Timothy Sullivan (breitheamh)
Abhcóide agus breitheamh Éireannach ba ea Timothy Sullivan (6 Eanáir 1874 – 12 Bealtaine 1949).
Timothy Sullivan | |||||
---|---|---|---|---|---|
1917 -
Nollaig 1, 1936 - Meitheamh 1, 1946 ← Hugh Kennedy - Conor Maguire → | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, 6 Eanáir 1874 | ||||
Náisiúntacht | Éire Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Saorstát Éireann | ||||
Bás | Carraig an tSionnaigh, 12 Bealtaine 1949 | ||||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||||
Oideachas | |||||
Teangacha | an Béarla | ||||
Gairm | |||||
Gairm | breitheamh agus abhcóide | ||||
Ballraíocht | Óstaí an Rí | ||||
Cleamhnú | |||||
Páirtithe polaitíochta | Fine Gael |
SaolCuir in Eagar
Rugadh Timothy Sullivan i mBaile Átha Cliath i 1874. Ba é tríú mac Tiomothy Daniel Sullivan, Teachta Parlaiminte náisiúnach a bhí chun tosaigh sa ghluaiseacht Rialtais Dúchais (a raibh Parnell i gceannas ar sna 1880idí go dtí gur chaill Parnell a chumhacht mar gheall ar chás colscartha O' Shea).
Glaodh Sullivan chun an Bharra i 1895. Níos déanaí, ghlac sé páirt sa ghluaiseacht náisiúnach i mblianta luaithe na fichiú haoise. Nuair a bunaíodh Saorstát na hÉireann ceapadh é mar chéad Uachtarán na hArd-Chúirte i 1924, post a bhí aige go dtí go bhfuair Hugh Kennedy bás i Nollaig 1936, nuair a ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh go dtí 1946, nuair a tháinig Conor Maguire ina dhiaidh.[1]
CásannaCuir in Eagar
Ba é an cás ba thábhachtaí a bhí aige mar Phríomh-Bhreitheamh ná seasamh na hArd-Chúirte leis an mBille um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú) 1940, a bheartaigh géibheann coisctheach, dochinntithe a dhéanamh dleathach mar fhreagra ar fhadhb Óglaigh na hÉireann (an tIRA) mar a thug siad orthu féin, a bhí neamhdleathach ag an am sin.[1]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-22.