Réigiún san Áise is ea an Tibéid. Tá sí suite ar ardchlár i dtuaisceart na Himiléithe. 4,900 méadar an mheán-airde agus is é an réigiún is airde ar domhan é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Tibéid

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 29° 36′ N, 91° 06′ E / 29.6°N,91.1°E / 29.6; 91.1
Críoch á éileamh agCentral Tibetan Administration (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne
Autonomous region (en) Aistrighan Tibéid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,002,166 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1.2 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,500,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde4,380 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Everest (8,848.86 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Inniu tá an tír faoi smachtt Dhaon-Phoblacht na Síne. Tá Rialtas na Tibéide ar deoraíocht i nDaramsala na hIndia.

Bunaíodh an mainistir ag Samye faoi phátrúnacht Trisong Detsen timpeall 790
Kampa Dzong, 1904, agus feachtas faoi cheannas Francis Younghusband

Tíreolaíocht

cuir in eagar

Tá an Tibéid suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil pláta teicteonach na hIndia agus pláta teicteonach na hEoráise ag brú a chéile agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta dá bhíthin sin. Ar an 7 Eanáir 2024, maraíodh 135+ duine mar gheall ar chrith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal (i gceantar iargúlta Tingri, atá suite ar thalamh ard, a bhí croílár an chreatha).[1]

 
An t-ardchlár
 
Agóid i bPáras. Tá an bhratach seo mídhleathach sa Tibéid inniu, faoi dhlí na Síne.

Fógraíodh an chéad stát Tibéadach i ngleann na habhann Yarlung Tsangpo, an abhainn níos faide sa Tibéid. Timpeall 600, tháinig Namri Songtsen[2] i gcumhacht; tugadh an chumhacht do rialtas láir agus ainmníodh Lása mar phríomhchathair. Mhéadaigh an ríocht seo faoi smachtt a mhic Songtsen Gampo a bhunaigh Impireacht na Tibéide.

Deir staraithe Tibéadacha go dtáinig Búdaithe go dtí an Tibéid le linn an réimis Songtsen Gampo. Rialaigh Songtsen Gampo go 649 CR.

Níos déanaí, chothaigh an rí Trisong Detsen go mór an Búdachas. Bunaíodh an mainistir ag Samye faoi phátrúnacht Trisong Detsen timpeall 790. Tugtar ómós do Songtsen Gampo agus do Trisong Detsen mar rithe an Dharma (Tib. ཆོས་རྒྱལ་ chos rgyal) -- rithe a chreid go mór i dteagasc an Bhúdachais agus a thacaigh go mór leis. Le linn an ama seo, bhí neart talún faoi smachtt Impireacht na Tibéide. Throid Impireacht na Tibéide i gcoinne na n-Arabach san iarthar agus i gcoinne na Síne san oirthear. Tar éis bhás an rí Langdarma i 842, thit Impireacht na Tibéide, agus ní raibh an Tíbeid aontaithe faoi smacht rí amháin níos mó.

Sa bhliain 1904, rinne an Ríocht Aontaithe ionradh ar an Tibéid.[3] Ionsaí ba ea é ar dhaoine nach raibh cóir a gcosanta acu. Feallmharaíodh na céadta nó na mílte manach le linn an fheachtais míleata.

Shroich sluaíocht Briotanach, faoi cheannas Francis Younghusband, Lása na Tibéide, ar 3 Lúnasa 1904. Ba choimirceas de chuid na Breataine é nuair a shínigh Conradh Lása ar an 7 Meán Fómhair 1904.

Cleachtaítear neart reiligiúin sa Tibéid, ach cleachtaíonn formhór na dTibéadach an Búdachas.

Tá ceithre scoil an Bhúdachais sa Tibéid: an scoil Nyingma, an scoil Kagyu, an scoil Sakya, agus an scoil Gelug. Is é an Dalai Lama ceannaire na scoile Gelug, agus d'fheidhmíodh sé cumhacht theamparálta sa Tibéid go hionradh na Síne i 1959.

Cleachtaíonn roinnt Tibéadach reiligiún ar a dtugtar Bon air.

Tá conspóid ann faoi bhunús an Bon. De réir an traidisiúin Bhúdaíoch, is é an Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ach deir a lucht leanúna go bhforbraíodh an Bon i dtír ar an taobh thiar den Tibéid ar a dtugtar Tazig.

Tá neart cosúlachtaí idir an Búdachas agus an Bon, ach dhéantaí géarleanúint ar an mBon go minic i stair na Tibéide.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTÉ (2025-01-07). "100 duine maraithe mar gheall ar chrith talún sa Tibéid" (as ga-IE). 
  2. "Namri Songtsen" (as en) (2020-04-12). Wikipedia. 
  3. "British expedition to Tibet" (as en) (2019-08-03). Wikipedia.