Gerry Fitt
Ba pholaiteoir as Tuaisceart Éireann é Gerard "Gerry" Fitt, nó Barún Fitt of Bell's Hill, (9 Aibreán, 1926 – 26 Lúnasa, 2005). B'eisean a bhunaigh Páirtí Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre, páirtí náisiúnach i dTuaisceart Éireann.
Gerry Fitt | |
Comhalta do Teach na dTiarnaí
| |
In oifig 14 Deireadh Fómhair, 1983 - 26 Lúnasa, 2005 | |
In oifig 31 Márta, 1966 – 13 Bealtaine, 1983 | |
Réamhtheachtaí: | James Kilfedder |
Comharba: | Gerry Adams |
Ceannaire an PSDLO
| |
In oifig Lúnasa, 1970 - 6 Bealtaine, 1979 | |
Réamhtheachtaí: | oifig nua |
Comharba: | John Hume |
Dáta breithe | 9 Aibreán, 1926 |
Áit bhreithe | Béal Feirste, Tuaisceart na hÉireann |
Dáta báis | 26 Lúnasa, 2005 |
Londain, Sasana | |
Páirtí | PSDLO (1970-2005) Páirtí Poblachtach an Lucht Oibre (1960-70) Páirtí an Lucht Oibre (go dtí 1964) |
Céile | Ann Fitt |
LuathshaolCuir in Eagar
Rugadh Fitt i mBéal Feirste. Fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí. Chaith sé na blianta idir 1941 agus 1953 i sheirbhís an chabhlaigh. Bhíodh cónaí ar Fitt i mBóthar na bhFál, agus sheas sé mar ionadaí don bhóthar ar son pháirtí lucht oibre sa bhliain 1956. Fuair Paddy Devlin, ó Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann an ceann is fearr air, áfach.
Sa bhliain 1958, toghadh Fitt do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste mar bhall de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann. Sa bhliain 1962, bhuaigh sé suíochán i Stormont.
San olltoghchán Westminster sa bhliain 1966, bhuaigh Fitt an suíocháin in iarthar Béal Feirste.
Cearta DaonnaCuir in Eagar
D'úsáid Fitt a shuíochán i Westminster chun fadhbanna i dTuaisceart Éireann a chuir os chomhair na Breataine. Ba MP comhbhraiteach é a bhí i láthair ag an agóid cearta daonna i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968. Chloígh Constáblacht Ríoga Uladh Fitt an lá sin, i measc daoine eile.
Thug Fitt tacaíocht do Bernadette Devlin sa bhliain 1969.
I mí Lúnasa 1970 bhí Fitt mar an chéad cheannaire ar páirtí nua, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP). Ghlac an SDLP páirt i Westminster (rud nach ndearna Sinn Féin ag an am).
Titim amachCuir in Eagar
Díog ar ndíog thit Fitt amach lena pháirtí, le náisiúnaigh, agus le rialtas na Breataine. Sa bhliain 1979 staon Fitt ó vóta tábhachtach toisc, agus thit an rialtas Lucht Oibre as chumhacht.
Sa bhliain 1980 cuireadh John Hume ina áit mar cheannaire, agus d'fhág Fitt an pháirtí.
Sa bhliain 1981 bhí Fitt in aghaidh na Stailc ocrais sa príosún Maze i mBéal Feirste.
I mí na Bealtaine na bliana 1983, chaill Fitt a shuíochán do Gerry Adams.
Fuair Fitt bás ar an 26 Lúnasa 2005, 79 bliain d'aois, de bharr galair croí. Bhí ceathrar iníon aige.