Is éard atá i gceist leis an rothar, nó leis an ngearrán iarainn (nó each iarainn uaireanta) (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla bicycle go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le badhsacail agus badhsalaic; focal oifigiúil é badhsacal i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an rothaí. Tá an dá roth ceangailte d'fhráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.

An déanamh atá ar an rothar inniu (an dá roth ar aon mhéid le chéile chomh maith leis an slabhra tiomána) tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht.

Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an Tour de France - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan, agus tá cáil ar laochra móra an chomórtais seo, cosúil le Lance Armstrong agus Eddy Merckx.

Is féidir luas 50 ciliméadar san uair a bhaint amach ar rothar agus d'éirigh leis an gCeanadach Sam Whittingham 142.51 ciliméadar san uair a shroicheadh ar chúrsa rásaíochta. Is é seo an churiarracht do na feithiclí daontiomáinte ar fad.

An duine a thabharfaidh an iarracht chéanna agus a chaitheann an fuinneamh céanna, beidh sé ag gluaiseacht an trí oiread chomh luath leis an gcoisí. Le fuinneamh an bhia a thiontú go fuinneamh gluaiseachta, is í an rothaíocht an modh is feidhmiúla atá ag neach beo ar bith.

Stair cuir in eagar

Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Deirtear gurbh é an Cunta Mede de Sivrac a d'fhorbair an célérifère dérothach sa bhliain 1790 nó 1791, agus gur chuir sé os comhair an tsaoil mhóir í sa Phalais-Royal. Ní raibh ann ach dhá roth agus fráma adhmaid eatarthu, agus an rothaí ina shuí ar an bhfráma seo agus ag baint tacaíochta as an talamh. Ní raibh gléas stiúrtha ná tiomáint ann. Is é an tuiscint atá ag lucht na staire ar an scéal inniu nach raibh célérifère dérothach ann ar aon nós, agus gur gléas ceithre roth a bhí i gceist i ndáiríre. Ní raibh ann ach gur bhain an t-iriseoir clúiteach Francach Louis Baudry de Saunier an chiall chontráilte as na pictiúir chomhaimseartha nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar stair na ngléas gluaiste seo céad bliain i ndiaidh lá an célérifère.

Ba é an Gearmánach Karl Drais von Sauerbronn a d'fhorbair an chéad dérothach daontiomáinte, an Laufmaschine, nó meaisín reathaíochta, mar a thug sé air. Thóg sé an chéad mheaisín sa bhliain 1817, agus fuair sé paitinn air sa chéad bhliain eile. Ba é dérothach Drais - ar a dtugtaí draisinedraisienne freisin, is é sin, gléas Drais, nó velocipede, rothar coise - an chéad dérothach a raibh rath ceart air, ach sa deireadh, ba iad na timpistí a rinne cabhóg an rothair choise seo, nó is é an tátal a bhain a lán údaráis áitiúla astu gur gléas dainséarach a bhí ann, agus thosaigh cathracha móra ag cur coisc leis an rothar coise.

Ó na 1820idí go dtí na 1950idí, bhí forbairt á déanamh ar na feithiclí daontiomáinte. Scéal eile áfach gur bhain innealtóirí na linne deireadh súile den dearadh dérothach, ó bhí siad den bharúil go raibh teipthe ar rothar coise Drais agus gur chóir dearadh na bhfeithiclí daontiomáinte a bhunú ar an gcoincheap trírothach nó ceathair-rothach, nach raibh chomh dainséarach céanna, ó nach gcaithfeá a bheith ag coinneáil cothromaíochta.


Ainmneacha malartacha cuir in eagar

  • rothar
  • roth
  • each iarainn
  • capall adhmaid/maide/iarainn
  • capall maide
  • gearrán iarainn
  • badhsacal
  • badhsacail
  • baidhsilic
  • rothaidhe na glincidheachta (rothaí na glincíochta)
  • capall gasta (Oirialla)

Tosaíodh ar rotha cúitiuc a chur ar rothair in 1869 agus bhí siad níos sócúl ansin. Tosaíodh feidhm a bhaint as an shlabhra chun an ghluaiseacht a éascú leis an 'Rover' a chum J.K. Starley sa Bhreatain agus bhí an rothar i bhfad níos sláine dá bharr sin, agus de bharr an dá roth a bheith ar aon mhéid. Thiomáin an slabhra an roth cúil a bhí ag casadh ar luas níos airde ná na troitheáin agus bhí an rothar níos tapúla dá bharr sin. Cuireadh feadán aeir sna rotha, rud a chuir tuilleadh feabhais ar socúlacht agus luas na gléasa. Tosaíodh ar an rothar a tháirgeadh ar bhonn thionsclaíoch agus bhí án-éileamh air mar mhodh taistil i mbailte agus faoin tuath, mar go raibh siad saor go leor don lucht oibre.

Thug an rothar deis taistil do mhná chomh maith agus bhí gach cineál duine in ann dul níos faide ó bhaile. Chuaigh an capall i léag mar áis iompair ag an am céanna. Bhí an-tionchar ag an rothar ar an tionsclaíocht chomh maith, mar gheall ar an bhforbairt a rinneadh ar creathlaigh éadroma agus ar rotha miotail, agus bhí na deartháireacha Wright, mar shampla, ina ndéantóirí rothar sular thug siad faoi eitleáin a thógáil. Agus mar gheall ar an líon daoine a thosaigh ag taisteal na tíre bhí tionchar polaitiúil ag an rothar. Cuireadh eagraíochta turasóireachta agus taistil ar bun agus brúdhreamanna a d'éiligh feabhas ar bhóithre, ar lóistín agus ar an léarscáilíocht.

In Éirinn, do bhain timirí Chonradh na Gaeilge agus na hÓglaigh feidhm as an rothar chun ranganna agus cruinnithe a eagrú.

Tháinig an gluaisteán chun cinn ag an am céanna agus tháinig meath ar an rothair mar mhodh taistil idir cathracha, ach leanadh ar aghaidh á thaisteal ar i mbailte móra chun turais ghearra a dhéanamh, in áiteanna atá ró-chúng don ghluaisteán nó ina bhfuil locadh gluaisteán gann nó an-daor. De réir mar a d'éirigh daoine as an rothar mar phríomh-mhodh taistil tháinig sé chun cinn mar ghléas caitheamh aimsire, go háirithe ag déagóirí.