Spórt

Is éard a bhíonn i gceist le spórt ná imeacht le hiomaíocht fisiciúil ar bhonn comórtais, siamsaíocht, aclaíocht nó féin-fhorbairt srl.

Bíonn gníomhaíocht fisicúil in éineacht le iomaíochta, féinspreagadh agus córas scórála i gceist. Roinntear cineálacha spóirt de réir grúpaí: spóirt aonaracha, spóirt foirne, spóirt le scil nó spóirt le neart (mar shampla aclaíocht isiméadrach), luas srl.

Is iad na spóirt is bunúsaí ná na comórtaisí nirt, luais, léimnigh, agus lúthchleasaíochta an duine. Chomh maith le sin, bíonn rásaí con agus capall, seóléimrigh capall, rásaí snámha, seoltóireacht, iomradh,cadhcáil, na healaíona míleata, marcaíocht mhaidhme, rásaíocht mótair agus rothar go forleathan ar fud an domhain. Tugtar spórt orthu seo ar fad, maraon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Tá an-bhaint ann idir spórt agus eolaíocht. Bíonn faid, airdí, agus amanna, le tomhas. Caithfidh lúthchleasaithe bheith an-aclaí, sláintiúil; cabhraíonn an eolaíocht leo na cúrsaí seo a thuiscint. Bíonn matáin láidre, croí láidir agus scamhóga láidre ag lúthchleasaí.[1]

Spórt sa stairCuir in Eagar

 
Léiriú Spóirt ó na Mionóch thart ar 1000 bliain RCh

Ní fios cén uair a céad-imríodh spórt, ach tá fianaise ann go raibh na Sínigh ag imirt cineál éigin spóirt timpeall 4000 RCh[2]. Tá a fhios againn chomh maith go raibh móréileamh ar ghleacaíocht san Éigipt. Is léir ó shéadchomharthaí go raibh córas rialacha do na cluichí seo freisin[3].

Inniu i measc na gcruinnithe móra spóirt is eol dúinn ón stair, tá Cluichí Oilimpeacha na Gréige agus rásaí Tailteann na hÉireann. Bhí comórtais lúthchleasaíochta acu sna chéad Chluichí Oilimpeacha sa bhliain 776 R.C. – le beagnach 3000 bliain anuas, tá iomaíocht ar siúl ag daoine i gcomórtais reatha, léime, caithimh agus siúil.[1]

Ceiliúrtar ar 6 Aibreán gach bliain an "Lá Idirnáisiúnta Spóirt ar son na Forbartha agus na Síochána".

Cluichí foirneCuir in Eagar

Tá tábhacht inniu go fóill le comórtaisí luais, léimní agus nirt, ach tá níos mó béime ar chluichí foirne. Tá cluichí eile a imrítear ina mbíonn duine in aghaidh duine, nó i bhfoirne, a bhfuil scil nó deiseacht láimhe i gceist, mar atá dairteanna, leadóg, lámhach piléar agus saighead, caitheamh puc agus caitheamh casúir, scátáil, tumadh agus liathróid láimhe. Tá foirm ar leith de lúthchleasaíocht ann ina mbíonn an lúthchleasaí ag déanamh cleasa agus é ag casadh ar mhaide.

Spóirt geimhridhCuir in Eagar

Tá an-ráchairt ar fud an domhain, freisin, ar spóirt gheimhridh, ar nós scíáil ailpíneach, scíáil Nordach, scátáil, scátáil figiúir, lúg, agus gluaiseacht chláir-sneachta.

 
Taispeántas tinte ealaíne, Aonach Tailteann, Páirc an Chrácaigh, Baile Átha Cliath, 2 - 17 Lúnasa 1924

Mór an spórt é.....Cuir in Eagar

Is minic a cloistear go bhfuil an spórt imithe as cúrsaí spóirt. 'Séard atá i gceist anseo na go ndéantar dearmad ar bhéasaí, ar luachanna agus ar an spraoi agus go ndírítear isteach ar an mbua. Céard a spreagann duine le páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt?

An mar chaitheamh aimsire a fhéachtar air nó gné sóisialta, chun aclaíocht a dhéanamh nó forbairt pearsanta? Cé acu a bhíonn mar spreagadh, is cinnte go dteastaíonn scileanna comhoibrithe agus féin-smacht ionas go n-eireoidh leat i gcúrsaí spóirt.

Scaití milleann brú na hiomaíochta an comhoibriú dearfach seo agus is féidir le foréigean a bheith mar thoradh. Measctar mothúcháin de dhílseacht nó ceiliúradh le fearg agus is minic dochar dá bharr.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar