Is é Leopold Bloom an príomhcharachtar i leabhar cáiliúil James Joyce, Ulysses. Comhlíonann sé ról Odaiséas agus é ag taisteal thart i mBaile Átha Cliath ar feadh lae. Déantar an lá seo a cheiliúradh gach bliain ar an 16 Meitheamh (an dáta a d'úsáid Joyce sa leabhar) agus tugtar Lá Bloom air in ómós don charachtar úd.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLeopold Bloom

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agJames Joyce Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agZero Mostel, Milo O'Shea agus Stephen Rea Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharUlysses Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arOdaiséas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Ainm breitheLeopold Paula Bloom Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteHenry Flower Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmPoldy agus Mackerel Cuir in eagar ar Wikidata
Speiceasna Giúdaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathafógróir agus réalteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirThe Freeman’s Journal Cuir in eagar ar Wikidata
Airde69.5 in Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan158 lb Cuir in eagar ar Wikidata
CónaitheBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Breith1866 Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileMolly Bloom Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíMilly Bloom (en) Aistrigh agus Rudolph "Rudy" Bloom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ball deMáisiúnachas Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis Fhicseanúil cuir in eagar

Rugadh Bloom sa bhliain 1866. Mac le Rudolf Virág (Giúdach as Szombathely na hUngáire) a tháinig go hÉirinn, thiontaigh ina Phrotastúnach, d'athraigh a ainm go Rudolph Bloom agus chuir lámh ina bhás féin) atá ann. Ellen Higgins, Protastúnach Éireannach a mháthair. Níl sé timpeallghearrtha. Bhí cónaí orthu i Sráid Clanbrassil i bPortobello. Thiontaigh Leopold ina Chaitliceach chun Marion (Molly) Tweedy a phósadh ar an 8 Deireadh 1888. Rugadh iníon, Millicent (Milly), dóibh sa bhliain 1889; cailleadh a mac Rudolph (Rudy), a rugadh i mí na Nollag 1893, nuair nach raibh ach 11 lá slánaithe aige. Tá an teaghlach ina gcónaí i 7 Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath.

Tagairtí cuir in eagar