Méadhbh Nic Conaill
Poblachtánach Éireannach, sufraigéid agus sóisialach ab ea Maedhbh Nic Conaill (bean Mhic Gearailt) (4 Iúil 1884 – 24 Aibreán 1958).[1] Ghlac sí páirt in Éirí Amach na Cásca in 1916 agus i gCogadh na Saoirse (in Éirinn). Ba mháthair Ghearóid Mhic Gearailt, an Taoiseach, í agus bhí sí pósta le Deasún Mac Gearailt.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Iúil 1884 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 24 Aibreán 1958 73 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí |
Teaghlach | |
Céile | Deasún Mac Gearailt |
Páiste | Gearóid Mac Gearailt, Desmond FitzGerald |
Cúlra
cuir in eagarRugadh Méadhbh Nic Connaill ar an 4 Iúil 1884 agus tugadh Mabel Washington McConnell uirthi mar ainm baiste. B'iníon í de shliocht John McConnell, díoltóir fuisce i mBéal Feirste, agus dá bhean céile, Margaret Neill. Ba ghariníon í d’fheirmeoir Preispitéireach ó cheantar gar den chathair. Fuair sí a cuid oideachais bunúsaigh in Victoria College i mBéal Feirste, agus lean sí ar aghaidh chun Baitsiléir Ealaíon a bhaint amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 1906. D’fhorbair sí a dearcadh ar cheisteanna poblachtánaigh, ar chearta na mban agus ar an bpolaitíocht shóisialaigh i dteannta a deirféar Eilis san am a chaith sí i gColáiste na Baníona. Bhí dúil láidir aici sa Ghaeilge. Bhí sí ina ball den Women's Social and Political Union, de Shinn Féin agus de Chonradh na Gaeilge.[1].
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “NIC CONAILL, Méadhbh (1884–1958) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.