An Gael (iris as Meirceá)

(Athsheolta ó An Gael)

Is irisleabhar “idirnáisiúnta” Gaeilge é An Gael, a fhoilsítear in Long Island i stát New York, faoi choimirce Chumann Carad na Gaeilge.[1] Foilsítear uair sa ráithe é

Infotaula de publicacions periòdiquesAn Gael
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Am tosaigh2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit a fhoilsitheNua-Eabhrac

Suíomhangaelmagazine.com Cuir in eagar ar Wikidata

Dáileadh cuir in eagar

Léann an chuid is mó de na daoine An Gael  ar an idirlíon. Dúirt an an t-eagarthóir Séamus Ó Neachtain go raibh síntiús ag tuairim is 15 duine sa bhliain 2019/2020. Ceannaítear an iris uaidh féin in New York, agus tá an iris le fáil i siopaí áirithe – Litriocht.com ina measc. Léann an chuid is mó de lucht léite An Gael an iris ar líne, áfach, tríd an suíomh irisí  MagCloud.[2]

Is féidir An Gael a léamh ar líne agus tig le síntiúsóirí é a fháil i bhfoirm chlóite. Maítear gur "irisleabhar lán-Ghaeilge idirnáisiúnta" é agus iarrtar ábhar ar scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhain.

Stair cuir in eagar

Ba mar nuachtán a tosaíodh An Gaodhal, réamhtheachtaí An Gael, sa bhliain 1879.[3] Mícheál Ó Lócháin, as Gaillimh, a thosaigh an t-irisleabhar dátheangach sin agus a bhí ina eagarthóir air go dtí a bhás in 1899.

Mhair an leagan sin den iris deich mbliana eile nó mar sin. Bhíodh na hailt i mBéarla agus i nGaeilge.

Rinneadh cúpla iarracht An Gaodhal a athbheochan in imeacht na mblianta ó 1909 go 2009. Ach ní go dtí gur athbhunaíodh Cumann Carad na Gaeilge i lár na 2000idí a tugadh faoin iarracht arís i gceart. Athbhunaíodh é nuair a bhí an Cumann féin á athchóiriú mar eagraíocht a thabharfadh faoi chur chun cinn na Gaeilge i gceart feasta.[4] Bhunaigh Séamas Ó Neachtain é sa bhliain 2009.

An Gael, mar a thugtar anois ar an bhfoilseachán, á chur amach uair sa ráithe ó shin.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Maitiú Ó Coimín (2021). "An 50ú heagrán á cheiliúradh ag ‘An Gael – Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge’" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  2. 2.0 2.1 An Gael (Fómhar 2021). "Fómhar 2021" (ga). MagCloud. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  3. angaelmagazine.com (2021). "Stair". www.angaelmagazine.com. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  4. "Cumann Carad Na Gaeilge -Stair / The Philo-Celtic Society - History". www.philo-celtic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-09. Dáta rochtana: 2021-09-15.