Ernest Hemingway
Scríbhneoir, údar agus iriseoir Meiriceánach ab ea Ernest Miller Hemingway (21 Iúil, 1899 – 2 Iúil, 1961). Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air
Ernest Hemingway | |
![]() | |
Ernest Hemingway | |
Dáta breithe | 21 Iúil, 1899 |
Oak Park, Illinois, SAM | |
Dáta báis | 2 Iúil, 1961 |
Ketchum, Idaho, SAM | |
Náisiúntacht | Meiriceánach |
Gairm | Úrscéalaí, iriseoir |
Duaiseanna | Duais Nobel (1954) |
Céile | E. Hadley Richardson (1921–27) Pauline Pfeiffer (1927–1940) Martha Gellhorn (1940–1945) M. Welsh Hemingway (1946–61) |
Síniú![]() |
SaolCuir in Eagar
Ba dhochtúir é a athair agus b'eisean an dara as seisear clainne. Chaith sé a shaol mar ógánach i mbruachbhaile Siceago, Oak Park.
Thosaigh sé ag obair mar iriseoir don Kansas City Star i 1917. An bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an Iodáil ag obair mar thiománaí otharchairr ar an bhfronta, áit a goineadh go dona é. Fuair sé dhá bhonn mar gheall air.
D'fhill sé ar SAM i 1919 agus pósadh é i 1921.
D'oibrigh sé mar iriseoir san Eoraip arís sa bhliain 1922, ag scríobh tuarascálacha ar an gcogadh idir an Ghréig is an Tuirc.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin d'éirigh sé as an iriseoireacht chun díriú ar an bhficsean. Chuaigh sé go Páras agus bhuail sé lena chairde Meiriceánacha arís, Ezra Pound agus Gertrude Stein. Bhí tionchar an-tábhachtach acu ar a chuid stíle.
Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air i 1954 tar éis dó The Old Man and the Sea a fhoilsiú dhá bhliain roimhe sin.
Sláinte mheabhrachCuir in Eagar
Bhí sé tugtha don ól ar feadh a shaol. Tháinig paranóia iomlán air, agus fadhbanna meabhairshláinte eile i mblianta deireanacha a shaoil.
Chuir sé lámh ina bhás féin sa bhiain 1961. Scaoil sé urchar leis féin ina bhaile i Ketchum, Idaho.
LeabhairCuir in Eagar
ÚrscéaltaCuir in Eagar
- (1925) The Torrents of Spring
- (1926) The Sun Also Rises
- (1929) A Farewell to Arms
- (1937) To Have and Have Not
- (1940) For Whom the Bell Tolls
- (1950) Across the River and Into the Trees
- (1952) The Old Man and the Sea
- (1962) Adventures of a Young Man
- (1970) Islands in the Stream
- (1986) The Garden of Eden
- (1999) True at First Light
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |