Martin Cahill

drongadóir Éireannach

Coirpeach míchlúiteach as Baile Átha Cliath in Éirinn ab ea Martin Cahill (23 Bealtaine, 194918 Lúnasa, 1994), a bhí freagrach as roinnt coireanna a fuair aird mhór ó na meáin in Éirinn.

Infotaula de personaMartin Cahill
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1949
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Lúnasa 1994
45 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgadaí ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 13530821 Cuir in eagar ar Wikidata

Thug na nuachtáin an leasainm The General air chun leabhal a sheachaint agus iad ag trácht ar na hainghníomhartha a bhíodh idir lámhaibh aige.

Deireadh lena ré cuir in eagar

Ar an 18 Lúnasa 1984, d'fhág Cahill a thí i Ráth Maonais (Swan Grove). Lámhachadh é i Raghnallach, ag crosbhóthar Oxford agus Charleston.

Creidtear gurb é an tIRA a rinne é. Chuir an tIRA i leith Cahill go raibh sé ag díol pictiúirí goidte leis na sceimhlitheoirí Protastúnacha.

 
hearóin

De réir na teoirice eile, bhí beirt chomhchoirithe de chuid Cahill, Seán Mag Giollagáin agus Seán Mac Thréinfhir, tar éis sreang mhór díoltóireachta drugaí a chur ar bun. Thosaigh Cahill ag éileamh a chuid féin den bhrabús, rud nár thaitin leis an mbeirt eile.

Mar sin, chuaigh siad i dteagmháil leis an IRA, ag áitiú orthu siúd gurbh é Cahill an díoltóir mór drugaí agus go raibh sé ag iompórtáil héaróine. Bhí sé de pholasaí ag an IRA san am díoltóirí héaróine a mharú, agus mar sin, mharaigh siad Cahill. Ní féidir a rá, áfach, nach mbeadh páirtíocht choiriúil Cahill leis na Dílseoirí ina spreagadh breise acu le hé a mharú.

Scannán cuir in eagar

 
Brendan Gleeson

Sa bhliain 1998, stiúraigh John Boorman scannán dar teideal The General, agus é bunaithe ar imeachtaí beatha Cahill. B'é Brendan Gleeson a rinne an phríomhpháirt. Thabhaigh an scannán duais an stiúrthóra ab fhearr do Boorman i bhFéile Scannánaíochta Cannes.

Tá príomhcharachtar an scannáin Ordinary Decent Criminals le Kevin Spacey bunaithe ar Cahill freisin.

Tagairtí cuir in eagar