Is éard is Zú Bhaile Átha Cliath (nó Gáirdín na n-Ainmhithe, Baile Átha Cliath, Béarla: Dublin Zoo) ann ná atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath in Éirinn.[1] Is é ceann de na zúnna is mó in Éirinn agus is é ceann de na rudaí is mó a mheallann daoine go Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh é i 1831 agus an ról ata ag an zú ná caomhnú gnáthóige, staidéar agus oideachas. An chuspóir atá aige ná "oibrigh i gcomhpáirtíocht le zúnna ar fud an domhain chun sintúis a thabhairt ar son caomhnú speiceas ata i mbaol ar fud an domhain".

DSC00357 - Copy.jpg
The Huachton House, 1898

Clúdaíonn sé ós cionn 28 heictéar (69 acra) de Pháirc an Fhionn Uisce agus scairtear suas é i limistéir éagsúla faoi na hainmneacha 'Domhain na Cait', 'Domhain na bPríomhaigh', 'Conair Foraoise Kaziranga', 'Imill an tArtach', 'Machairí na hAfraice', 'Éin', 'Reptílí', 'Plandaí', 'Feirm Cathrach' agus 'Speiceas atá i mBaol'.

Bealach isteach

StairCuir in Eagar

19ú AoisCuir in Eagar

 
1918
 
t.1936

Bunaíodh Sochaí Zúeolaíochta Ríoga na hÉireann ag cruiinniú in Ospidéal an Rotunda ar an 10 Bealtaine 1830 agus osclaíodh an Zú, nó Gáirdín Ainmhithe Baile Átha Cliath mar a thugtar air ag an am, ar an 1ú Meán Fómhar 1831. Bhronn Zú Londain na hainmhithe, 46 mamach agus 72 éan, orthu.

Ní haon comhtharlú a bhí ann gur bhall den ngairm leighis a bhí i mbunaitheoirí Zú Bhaile Átha Cliath. Bhí an suim acu i staidéar a dhéanamh ar ainmhí agus iad beo agus go háirithe nuair a fuair siad bás. Ins sna 1830idí d'aistríodh na dlíthe maidir le corpáin a úsáideadh i gcomhair leighis. Suas go dtí sin, bhí ar éinne nach raibh bainteach le ceann de na institiúidí móra leighis dul agus uaigheanna a ghoid chun corpán a fháíl le haghaidh staidéar. Mar sin, cheap na mbunaitheoirí gur éacht mhór é bheith in ann corp príomhaigh a fháil gan uaigh a ghoid.

Ar dtús is sé pingine a praghas a bhí ar dul isteach sa Zú, suim mheasartha airgid ag an am agus mar sin is daoine saibhir mean-aicmeach a chuaigh ann ar dtús. Rinne Zú Bhaile Átha Cliath an cinneadh a praghas a laghdú go pingin gach Domhnach, mar sin bhí beagnach gach Baile Átha Cliathach i d'achmhainn dul ag an Zú ó am go ham agus bhí an tóir ar ó seo ar aghaidh.

Sa bhliain 1833, tógaidh an chéad lóiste iontráil isteach sa Zú ar costas £30. Tá an foirgneamh le dian ceann tuí fós le feiceáil inniú, díreach ar dheis don slí isteach atá ann faoi láthair.

 
t.1935

I 1838, bhí lá oscailte ag an Zú chun cuairt an Banríon Victoria a cheiliúradh - d'fhreastal 20,000 duine ar an lá oscailte, an méid is mó daoine riamh a thug cuairt ar an Zú in aon lá amháin.

Sa bhliain 1844, fuair an Zú a chéad sioráf, agus i 1855 cheannaigh siad a chéad péire leoin. Shíolraigh iad seo den chéad uair i 1857. Fuair na reiptilí a teach féin sa bhliain 1876.

Bhí cáil domhanda ar na leoin. Tháinig Ulysses S. Grant, an 18ú Uachtarán na Stát Aontaithe chun iad a fheiceáil sa bhliain 1879.[2]

Tógadh na céad seomraí tae i 1898.

20ú AoisCuir in Eagar

Ar an 17ú Meitheamh 1903, mharaigh eilifint, darbh ainm Sita, a coimeadaí agus é ag tabhairt aire dá cos gortaithe. Chuir baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann chun "suain" í.

Chuir an cogadh isteach ar an Zú. I rith Éirí Amach na Cásca i 1916, ní raibh feoil le fáil agus ar eagla go mairfeadh na leoin agus tíogair, bhí orthu roinnt ainmhí eile sa Zú a mharú.

 
1936

Rugadh leon darbh ainm Slats sa Zú ar an 20ú Márta 1919. Dar leis an leabhair, Dublin Zoo: An Illustrated History le Catherine De Courcy, ba é ceann de na leon a rinne an stuideó scannáín Metro-Goldwyn-Mayer taifead air i 1928 le n-úsáid mar a sonóg Leo.

Idir 1989 agus 1990, bhí fadhbanna airgeadais ag an Zú comh donna sin go raibh an chomhairle ag smaoineamh faoi é a dhúnadh. Ach thug an rialtas deontas bliantúil fiúntach dóibh, mar a dhéanann tíortha eile na hEorpa. Cuireadh 13 heictéar (32 ácra) de thalamh mórthimpeall ar an loch i dtaillte Áras an Uachtaráin leis an Zú i 1997. Chuir é seo feabhas ollmhór ar an méid spás a bhí ar fáil do na hainmhí.

21ú AoisCuir in Eagar

 
Sir Charles Ball, 1907[3]

I 2010, thug 963,053 duine cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath.

Tá srath faisnéise The Zoo de chuid RTÉ, léirithe ag Moondance Productions taifeadta go hiomlán ar an láthair i Zú Bhaile Átha Cliath, agus craoladh ar RTÉ a hAon é in Éirinn ó 2011, ar VRT sa Bheilig ó 2011 agus ar Discovery Animal Planet ins an Ríocht Aontaithe ó 2012.

I 2013, gortaíodh cailín óg dhá bhlian d'aois agus a máthair agus iad ar cuairt leis na taipir Deas-Mheiriceánach. Dúirt an Zú go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar a gnásanna i gcomhair na cuairteanna seo.

 
Tiogar Ceilteach sa bhliain 1938

Sa bhliain 2020, bhí an Zú dúnta de bharr an choróinvíris. Mar sin ní raibh go leor airgid ag an Zú. Sheol. Sheol an Zú feachtas - Save Dublin Zoo - chun airgead a bhailiú. Dúirt an Coimeádaí Sinsearach Brendan Walsh ag an am go gcosnaíonn an Zú €500,000 in aghaidh na míosa. Cosnaíonn sé a lán airgid an bia ceart a thabhairt dóibh gach lá. Costas an bhia gach lá: panda dearg amháin: €25, leon amháin: €50, eilifint amháin: €75, srónbheannach amháin: €100.[4]

 
mór-rón, 2013

CaomhnúCuir in Eagar

 
srónbheannaigh agus séasúr na cúplála, 2006

Tá an zú mar pháirt de chlár domhanda le speiceas atá i mbaol a chur ag síolrú. Is ball é de Chlár na Speiceas Atá i mBaol na hEorpa (EEP), a cabhraíonn le caomhnú speiceas atá i mbaol san Eoraip. Tá comhordaitheoir aonaireach ag gach speiceas a bhfuil an EEP i bhfeighil ar, atá freagrach as méadú grúpaí síolraithe agus an aidhm atá acu ná daonra atá cothrom go géiniteach a fháil.

Tá Zú Bhaile Átha Cliath freagrach as an tamairín leonta órga agus an cocatú Molacaígh. Tá roinnt marmaiséad Goeldi agus sacaí aghaidhbhán, atá ina bhaill den EEP chomh maith, sa Zú. Is é caomhnú príomhfheidhm an clár, chomh maith le taighde, staidéar agus oideachas.

Ialtóga Mheasa RodriguesCuir in Eagar

Is iad ialtóga mheasa Rodrigues ceann de na specieas atá i mbaol atá i Zú Bhaile Átha Cliath. Itheann ialtóga mheasa torthaí agus de bharr seo, tá siad riachtanach don foraois bháistí. Ní féidir le ialtóga síolta na torthaí a dhíleá, mar sin fágann na síolta córas díleá an ialtóg clúdaithe le leasachán. Gan íoltóga, ní bheidh go leor foraois bháistí in ann a síolta féin a cuir.

Le déanaí, tá Zú Bhaile Átha Cliath tar éis clós níos móire a thógaíl do na heilifintí ha hAfraice agus leag siad Teach Nesbit (teach na nialtóga). Tá na ialtóga mheasa Rodrigues anois i dTeach Robert (teach éan), atá suite in aice na léamair bandearrach.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Dublin Zoo - One of The Most Popular Attractions in Ireland" (en-GB). Dublin Zoo. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  2. "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  3. "Charles Bent Ball" (in en) (2020-11-11). Wikipedia. 
  4. Eleathanach 367, Dé Luain, an 23 Samhain 2020