Patrick McGilligan
Polaiteoir Éireannach ab ea Patrick McGilligan nó Pádraig Mac Giollagáin (12 Aibreán, 1889 - 15 Samhain, 1979). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ar dtús agus ansin Fine Gael.
Bhí an Giollagánach freagrach as Bord Soláthair an Leictreachais a chruthú agus é ina Aire Tionscail agus Tráchtála. Nuair a bhí Scéim na Sionainne (Ard na Croise) á tógáil, ritheadh Acht Bhord Soláthair an Leictreachais tríd an Oireachtas sa bhliain 1927 agus an Giollagánach i mbun.
Saol
cuir in eagarCéimí de chuid UCD ba ea é (BA 1910; HDip in Ed, 1913; MA, 1915; DEconSc (Hon) 1940). Glaodh chun an Bharra air i 1921 agus chun an Bharra Laistigh i 1946.[2]
Bhí sé ina pholaiteoir ó 1923 go 1965 agus, chomh maith le bheith ina Aire Tionscail agus Tráchtála (1924 go 1932), bhí sé ina Aire Gnóthaí Coigríche (1927 go 1932), ina Aire Airgeadais (1948 go 1951) agus ina Ard-Aighne (1954 go 1957).
I mí Dheireadh Fómhair 1934 rinneadh Ollamh leis an Dlí Bunreachtúil agus Idirnáisiúnta agus leis an Dlí Coirúil agus Nós Imeachta Coirúil de, post a bhí aige go dtí gur éirigh sé as in aois a seachtó (lean sé ar aghaidh ag léachtóireacht ar feadh roinnt bliana eile ina dhiaidh sin). Bhí sé ina Dhéan ar an Dlí ó 1953 go 1959.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ard na Croise/Ardnacrusha" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-28.
- ↑ 2.0 2.1 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Patrick McGilligan". Dáta rochtana: 2021.