Démhoirfín, díorthach moirfín a saothraíodh ar dtús i 1896. Ceapadh ag an am gur thámhshuanach neamhandúile é. A mhalairt ar fad ab fhíor, rud a fuarthas amach go luath. Úsáidtear é chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine le han-phian i gcúram foirceanta. Ach tá cosc ar a úsáid i gcuid mhaith tíortha, na Stáit Aontaithe ina measc. Baintear mí-úsáid as go forleathan.

WD Bosca Sonraí DrugaHearóin
Heroin asian.jpg
Heroin - Heroine.svg
Sonraí cliniciúla
Codi ATC N07BC06
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
Foirmle C21H23NO5
Mais mhóilíneach 369.158 Da
Leáphointe 170 °C
Aitheantóirí
Uimhir CAS 561-27-3
PubChem (SID) 5462328
IUPHAR/BPS 9082
DrugBank 01452
ChemSpider 4575379
UNII 70D95007SX
KEGG D07286
ChEBI 27808
ChEMBL CHEMBL459324
ECHA 100.008.380

Is druga an-andúileach é hearóin. Forbraíonn an corp acmhainn ar an druga tar éis é a úsáid go rialta, agus faightear amach go tapa go dteastaítear dáileoga níos airde nó níos minice chun na héifeachtaí inmhianaithe a fháil.

De réir mar a mhéadaíonn acmhainn ar an druga, agus nuair a úsáideann duine méid níos mó hearóine, d’fhéadfadh go ndéanfadh sé faillí i gcodanna eile dá shaol, mar shampla a shláinte nó a phost.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar