Reiligiún Tibéadach is ea Bon (Tib. བོན་ bon). Tugtar Bonpo (Tib. བོན་པོ་ bonpo) ar a lucht leanúna. Tá conspóid ann faoi bhunús Bon agus faoin mbaint atá aige leis an mBúdachas Tibéadach. De réir stair Bhúdaíoch na Tibéide, is é Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ar ar bhuaigh an Búdachas sa 8ú céad i ndiaidh bhreith Chríost. De réir sheanchas na mBonpo, forbraíodh Bon taobh thiar den Tibéid, i dtír ar a dtugtar Tazig (Tib. སྟག་གཟིག་ stag gzig). Ní furasta a rá cá raibh Tazig suite, agus tá siad ann a deir nach raibh ann ach tír fantaisíochta cosúil le tír Shambala i miotaseolaíocht Bhúdaíoch na Tibéide.

Bosca Sonraí EagraíochtaBon
Sonraí
Cineáltraidisiún Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í)Tonpa Shenrab Miwoche Cuir in eagar ar Wikidata
An yungdrung, siombail thábhachtach de chuid Bon

An creideamh a chleachtar sa Tibéid inniu faoi ainm Bon, níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi cé acu craobh de chuid an Bhúdachais nó reiligiún ar leith atá ann. Deir an scoláire nua-aimseartha Geoffrey Samuel gur leagan ar leith den Bhúdachas Tibéadach é Bonpo, cé gur féidir gnéithe réamh-Bhúdaíocha a aithint air. Is é barúil John Powers nár tháinig Bon chun saoil mar thraidisiún reiligiúnach ar leith ach amháin faoi thionchar an Bhúdachais.