Lance Armstrong

rothaí Meiriceánach

Is rothaí Meiriceánach é Lance Armstrong a rugadh sa bhliain 1971. D'admhaigh sé sa bhliain 2013 gur ghlac sé manglam drugaí le Tour de France a bhuachan 7 n-uaire as a chéile i measc rásaí eile a bhuachan. Is in dhá agallamh ar an gclár teilifíse Meiriceáanch Oprah Winfrey a rinne sé an admháil seo go raibh drugaí glactha aige leis na rásaí a bhuachan. Dúirt sé gur 2005 an bhliain dheireanach gur bhain sé úsáid as na drugaí seo a bhí i gcoinne rialacha an spóirt. Cuireadh cosc saoil air ag éirí as tuairisc USADA (United States Anti-Doping Agency). Tá Lance féin den tuairim go bhfuil sé seo ródhain ar fad air agus ceapann sé nach mbeidh sé in ann rith i maratóin, nó rás 10km áitiúil. Dar le roinnt d'adhmhaigh sé ag an bpointe sin toisc go raibh reacht na dtréimhsí istigh don chaimiléireacht chomh fada le 2005. Baineadh na buanna sa Tour de France uaidh, thréig a chuir urraithe é agus baineadh an bonn créumha a bhuaigh sé sna cluichí Oilimpeacha i mbliain an 2000. Iarradh air seasamh siar ón mbord don charthanacht ailse Livestrong sa bhliain 2012. Bhí sé go naimhdeach i gcoinne na ndaoine a dúirt go raibh smál na ndrugaí air David Walsh agus Paul Kimmage ach go háirithe.

Infotaula de personaLance Armstrong

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Lance Edward Gunderson
18 Meán Fómhair 1971
52 bliana d'aois
Plano, Texas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síGeneral William J. Palmer High School (en) Aistrigh
Ardscoil Shinsearach Plano Thoir
Coláiste Austin Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan71 kg
Airde177 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrothaí spóirt, podchraoltóir, dírbheathaisnéisí, trí-atlanaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtrásaíocht rothar bóthair
trí-atlan Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
1992-1996 Motorola
1997-1997 Cofidis (en) Aistrigh
1998-2005 Discovery Channel
2009-2009 Astana
2010-2011 RadioShack (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
3 Iúil 20102010 Tour de France (en) Aistrigh
20102010 UCI World Ranking (en) Aistrigh (60)
20092009 UCI World Ranking (en) Aistrigh (31)
20052005 UCI ProTour (en) Aistrigh (5)
3 Iúil 20042004 Tour de France (en) Aistrigh
2004Classement UCI 2004 (fr) Aistrigh (7)
20032003 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (8)
20022002 UCI Road World Cup (en) Aistrigh (13)
20022002 UCI World Road Rankings (en) Aistrigh (2)
20012001 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (4)
20002000 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (4)
2000Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2000
19991999 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (7)
1998Classement UCI 1998 (fr) Aistrigh (25)
19961996 UCI Road World Cup (en) Aistrigh (7)
19961996 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (9)
1996Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1996
19951995 UCI Road World Cup (en) Aistrigh (9)
19951995 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (15)
19941994 UCI Road World Cup (en) Aistrigh (6)
19941994 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (25)
19931993 UCI Road World Rankings (en) Aistrigh (21)
1992Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíTory Burch Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEddie Charles Gunderson  agus Linda Gayle Mooneyham
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinlancearmstrong.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0035790 Facebook: lancearmstrong Twitter: lancearmstrong Cuir in eagar ar Wikidata

Feachtas dópála cuir in eagar

I measc na ndrugaí a d'adhmhaigh sé gur úsáid sé tá; eiritreapóéisin, téististéarón, cortacaistéaóidigh, agus fuilaistrithe le cabhrú leis tuilleadh fuinnimh a bheith aige agus ábaltacht ocsaigin a chur timpeall a cholainne níos éifeachtúla.

Colainn Lance cuir in eagar

Dar leis an National Geographictomhaltas uasta ocsaigine fíor ard ag Lance. An meán leibhéal a bheadh ag duine nach gcleachtann spórt ná 35 ml/kg/nóim. 70 ml/kg/nóim a bheadh ag lúthchleasaithe profaisiúnta, agus 85 ml/kg/nóim a bhí ag Lance Armstrong. Chomh maith leis sin tá sé in ann aigéad lactach a ghlanadh óna cholainn an-mhear agus ní tháirgeann sé ach thart ar leath an gnáthmhéid. Is cosúil chomh maith gur éirigh leis an líon snáithíní matáin mearbhíogacha i gcomórtas le cinn mhallbhíogacha a athrú.

Clár Oprah cuir in eagar

Ráitis:

"That’s like saying we have to have air in our tyres or water in our bottles. It was part of the job."
"I looked up the definition of cheating and the definition is ‘to gain an advantage on a rival or foe’. I did not view it that way. I viewed it as a level playing field."
(Lorg me sainmhíniú ar chaimiléireacht agus an sainmhínioú ná 'buntáiste a bhrith ar chomhghleacaí nó namhaid' Níor bhreathnaíosa air sa tslí sin. Bhreathnaigh mise air mar pháirc chothrom)

Caineadh é as gan an fhírinne ar fad a insint dar le hirisoirí.

Tagairtí cuir in eagar