Halla na Máisiún, Sráid Theach Laighean

Is foirgneamh é Halla na Máisiún (Freemasons' HallGrand Lodge of Ireland) atá lonnaithe ar Shráid Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Halla na Máisiún, Sráid Theach Laighean
Íomhá
Sonraí
CineálFoirgneamh
Dáta na hoscailte oifigiúla1869 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′28″N 6°15′21″W / 53.34117836°N 6.25596793°W / 53.34117836; -6.25596793
Gníomhaíocht
ÚinéirArdlóiste na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúilfreemason.ie

Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag an bhfoirgneamh agus is é ceanncheathrú na Máisiún in Éirinn é. Bunaíodh an Grand Lodge sa bhliain 1725. Tá an Halla, a tógadh sa bhliain 1869, maisithe i stíl Victeoiriach. Tá síleálacha stuacha gorma i Seomra an Lóiste Mhóir ar a bhfuil ciumhaiseanna bána agus órga agus tá orgán mór píopaí ann. Tá Seomra na dTeamplóirí ann agus seomraí searmanais eile atá maisithe le stíleanna ailtireachta éagsúla, ina measc seomra Éigipteach agus seomra Gotach bréige. Tá seomraí cruinnithe eile ann, a maisíodh i stíleanna Clasaiceacha agus Túdaracha. Tá oifigí riaracháin, leabharlann, músaem agus caifé sa Lóiste freisin.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar