John Hume

Duine de mhórcheannairí an Phróisis Síochána i dTuaisceart Éireann,

Duine de mhórcheannairí an Phróisis Síochána i dTuaisceart Éireann, comhbhunaitheoir an SDLP, agus comhbhuaiteoir Dhuais Nobel (1998) ab ea John Hume (a rugadh i nDoire ar an 18 Eanáir 1937 agus a fuair bás ar 3 Lúnasa 2020).[1][2]

Infotaula de personaJohn Hume

(1995) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Eanáir 1937
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Lúnasa 2020
83 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chathair Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

19 Iúil 1999 – 19 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 1 Nollaig 2000 (éirí as)

Toghcheantar: An Feabhal

Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
11 Meitheamh 1987 – 16 Márta 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Feisire de Pharlaimint na hEorpa

24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Meitheamh 1983 – 18 Bealtaine 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Ceannaire den Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
28 Samhain 1979 – 6 Samhain 2001
← Gerry FittMark Durkan →
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

16 Iúil 1979 – 23 Iúil 1984
Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Tuaisceart Éireann

Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
24 Feabhra 1969 – 30 Márta 1972
← Eddie McAteerDeireadh an phoist →
Toghcheantar: Feabhal
Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Colum Cille Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus próiseas síochána
Suíomh oibre Strasbourg
Béal Feirste
Londain
An Bhruiséil
Tuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla, an Fhraincis agus an Ghaeilge
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1124685 Find a Grave: 214058492 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 22 Deireadh Fómhair 2010, i bpobalbhreith a reáchtáil RTÉ, ainmníodh Hume mar "an tÉireannach is fearr riamh" i stair na hÉireann.[3] Ní éacht beag ná suarach é sin nuair a chuimhnímid ar chuid de laochra eile na hÉireann – Michael Collins agus James Connolly mar shampla – a bhí san iomaíocht leis. Bronnadh an gradam ar an Uasal Hume as a fheachtas gan staonadh ar son na síochána i dTuaisceart Éireann.[4]

Saol cuir in eagar

Rugadh Hume i dteaghlach neamhpholaitiúil sa bhliain 1937.

D'fhreastail sé ar Choláiste ar Choláiste Naomh Colm Cille i nDoire. Bhí sé i measc an chéad dreama de Chaitlicigh chun oideachas meánscoile saor in aisce a fháil.

 
Chláraigh Hume ag OÉ Má Nuad in 1954

Chláraigh Hume ag OÉ Má Nuad in 1954. Ábhar sagairt ab ea é ar dtús. Rinne sé staidéar ar Fhraincis agus Stair. Rinneadh cur síos air mar scoláire den scoth, agus mhothaigh sé go raibh dualgas air cabhrú leo siúd nach raibh chomh maith as leis féin mar gheall ar chomh buíoch agus a bhí sé as a oideachas ollscoile a fháil.[5]

Cearta sibhialta cuir in eagar

Is mar mhúinteoir a thosaigh Hume amach nuair a d’fhill sé ar a chathair dhúchais i ndiaidh dó céim a bhaint amach. Ba léir riamh anall, áfach, gur sa pholaitíocht a bhí a chroí.

 
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre

Chuir Hume cearta sibhialta chun cinn ar feadh a shaoil, Mar sin bhí lámh mhór aige i nGluaiseacht na gCeart Sibhialta sna 1960idí.

Ag tús na bliana 1970, ní raibh Na Trioblóidí ach ina dtús ach ba léir do Hume go raibh géarghá le páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal Náisiúnach ó thuaidh. Bhí seisear feisirí náisiúnacha i Stormont ag an am. Toghadh Hume mar fheisire neamhspleách agus bhí aithne mhaith aige ar bheirt fheisirí neamhspleácha eile – Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon – ón am a chaith siad i ngluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt. [6]

Ar an 21 Lúnasa 1970, seoladh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) in Óstán an Grand Central i mBéal Feirste. Roghnaíodh Gerry Fitt mar cheannaire an pháirtí agus John Hume mar Thánaiste.

I gcomhar le daoine eile bhunaigh sé páirtí polaitiúil ar a dtugtar Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO nó an SDLP). Bhí sé mar cheannaire ar an pháirtí seo ó 1979 go 2001. Lena chois sin, bhí sé ina Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ina Fheisire ar thoghcheantar an Fheabhail agus ina Chomhalta den Tionól Reachtach (MLA) in Stormont, do thoghcheantar an Fheabhail.

Próiseas síochána cuir in eagar

Chas an Hume agus Gerry Adama lena chéile den chéad uair i 1986. Fad is a bhí Hume ar saoire i nGaoth Dobhair i 1987 casadh an t-aturnae cáiliúil Paddy McGrory air. Bhí McGrory an-mhór le Gerry Adams agus d’éirigh leis a chur ina luí ar Hume go raibh Sinn Féin lán-dáiríre faoi pháirt a ghlacadh i bpróiseas síochána. Cé gur chas an dá cheannaire lena chéile den chéad uair i 1986, cuireadh tús foirmeálta le cainteanna Hume-Adams ag tús na bliana 1988.[6]

In ainneoin ionsaithe air féin agus ar a theach ag dílseoirí agus ag an IRA araon, d’oibrigh Hume go dícheallach leis an tsíocháin a chur i réim arís agus le deireadh a chur leis an ghunna i stair na hÉireann. Ainneoin gur theip ar chuid de na hiarrachtaí a rinne sé níor chaill sé a mhisneach.

Tháinig toradh ar a chuid iarrachtaí faoi dheireadh, áfach, ar an 10ú Aibreán 1998 nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta[7]. Rinne Hume a dhícheall chun deireadh a chur le feachtas foréigin an IRA len iad a "thabhairt isteach ón bhfuacht" agus iad a chur ag caint leis na páirtithe aontachtacha. "An chuid is mó den phobal, d’fhan siad dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume – fuair Hume i gcónaí tacaíocht mhór.”[8] Agus fíoraíodh an fhís pholaitiúil a bhí ag Hume faoi dheireadh.

D'éirigh Hume as an gceannasaíocht ar an SDLP i 2001 agus ghlac Mark Durkan a áit.

Duais Nobel cuir in eagar

 
Duais Nobel na Síochána

Bronnadh Duais Nobel air i 1998 mar aon le David Trimble "De bharr a gcomhiarrachtaí teacht ar réiteach síochánta don choimhlint i dTuaisceart Éireann."[9]

 
President Clinton agus John Hume, 1995

Níor choinnigh Hume an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta. Bhronn sé leathchuid den airgead a bhain sé leis an duais ar Chumann Naomh Uinseann de Pól agus an leathchuid eile ar Arm an tSlánaithe. Lena chois sin, bronnadh Gradam Martin Luther King (1999) agus Duais Síochána Gandhi (2005) air – an t-aon duine riamh ar bronnadh na trí ghradam seo air.

 
1998

Gaeilge cuir in eagar

Bhí tuiscint mhaith ag Hume ar an nGaeilge. Cé nach raibh sé ar a chompord á labhairt, b’amhrán Gaeilge, ’Tráthnóna Beag Aréir’, a dúirt sé nuair a iarradh air ceann a rá ar 'The Late Late Show’ ar RTÉ sa bhliain 1985.[10]

Chuaigh Hume go Gaeltacht Thír Chonaill go rialta le héalú ón strus polaitiúil agus chun dianmhachnamh a dhéanamh ar mholtaí úra. Thosaigh Hume agus a bhean chéile Pat ag tabhairt cuairt ar Ghaoth Dobhair go gairid tar éis dóibh pósadh sa bhliain 1960. Chas Hume le teagmhálacha polaitiúla ann agus ba mhinic go ndeachaigh Seán Donlon, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe, ar saoire leo.

Thug a thréimhsí i nGaoth Dobhair deis do Hume a chuid Gaeilge a chleachtadh, cé gur bhraith sé go raibh a chumas labhartha briotach go maith mar nár úsáid sé í ón uair go raibh sé ina mhac léinn i gColáiste Naomh Colm Cille. Ag tráth amháin iarradh air agallamh a dhéanamh le Raidió na Gaeltachta. D’iarr sé ar a chomhghleacaí, Bríd Rodgers dianchúrsa gasta a thabhairt dó agus nathanna cainte éagsúla a chleachtadh leis, agus d'éirigh sé thar barr as.[11]

 
2008ː SIEF (Societé Internationale d´Ethnologie et de Folklore

Bás agus tionchar cuir in eagar

Tháinig néaltrú ar Hume nuair a bhí sé sách óg, i dtús na 2000idí (agus gan lár na seascaidí sroichte aige fiú). Bhí sé fós in ann dul ar an Late Late Show sa bhliain 2009.[12][13]

Bhásaigh John Hume ar an 3 Lúnasa 2020. Dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn, "Dathraigh John Hume an pholaitíocht ó bhun ar oileán na hÉireann, fear a chreid sa bhfíor dhaonlathas". Anuas ar sin, ceannaire a "léirigh ceannaireacht agus crógacht" a bhí ann, dar eisean. Rinne an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín tagairt don "mhisneach, láidreacht, cruthaitheacht agus díocas' a bhí le fáil ina chuid oibre.[14]

Foirgneamh Hume cuir in eagar

Ainmníodh foirgneamh mór ar champas a alma mater i Má Nuad as John Hume. Osclaíodh Foirgneamh Hume go hoifigiúil ar 23 Aibreán 2005.

Féach freisin cuir in eagar

  • Alt - "Nuair a tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona, thuig mé gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí mé"[15].
 
múrphictiúr, Bogside

Tagairtí cuir in eagar

  1. An tUltach (2017). "94 (1), 23. Aodhán Ó Raghailligh." (ga). An tUltach. Dáta rochtana: 2020-08-04.
  2. Póilín Ní Chiaráin (2020). "STÁTAIRE AN FICHIÚ hAOIS". Comhar 80 (8): 6–8. ISSN 0010-2369. 
  3. "Ireland's Greatest Top 10 is revealed" (as en) (2010-04-06). 
  4. NICurriculum.org.uk/. "Beatha le Bua - John Hume". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-28. Dáta rochtana: 2020.
  5. OÉ Má Nuad (2010/2011). "Tuarascáil an Uachtaráin". Dáta rochtana: 2020.
  6. 6.0 6.1 "Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-15). Dáta rochtana: 2023-11-20.
  7. nó Comhaontú Bhéal Feirste mar a thugtar air
  8. AGALLAMH BEO (2006). "Risteard Mac Gabhann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-08-04.
  9. http://www.nobelprize.org/nobel_prizes/peace/laureates/1998/
  10. Late Late Show (1985). "John Hume agus amhrán Gaeilge as Dún na nGall á rá aige". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  11. "‘Cha raibh a fhios agam go raibh sé chomh líofa sin sa Ghaeilge’– léargas ar thábhacht na Gaeltachta do John Hume" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-17). Dáta rochtana: 2023-11-20.
  12. Late Late (2009). "John Hume agus Danny Boy á rá aige". Dáta rochtana: 2020.
  13. Nuacht RTÉ (2020-08-03). "John Hume tar éis bháis" (as ga). 
  14. Callan Nick. "Tugann an Taoiseach Micheál Martin TD ómós do John Hume - Fear Déanta Síochána den chéad scoth" (ga). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2020-08-04.
  15. Pól Ó Muirí. "Nuair a tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona, thuig mé gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí mé" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-04.