Is éard atá i gceist le plaisteachplaisticplaistigh ná roisíní saorga orgánacha ar féidir iad a bhogadh trí théamh is ansin a mhúnlú nó a theilgean i bhfoirm éigin nua.

Nithe déanta as plaisteach

Tréithe cuir in eagar

Is féidir plaistic a roinnt ina dhá cuid

  • Cuid acu atá teirmithéachtach (mar shampla, roisín feanóilfhormaildéid); ní féidir iad a bhogadh arís trí théamh.
  • Cuid eile acu atá teirmeaplaisteach (mar shampla, poileitiléin is poilisteiréin); is féidir iad a bhogadh ar an dóigh chéanna arís is arís eile.
Poileitiléin ː an plaisteach is coitianta a tháirgtear.

Is féidir plaistigh a dhearadh le breiseáin éagsúla chun go mbeidh raon airíonna acu: cobhsaíocht faoi raon teochta, seoladh leictreach, insliú leictreach nó teirmeach, dianscaoileadh nádúrtha tapa in ithir, agus eile.

Stair cuir in eagar

Roimh an 20ú haois, is éard a bhí i gceist le plaisteach ná aon ábhar bog domhúnlaithe.

Truailliú (Ghana)

Truailliú cuir in eagar

Tá plaistic ar cheann de na truailleáin is coitianta ar domhan, agus deirtear go bhfuil plaistic le fáil sa bhia a itheann muid, san uisce a ólann muid agus mar sin inár gcorp féin.

Sa bhliain 2023, tháinig eolaithe (ag obair san Elvéis agus san Artach) ar mhiocróib, atá ábalta plaistic a dhíleá ag teocht íseal. Fuarthas roinnt baictéar agus fungas a dhíleánn plaistic ag 15 chéim celsius. (Táthar eolach ar neart miocrób a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 céim cheana féin. Ach baineann costas ard agus truailliú leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhíth).[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Conradh na Gaeilge, Londain (13 Bealtaine 2023). "‎Nuacht Mhall: (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-18.
  2. Hussey, Matt (2011). "Plaistigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 522.