Liam Ó Loingsigh

ginearál Éireannach

Bhí Liam Ó Loingsigh (Béarla: Liam Lynch; 9 Samhain, 189310 Aibreán, 1923) ina oifigeach ar Óglaigh na hÉireann i rith Chogadh na Saoirse agus ina ghinearál ar na fórsaí a throid i gcoinne an chonartha i rith Chogadh Cathartha na hÉireann.

Infotaula de personaLiam Ó Loingsigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Samhain 1893
Contae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Aibreán 1923
29 bliana d'aois
Contae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach míleata, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
GéillsineÉire
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha na hÉireann

Find a Grave: 10030266 Cuir in eagar ar Wikidata

A óige cuir in eagar

Rugadh Liam i mBarr na nGabhar, sráidbhaile beag i gContae Luimneach, gar do Bhaile Mhistéala i gContae Chorcaí. Jeremiah agus Máire Ceallaigh Uí Loingsigh ab ea a thuistí. D'fhreastail sé ar Scoil Ghleann na gCreabhar agus é ina ghasúr óg.

Sa bhliain 1910, agus é seacht mbliana déag d'aois, thosaigh sé ar phrintíseacht i gcrua-earraí trádála Uí Néill i mBaile Mhistéala, áit a raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus d'Ord Ársa na nIbeirneach. Níos déanaí fuair sé post i gCeannaí Adhmaid de Barra i mBaile Mhainistir Fhear Maí. Díreach tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, bhí sé i láthair nuair a ghabháil agus mharaigh baill de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann David agus Richard Ceannt as Teach Bawnard.

Cogadh na Saoirse cuir in eagar

I gCorcaigh, chuir Ó Loingsigh eagar ar na hÓglaigh ansin sa bhliain 1919, agus i rith an chogaidh bhí sé ina Cheannfort ar Bhriogáid 2 den IRA. Chabhraigh Ó Loingsigh le gabháil an oifigigh Shasanaigh Ginearál Lucas i mí an Mheithimh, 1920. Lámhachadh Coirnéil Danford le linn na heachtra. D'éalaigh Lucas nuair a bhí sé ina chime ag fir an IRA as Contae an Chláir. Gabhadh é féin, agus oifigigh eile de chuid Bhriogáid 2, i Halla Cathrach Chorcaí i mí Lúnasa, 1920. Gabhadh Traolach Mac Suibhne, méara Chorcaí - a fuair bás de bharr stailc ocrais i bpríosún. Thug an Loingseach ainm bréige, agus ligeadh saor é trí lá níos déanaí. I rith an ama chéanna, bhí na Sasanaigh tar éis beirt a mharú, ag ceapadh gur Liam a bhí iontu (bhí an t-ainm céanna acu).

I mí Mheán Fómhair, 1920, chuaigh sé féin agus Ernie Ó Mháille, le buíon go Mala le ceanncheathrú saighdiúirí na Breataine sa bhaile sin a ghabháil. Ghabh siad na hairm go léir a bhí sa dún agus chuir siad an foirgneamh trí thine. Roimh dheireadh na bliana 1920, fuair briogáid Uí Loingsigh an bua ar fhórsaí na Sasanaigh in dhá luíochán. Lean sé leis an dtreallchogaíocht i dtús na bliana 1921. Ach maraíodh deichniúr óglach le linn an fheachtais, agus gabhadh ochtar eile i Mainistir Na Morna, agus theip ar luíochán ar traein ag Upton.

I mí Aibreáin 1921, atheagraíodh an t-IRA arís, ar bhonn réigiúnach. Bhí an méid sin clú agus cáil bainte amach ag Liam gur ceapadh é ina Cheannfort ar Chéad Rannán an Deiscirt. Ón am seo go dtí an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gcogadh i mí Iúil 1921, bhí an rannán seo faoi bhrú de bharr méadú fórsaí na Sasanaigh sa Deisceart agus rinneadh atheagrú ar an bhfórsa seo mar threallchogaithe. Nuair a tháinig an sos cogaidh bhí Loingsigh sásta toisc an easpa airm a bhí aige, ach cheap sé go leanfadh an cogadh ar aghaidh ar ball.

Níor ghlac sé le téarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh agus throid sé in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha a tháinig ina sála. Níor éirigh lena chuid iarrachtaí agus buadh ar na poblachtánaigh sa chogadh. Fuair sé bás de ghortaithe tar éis gur éirigh le fórsaí an tSaorstáit a chuid fear a thimpeallú i mí Aibreáin 1923. Nior mhair an cogadh i bhfad tar éis a bháis.