Saghas fásra a fhaightear, i réigiúin mheánchiorclacha fhliucha agus réigiúin eile, is ea foraois bháistí, le comhdhlúthú ard, cosúil leis an Nua-Shéalainn is na sléibhte ar chósta thiar thuaidh na Stát Aontaithe.

imeacht ama

Tá ilghnéitheacht iontach plandaí is saghsanna ainmhithe sna foraoisí báistí trópaiceacha, ciseal iata ceannbhrait nach ligeann mórán solais isteach ar urlár na foraoise, agus timthriallú tapa cothaitheach taobh istigh den fhoraois.

D'ainneoin fás uaibhreach na bhforaoisí seo, nuair a ghearrtar síos iad bíonn an ithir sách neamhthorthúil mar go bhfuil an chuid is mó de na cothaithigh sa bhfásra, agus scuabtar an ithir chun siúil go gasta. Bíonn luach ard tráchtálach ar chuid mhaith de na crainn (mar shampla, an téac is an mahagaine) agus tá fairsingí ollmhórá á nglanadh amach.

dífhoraoisiú á dhéanamh freisin chun limistéir nua talmhaíochta a chruthú i gcomhair rainséireacht beithíoch is mianadóireachta. Measann Eagraíocht Bia is Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe go bhfuil 100,000 km2 ar a laghad á nglanadh in aghaidh na bliana.

Is cúis mhór imní an ráta ollmhór glanta seo do lucht caomhnaithe an chomhshaoil, de bharr cailliúint na bithéagsúlachta agus iarmhairtí bunúsacha na bhforaoisí báistí ar chórais aeráide an Domhain.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Foraoisí báistí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.