Fuilaistriú
Aistriú fuil duine amháin isteach i gcolainn duine eile is ea fuilaistriú, mar shampla, chun cabhrú le duine a chaill cuid mhaith fola trí ghortú.[1] Déantar an fhuil i gcomhair fuilaistrithe a scagthástáil chun tarchur oibreán ionfhabhtaithe a sheachaint.[2]
CIM-9-MC | 99.0 |
---|---|
MeSH | D001803 |
MedlinePlus | 000431 |
Deacrachtaí
cuir in eagarIs dainséar é galar Creutzfeld-Jakob, agus galair eile, SEIF mar shampla, don chóras fuilaistriúcháin.
Baintear mí-úsáid as fuilaistrithe mar dhruga a chuireann leis an bhfeidhmiú sa spórt. Déanann seo líon na bhfuilchealla dearga a mhéadú agus sa tslí seo an méid ocsaigine a iompraítear san fhuil a ardú.
Stair
cuir in eagarRinneadh a leithéid den chéad uair go luath sa 19ú céad, ach torthaí marfacha a bhí air go minic. Rinne James Blundell, obstatraí i Londain, an chéad fhuilaistriú ar an 25 Meán Fómhair 1818.[3] D'éirigh cuibheasach maith leis. Ach níorbh théidir fuilaistriú slán áisiúil a dhéanamh go cliniciúil go bhfuarthas amach mar gheall ar thíopáil fola agus an gá le comhoiriúnacht idir tíopaí an thaighteora is an deontóra.[4] Níor thángthas ar na fuilghrúpaí roimh 1900.[5] Bronnadh Duais Nobel an Leighis ar Dr Landsteiner. don fhionnachtain sin sa bhliain 1930.[6]
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí gá le méid ollmhór fola le haghaidh fuilaistriúchán do dhaoine gortaithe. Ina dhiaidh sin saothraíodh bealaí chun fuil ó dheontóirí a stóráil le húsáid níos déanaí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ giveblood.ie. "TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2011".
- ↑ "Highlights of Transfusion Medicine History". www.aabb.org. Dáta rochtana: 2020-09-26.
- ↑ Dariush D FARHUD, Marjan ZARIF YEGANEH (2013-01-01). "A Brief History of Human Blood Groups". Iranian Journal of Public Health 42 (1): 1–6. ISSN 2251-6085. PMID 23514954. PMC:3595629.
- ↑ "ABO blood group system" (as en) (2020-09-16). Wikipedia.
- ↑ "The Nobel Prize in Physiology or Medicine 1930" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-09-26.
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |