Is éard atá i gceist le máisiúnachasfreemasonry ná eagraíocht shóisialta a tháinig ar an saol sna 17ú agus 18ú haoiseanna ar an laghad. Bhí an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ariamh ina choinne.

An Goose agus Gridiron, mar ar bunaíodh an chéad lóiste Máisiúnach
Mason's Symbols, Glenogle Road - geograph.org.uk - 1405306.jpg

StairCuir in Eagar

Bunaíodh an máisiúnachas i Sasana sa bhliain 1717 nuair a tháinig scata fear le chéile sa teach ósta Goose and Gridiron i Londain. Chuir siad an chéad Lóiste Mór ar bun.

 
Josephine Baker; ghlac sé ballraíocht sa chraobh Nouvelle Jérusalem)

Ar an 8 Eanáir 1934, choigistigh Roinn Gnóthaí Inmheánacha na Gearmáine maoin agus fáltas na gcraobhacha Máisiúnacha, agus cuireadh cosc leis an Máisiúnachas ar fad. Aon duine a bhí ina Mháisiún nuair a shealbhaigh Hitler an chumhacht sa Ghearmáin, ní raibh cead aige ballraíocht a lorg i bpáirtí na Naitsithe ná oifig phoiblí a shealbhú. Dhearc an páirtí ar na Máisiúin mar naimhde ar chúiseanna idé-eolaíochta (seachas ar chúiseanna ciníochais), agus sna campaí géibhinn dóibh, chaithfidís triantán dearg a chaitheamh lena stádas mar chimí polaitiúla a thaispeáint don tsaol ina dtimpeall.

 
Masonic Hall, bóthar Hamilton, Beannchar, An Dún

In ÉirinnCuir in Eagar

Ceaptar gur bunaíodh an chéad Lóiste Mór in Éirinn sa bhliain 1725. Is é an Lóiste Mór Éireannach an dara ceann ar domhan dár bunaíodh agus is é an ceann is sine dá maireann inniu.

Láithreán gréasáinCuir in Eagar