Pádraig Ó hIrighile
Polaiteoir Éireannach, agus iar-Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ab ea an Dochtúir Pádraig Ó hIrighile nó Patrick Hillery (2 Bealtaine 1923 - 12 Aibreán 2008),[1][2] an séú ceann a chaith dhá théarma san oifig idir na blianta 1976 agus 1990.[3]
Dochtúir leighis a bhí ann, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.[4]
Polaitíocht
cuir in eagarRugadh Pádraig Ó hIrighile i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir i 1923. Fuair sé a chuid oideachais sa bhunscoil áitiúil, i Sráid na Cathrach, i gColáiste Charraig an Tobair agus ansin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath.
Fuair sé céimeanna onóracha san eolaíocht agus sa leigheas. Chuaigh sé go Quebec, áit ar dhein sé cúrsa iarchéime. Bhí an Fhraincis go flúirseach aige.[5]
D'fhill sé ar ais go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag obair in ospidéal i mBaile Átha Cliath, bhuail sé le dochtúir óg eile, a chéile ionúin Maedhb.
Fianna Fáil
cuir in eagarThuig Éamonn De Valera go raibh cumas i bPádraig agus d'iarr sé air seasamh leis san Olltoghchán sa bhliain 1951.[5] Toghadh iad mar Theachtaí Dála do dháilcheantar an Chláir. Bhí Pádraig ag obair mar dhochtúir ag an am.
Nuair a bhí Seán Lemass ina Thaoiseach, ceapadh Ó hIrighile ina Aire Oideachais i 1959. Ba cheannródaí é.[5] Chuir sé tús le scrúdú cainte san Ard-Teistiméireacht mar shampla. Thug sé an cló rómhánach isteach, a mhaíodh Brian Cowen[5]
Mhol sé airgead a chaitheamh ar oideachas. "Bhunaigh sé na scoileanna cuimsitheacha agus na coláistí réigiúnacha" a mhaíodh Brian Cowen[5] nó leag sé na bunchlocha b'fhéidir.
Chuir sé tús freisin leis na duaiseanna Gaisce, a thugann aitheantas gach bliain do ghníomhartha gaisce na ngnáth-dhaoine.
Aontas Eorpach
cuir in eagarBhí Ó hIrighile i mbun na gcainteanna a thug Poblacht na hÉireann isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973. Bhíodh ceannairí polaitiúla, amhail Ó hIrighile, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.
Bhí sé ina Leas-uachtarán ar Choimisiún na hEorpa agus ina Choimisinéir go dtí an bhliain 1976.[6]
Uachtarán
cuir in eagarInsealbhaíodh Ó hIrighile mar Uachtarán na hÉireann ar an 3 Nollaig 1976. Chaith sé dhá thréimhse mar Uachtarán.
Conspóidí
cuir in eagarComhairlíodh don Uachtarán Pádraig Ó hIrighile gan glacadh le cuireadh chun pictiúir de chuid ealaíontóirí as Toraigh a bhreithniú sa bhliain 1984.[7]
Bás
cuir in eagarFuair sé bás tar éis tréimhse gearr tinnis sa bhliain 2008 in Ospís Naomh Proinsias, Ráth Eanaigh.[8] Cuireadh Pádraig Ó hIrighile i Reilig Naomh Fionntain i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.[9]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.
- ↑ RTÉ Nuacht (2008-04-16). "Cinnlínte Nuachta" (as en).
- ↑ Clár faisnéis ar TG4
- ↑ Eithne Nic Eoin (2019). "Uachtaráin na hÉireann". Doras Feasa: LeabhairComhar. Dáta rochtana: 2021-04-12.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Brian Cowen ar Nuacht RTÉ (2008-04-16). "Graveside oration at funeral of Patrick Hillery" (as en).
- ↑ Laurent BELLEC / An Coimisiún Eorpach (2016-05-30). "Éire san AE" (en). Éire - European Commission. Dáta rochtana: 2021-04-12.
- ↑ Breandán Delap (2014). "CÁIPÉISÍ STÁIT: Droim láimhe tugtha le healaíontóirí Thoraigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-12.
- ↑ Pádraig Ó hIrghile. An tUltach 84 (5), 20. Bealtaine 2008
- ↑ "Ó HIRIGHILE : Death notice - Irish Times Family Notices - Irish Times". notices.irishtimes.com. Dáta rochtana: 2021-04-12.