Proinsias Mac Aodhagáin
Polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea Proinsias Mac Aodhagáin (níos deireanaí, Proinsias Mac Aogáin ina úsáid féin) nó Frank Aiken as Béarla (13 Feabhra, 1898 - 18 Bealtaine, 1983). In éineacht le Eamon de Valera, bhí sé ar dhuine acu siúd a bhunaigh Fianna Fáil ar 23 Márta, 1926. Vótáladh isteach ar an Dáil an chéad uair sa bhliain 1923 é, agus mhair sé ansin go dtí an bhliain 1973. Bhí sé ina Thánaiste sna blianta ó 1965 go dtí 1969.
Proinsias Mac Aodhagáin | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meán Fómhair 19, 1923 - Bealtaine 20, 1927 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1923
Meitheamh 23, 1927 - Lúnasa 16, 1927 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927
Deireadh Fómhair 11, 1927 - Nollaig 17, 1931 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, Meán Fómhair 1927
Márta 9, 1932 - Nollaig 22, 1932 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1932
Márta 9, 1932 - Meán Fómhair 8, 1939 ← Desmond FitzGerald - Oscar Traynor →
Feabhra 8, 1933 - Meitheamh 14, 1937 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1933
Meitheamh 3, 1936 - Samhain 11, 1936 ← Joseph Connolly (en) ![]()
Iúil 21, 1937 - Bealtaine 25, 1938 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1937
Meitheamh 30, 1938 - Bealtaine 26, 1943 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1938
Iúil 1, 1943 - Bealtaine 10, 1944 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1943
Meitheamh 9, 1944 - Nollaig 11, 1947 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1944
Meitheamh 19, 1945 - Feabhra 18, 1948 ← Seán Tomás Ó Ceallaigh - Patrick McGilligan →
Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1948
Lúnasa 13, 1949 - Feabhra 1, 1951
Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Meitheamh 13, 1951 - Meitheamh 2, 1954 ← Seán MacBride - Liam Mac Cosgair →
Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Márta 20, 1957 - Bealtaine 16, 1957 ← Séamus Diolún - Seán Moylan →
Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1957
Márta 20, 1957 - Iúil 2, 1969 ← Liam Mac Cosgair - Pádraig Ó hIrighile →
Samhain 16, 1957 - Samhain 27, 1957 ← Seán Moylan - Patrick Smith →
Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Aibreán 21, 1965 - Iúil 2, 1969 ← Seán Mac an tSaoi - Erskine Hamilton Childers →
Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973 District: Lú Election: Olltoghchán na hÉireann, 1969
Meán Fómhair 29, 1969 - Bealtaine 1, 1973 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Camloch, Feabhra 13, 1898 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht |
Éire Saorstát Éireann | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | Baile Átha Cliath, Bealtaine 18, 1983 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Céile/Céilí |
Maud Aiken (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Alma mater | Scoil na Mainistreach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | taidhleoir, polaiteoir agus feirmeoir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Céim |
list of Irish Republican Army chiefs of staff (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil |
SaolCuir in Eagar
Saolaíodh an tAodhagánach i gCamloch, Contae Ard Mhacha, sa bhliain 1898.
Cogadh na SaoirseCuir in Eagar
Chuaigh an tAodhagánach isteach sna hÓglaigh sa bhliain 1914, agus bhí sé ina bhall den IRA i gCogadh na Saoirse. Faoi 1920 bhí sé ina leasbhriogáidire i mBriogáid an Iúir agus an bhliain dár gcionn ina cheannaire ar 4ú Roinn an Tuaiscirt.[1] Bhí sé i gceannas nuair a dódh beairic na bpílear san Iúr.
Um Nollaig tugadh fogha faoin mbeairic i gCamloch agus bhí de thoradh air sin gur dódh teach mhuintir Mhic Aogáin an mhaidin dár gcionn. Bhí sé ar a choimeád ina dhiaidh sin, rud a chabhraigh leis chun géarú ar na buillí cogaidh.
ScannalCuir in Eagar
Ba é a bhí i bhfeighil an luíocháin roimh thraein in Achadh an Dá Mhaol in aice leis an Iúr i 1921; maraíodh ceathrar saighdiúirí agus ceithre scór capall den mharcshlua a thionlaic Rí Seoirse V chun Parlaimint Thuaisceart na hÉireann a oscailt ar 22 Meitheamh 1921.
I 1922 mharaigh an Roinn chéanna seachtar Protastúnach in Allt na bhFiach sa dúiche chéanna i ndíoghail Caitlicigh a maraíodh.[2]
Cogadh CatharthaCuir in Eagar
Ní raibh an tAodhagánach sásta leis an gConradh Angla-Éireannach ná leis an Saorstát, agus mar sin, chuir sé troid ar lucht leanúna an Choileánaigh. Tháinig sé i gcomharbas ar Liam Ó Loingsigh mar Cheann Foirne ar an IRA. B'eisean a d'ordaigh don IRA scor den chath agus na hairm a dhumpáil, ar an 24 Bealtaine, 1923, agus mar sin, is féidir a rá gurbh eisean a chuir deireadh le Cogadh Cathartha na hÉireann. Mhair sé ina Cheann Foirne ar an IRA go dtí 12 Samhain, 1925.
Aire Cosanta agus Aire AirgeadaisCuir in Eagar
Bhí an tAodhagánach ar an chéad Aire Cosanta in aon rialtas de chuid Fhianna Fáil, agus b'eisean a choinnigh súil ar chúrsaí cosanta na tíre i Ré na Práinne, is é sin, i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, chaith sé trí bliana ina Aire Airgeadais.
Aire Gnóthaí EachtrachaCuir in Eagar
Is mar Aire Gnóthaí Eachtracha is mó is cuimhin leis na daoine é inniu. Chuir sé béim ar chearta na náisiún beag mar bhaill chothroma de na Náisiúin Aontaithe, agus theastaigh uaidh polasaí neamhspleách a bheith ag Éirinn sna gnóthaí eachtracha. Bhí sé barúlach gur chóir d'Éirinn dlúthpháirtíocht a léiriú do na náisiúin bheaga eile, ar nós na Tibéide agus na hUngáire, a bhí i mbéal an phobail sna caogaidí.
Thacaigh sé le neamhspleáchas na hAilgéire freisin, nuair a bhí cogadh coilíneach ar siúl ag an bhFrainc sa tír sin, agus bhí sé go tréan in aghaidh na hapairtéide. Chuir sé béim ar thábhacht an dlí idirnáisiúnta mar urra le saoirse na náisiún beag agus mar sciath chosanta ar bhagairt an chogaidh adamhaigh. Bhí plean dá chuid féin le síocháin a thabhairt isteach sa Mheán-Oirthear, agus shíl sé gurbh í Éire an tír cheart le headráin a dhéanamh idir Iosrael agus na hArabaigh, ó bhí caidreamh maith ag Éirinn le dhá thaobh na coimhlinte.
D'éirigh an tAodhagánach as an bpolaitíocht go hiomlán sa bhliain 1973, ó bhí sé míshásta le Cathal Ó hEochaidh agus leis an tionchar a bhí aige siúd sa pháirtí. D'iarr an tUachtarán de Valera air bheith ina iarrthóir d'Fhianna Fáil sa chéad toghchán Uachtaráin eile, ach d'fhág an tAodhagánach an Uachtaránacht ag Erskine Hamilton Childers.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "AIKEN, Frank (1898–1983)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-06-16.
- ↑ UlsterTroubles (2012-06-28). "The Altnaveigh Massacre - IRA Slaughter Of Protestant Families".
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |