Litríocht Astrálach i dteangacha pobail

litríocht Astrálach scríofa i gcuid mhaith de theangacha pobail na hAstráile. I measc na dteangacha úd tá Gaeilge, Iodáilis, Gréigis, Araibis, Vítneaimis, Laois, Filipínis, Laitvis, Úcráinis, Polainnis, Rúisis, Seirbis agus Giúdais.

Tá sé áitíthe go bhfuil mionphobail liteartha den saghas seo scoite amach ar fad ó phobal liteartha an Bhéarla. Tá a gcuid féilte filíochta, comórtas liteartha, irisí agus forlíonta féin ag na mionphobail sin, agus fiú foilsitheoirí dá gcuid féin.[1] Foilsíonn scríbhneoirí éigin, ar nós an údair Ghréigise Dimitris Tsaloumas, sa dá theanga.

Ní mór an tsuim a chuir criticeoirí Astrálacha san litríochtaí úd go dtí seo, cé gur dócha go bhfuil níos mó airde á tabhairt orthu anois.[2]

Cé gur gnách le scríbhneoirí de chuid na mionphobal seo Béarla a úsáid anois, tá scríbhneoirí ann i gcónaí a bhaineann tairbhe as na seanteangacha. Ó thaobh na staire de, is díol spéise iad na teangacha thíos mar uirlis liteartha Astrálach.

Giúdais cuir in eagar

Tá léargas le fáil ar shaibhreas chultúr na Giúdaise san Astráil sa 20ú haois sa mhéid irisí, forlíonta agus nuachtán a tháinig amach in Melbourne agus in áiteanna eile. Bhí Giúdaigh ag teacht go dtí an Astráil ó thús an 19ú haois amach, agus i dtús an 20ú haois bhí mórán cainteoirí Giúdaise le fáil in Sydney agus in Melbourne.

Tháinig David Altshul i dtír in Melbourne sa bhliain 1927 le cló Giúdaise agus chuir sé féin agus Pinchas Goldhar Oystralyer Lebn (An Saol Astrálach) ar bun sa bhliain 1931. Níor mhair sé, ach tháinig roinnt mhaith foilseachán eile dá leithéid ar an bhfód thar na blianta, agus orthu sin bhí Di Yiddishe Nayes (Nuacht Giúdaise), forlíonadh de chuid an Australian Jewish News. Tháinig deireadh leis mar fhoilseachán rialta sa bhliain 1995 toisc laghdú chomh mór sin a theacht ar líon na gcainteoirí, cé go gcuirtear idir Di Yiddishe Nayes agus Melburner Bleter (Leathanaigh Melbourne - forlíonadh de chuid an Melbourne Chronicle) amach ar ócáidí speisialta.[3]

Bhí Pinchas Goldhar ar na scríbhneoirí Giúdaise ba shuntasaí san Astráil. Tháinig a a athair Jacob, baintreach fir, ón bPolainn sa bhliain 1928 le ceathrar clainne agus chuir monarcha ruaimneoireachta ar bun in Melbourne. Bhí Pinchas sáite i saol a phobal féin agus scríobh mórán gearrscéalta faoi inimircigh Ghiúdacha ón bPolainn, scéalta a léirigh an t-uaigneas a bhí ar a lán acu. Bhí blas an nua-aoiseachais ar a shaothar agus chuaigh a chuid scéalta i bhfeidhm ar scríbhneoirí agus ar chriticeoirí Astrálacha trí aistriúcháin.[4][5][6]

Spáinnis cuir in eagar

Litríocht Spáinnise le scríbhneoirí ó Mheiriceá Theas le fáil san Astráil. Bhí comórtais liteartha ar siúl faoi choimirce an Spanish Club in Sydney, an Uruguayan Club in Melbourne agus eile. Foilsíodh díolamaí sna hochtóidí agus sna nochtóidí, agus foilsíodh bailiúcháin d’fhilíocht agus de ghearrscéalta, úrscéalta, drámaí, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí. Tháinig an chuid is mó den litríocht seo amach i Spáinnis, cé gur beag aird a thug scoláirí liteartha uirthi seachas ar scríbhneoirí Gréigise agus Iodáilise. Bhí tábhacht riamh le hirisí liteartha, ar nós Vistazo, Versión agus Hontanar.[7]

Is dócha gurbh é Rudesindo Salvado, Ab Beinidictíneach Mhisean Norcia Nua san Astráil Thiar sa 19ú haois, an chéad scríbhneoir Spáinnise san Astráil, ós í Spáinnis a scríobh sé a cuid dialann, atá foilsithe anois. Ón mbliain 1907 amach bhí Spáinnigh ag obair i dtuaisceart Queensland, agus orthu sin bhí Salvador Torrents, scríbhneoir a chum crónistas (píosaí gearra aoracha), in éineacht le dánta agus gearrscéalta (nár foilsíodh fós).

Bhain iriseoirí Spáinnise an Astráil amach tríd an Spanish Migration Scheme (1958-1963) agus cuireadh na chéad nuachtáin Spáinnise ar bun dá bharr. Bhí daoine i measc na n-inimirceach seo a chuir ócáidí liteartha ar bun. Sna seachtóidí tháinig a lán scríbhneoirí agus intleachtóirí ó Mheiriceá Theas, go háirithe ón Airgíntín, ón tSile agus ó Urugua, tíortha a raibh achrann polaitiúil ar siúl iontu ag an am. Chuir na daoine sin go mór le litríocht Spáinnise na hAstráile, agus chuir cúpla duine acu na chéad leabhair amach (saothair a d’fhoilsigh siad iad féin). Cuireadh a lán irisí liteartha ar bun thar na blianta, agus is é Hontanar an ceann is buaine díobh. Ar na scríbhneoirí Astrálacha a bhfuil saothar Spáinnise foilsithe acu tá Michael Gamarra, Humberto Hincapié agus Clara Isabel Maldonado.[8]

Iodáilis cuir in eagar

 
An limistéar "Iodálach" i Sráid Lygon, Carlton, fo-bhaile ionchathrach de Melbourne. Sular bhain na hIodálaigh Carlton amach bhí pobal mór cainteoirí Giúdaise ann.

Tá idir phrós agus fhilíocht scríofa ag scríbhneoirí Iodáilise san Astráil agus tá filíocht á foilsiú ó na daichidí i leith. Tháinig neart Iodálach chun na hAstráile idir na daichidí agus na seachtóidí, agus idir na blianta 1947 agus 2004 d’fhoilsigh seacht bhfile Iodálacha is tríocha 85 leabhar filíochta. Iodáilis a úsáideadh in 71 cinn díobh agus tá roinnt mhaith filíochta le fáil i nduanairí freisin.

Is dócha gur thug beartas an ilchultúrachais sna seachtóidí spreagadh éigin don litríocht úd ach is lag an bhaint atá aici leis an gcanóin aitheanta. Tá timpeall 17% den fhilíocht scríofa i gceann de na canúintí agus is iomaí údar a úsáideann idir Bhéarla, Iodáilis nó chanúint éigin le chéile. Bhí iomrá ar leith sa chéad ghlúin le Luigi Strano, Enoe Di Stefano, Mariano Coreno agus Lino Concas mar fhilí.[9]

Gréigis cuir in eagar

Tháinig méadú suntasach ar an líon Gréagach san Astráil ó dheireadh an 19ú haois anuas go dtí an Chéad Chogadh Domhanda, agus tá inimircigh ag teacht ón nGréig riamh ó shin. In Sydney agus in Melbourne is mó a chuir siad fúthu, agus foilsíodh an chéad nuachtán Gréigise san Astráil sa bhliain 1913 in Melbourne. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí Rialtas na Gréige ag gríosú daoine chun an Ghréig a fhágáil chun dífhostaíocht a mhaolú sa bhaile, agus bhain cuid acu Melbourne, Sydney agus Adelaide amach. Sa bhliain 2011 bhí Gréigis á labhairt sa bhaile san Astráil ag 252,211 duine.[10] Chuidigh neart na teanga agus an oiread sin daoine oilte a bheith ann le pobal léitheoireachta Gréigise a chothú.

D’fhág na Gréagaigh a rian ar shaol cultúrtha an Bhéarla san Astráil ach bhí scríbhneoirí ann riamh a d’fhoilsigh saothair i nGréigis. Orthu sin tá Dean Kalimniou (Konstantinos Kalymnios), Fotini Epanomitis agus Dimitris Tsaloumas.

Tá tábhacht i ngnóthaí cultúir leis an Greek-Australian Cultural League, eagraíocht neamhbhrabaigh a chuidíonn le scríbhneoirí agus le healaíontóirí de chuid an phobail Ghréagaigh san Astráil agus scríbhneoirí Gréigise ina measc.[11]

Gaeilge cuir in eagar

Tháinig na mílte Éireannach chun na hAstráile sa 19ú haois, go háirithe i seascaidí na haoise sin. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag a leath ar a laghad agus riar beag daoine ina measc a raibh léamh nó scríobh na teanga acu. Tugadh roinnt lámhscríbhinní ó Éirinn agus bhí scata a raibh suim acu san obair a bhí á dhéanamh in Éirinn chun an teanga a chaomhnú. Faoi ré na hAthbheochana bhí gníomhaithe Gaeilge le fáil in Sydney agus in Melbourne, ach is beag a chuir siad le litríocht na teanga, cé gur fhoilsigh Mícheál Ó Tiománaidhe gearrscéal in Éirinn sa bhliain 1907 a bhí bunaithe ar a bhfaca sé san Astráil.[12]

Níor tháinig ficsean nó filíocht ó láimh scríbhneoirí a bhí ina gcónaí san Astráil go dí caogaidí an 20ú haois. D’fhoilsigh Fionán Mac Cártha (arbh as Contae Ros Comáin dó agus fiche bliain caite aige san Astráil) Amhráin Ó Dheireadh an Domhain (Oifig an tSoláthair) sa bhliain 1953.[13]

Bhí an file Corcaíoch Louis de Paor ina chónaí in Melbourne idir na blianta 1984 agus 1988 agus é ag scríobh i gcónaí. D’fhoilsigh sé trí chnuasach san Astráil: Aimsir Bhreicneach (Leros, 1993), Gobán Cré is Cloch (Black Pepper, 1996?), agus Corcach & Dánta Eile (Black Pepper, 2000).

Sa bhliain 2009 d'fhoilsigh Muiris (Mossie) Ó Scanláin, cainteoir dúchais ó Chorca Dhuibhne arbh fhada é ina chónaí san Astráil, scéal a bheatha féin: An Mám ó Dheas.[14]

Tá ficsean agus dánta foilsithe ag Colin Ryan, Gaeilgeoir Astrálach, ar Feasta, Comhar, An Gael agus Tinteán. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht cnuasach dá chuid scéalta (Teachtaireacht) sa bhliain 2015,[15] agus d'fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta leis (Corraí na Nathrach) sa bhliain 2017.[16]

Tá cnuasach dánta dar teideal Dánta Póca (Coiscéim 2020) foilsithe ag Julia Breatnach-Banwait, file a tógadh i gConamara agus atá ina cónaí anois san Astráil Thiar.[17].

Tá baint ag saothrú teoranta na litríochta Gaeilge san Astráil le laghad na nGaeilgeoirí: chuir daonáireamh Astrálach na bliana 2011 in iúl nach raibh ach 1,895 duine ag úsáid na Gaeilge mar theanga bhaile.[18]

Nótaí cuir in eagar

  1. [1] Michael Jacklin (University of Wollongong), “Desde Australia para todo el mundo hispano”: Australia’s Spanish-Language Magazines and Latin American/Australian Writing.
  2. "PhD Spanish Writing in Australia: Scholarship Description". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-04-13. Dáta rochtana: 2014-02-04.
  3. [2] Curtha i gcartlann 2014-03-03 ar an Wayback Machine Yiddish Melbourne - Media and Creative Writing - Yiddish Newspapers and Journals: Arts, Monash University
  4. [3] Curtha i gcartlann 2014-01-27 ar an Wayback Machine Archive of Australian Judaica, Sydney University
  5. [4] The Collected Stories of Pinchas Goldhar, Hybrid Press 2016
  6. http://adb.anu.edu.au/biography/goldhar-pinchas-6415
  7. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-05-17. Dáta rochtana: 2014-02-18.
  8. [5] Michael Jacklin (University of Wollongong), “Desde Australia para todo el mundo hispano”: Australia’s Spanish-Language Magazines and Latin American/Australian Writing
  9. [6] Gaetano Rando (University of Wollongong), ‘Italian-Australian Poetry by First Generation Writers: An Overview’.
  10. [7] Curtha i gcartlann 2015-12-07 ar an Wayback Machine Special Broadcasting Service (SBS) - féach "All other languages, "All of Australia" agus "Greek".
  11. Greek-Australian Cultural League: http://www.gacl.com.au/
  12. Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria. Ballarat Heritage Services, lgh 101-129. ISBN 978-1-876478-83-4 (clúdach bog)
  13. ”Mac Cártha, Fionán (1886 – 1953)”: Ainm.ie: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=439.
  14. An Mám ó Dheas, An Sagart 2009. ISBN 1-903896-55 X
  15. https://www.cic.ie/books/published-books/teachtaireacht Curtha i gcartlann 2016-04-09 ar an Wayback Machine.
  16. http://www.coisceim.ie/corrai.html.
  17. http://www.coisceim.ie/dantapoca.html
  18. http://www.sbs.com.au/news/census/ Curtha i gcartlann 2013-07-17 ar an Wayback Machine: Special Broadcasting Service (SBS) – féach "All other languages," "All of Australia" agus "Irish".

Le léamh cuir in eagar

[8] 'Australian writing in Irish,' Tinteán, 6 Meitheamh 2014

Naisc cuir in eagar

An Ghaeilge san Astráil