bhfad ní ba láidre ó thaobh na heacnamaíochta, an daonra, na tionsclaíochta, na geografaíochta, na heagraíochta polaitiúla agus an chórais iompair de.

Bhí Lee ábalta é féin a chosaint agus an-damáiste a dhéanamh do shluaite Grant, ach ní raibh saighdiúirí úra ar fáil do Lee ina n-áit siúd a básaíodh air i machaire an áir.

Sa bhliain 1865, thit an tóin as an gCónaidhm, nuair a ghéill Lee do Grant i dTeach na Cúirte in Appomattox.

Cuairt ar ÉirinnCuir in Eagar

Thug Grant cuairt ar Éirinn sa bhliain 1879. Bhí cáil domhanda ar na leoin i Zú Bhaile Átha Cliath. Tháinig sé chun iad a fheiceáil, i measc rudaí eile.[2]

TagairtíCuir in Eagar

  1. An tUltach (2020-04-20). "Ar an Lá Seo: Ulysses S Grant, Uachtarán SAM - An tUltach". web.archive.org. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  2. "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Dáta rochtana: 2020-11-21.