Margaret Thatcher

iar-phríomh-aire na Ríochta Aontaithe

Polaiteoir Briotanach ab ea Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher,[1] a rugadh faoin ainm Margaret Hilda Roberts ar 13 Deireadh Fómhair 1925 agus a d'éag ar 8 Aibreán 2013. Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 1975 go dtí 1990. Sa bhliain 1979, d'éirigh sí ina Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe. Ba ise an chéad Phríomh-Aire baineann ar an mBreatain.

Margaret Thatcher
Margaret Thatcher stock portrait (cropped).jpg
president of the Oxford University Conservative Association (en) Aistrigh

1946 - 1947
Ball den 42ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 8, 1959 - Meán Fómhair 25, 1964
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1959 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Parliamentary Secretary to the Minister for Pensions (en) Aistrigh

Deireadh Fómhair 9, 1961 - Deireadh Fómhair 16, 1964
Patricia Hornsby-Smith - Norman Pentland (en) Aistrigh
Ball den 43ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 15, 1964 - Márta 10, 1966
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1964 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball de 44ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe

Márta 31, 1966 - Bealtaine 29, 1970
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1966 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Scáth-Rúnaí Stáit um Oideachas

Eanáir 10, 1967 - Meitheamh 20, 1970 - Edward Short, Baron Glenamara (en) Aistrigh
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 18, 1970 - Feabhra 8, 1974
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1970 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Rúnaí Stáit um Oideachas

Meitheamh 20, 1970 - Márta 4, 1974
Edward Short, Baron Glenamara (en) Aistrigh - Reg Prentice, Baron Prentice (en) Aistrigh
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe

Meitheamh 20, 1970 - 2013
Ball den 46ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Feabhra 28, 1974 - Meán Fómhair 20, 1974
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: February 1974 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Shadow Secretary of State for Environment, Food and Rural Affairs (en) Aistrigh

Márta 5, 1974 - Feabhra 11, 1975
Anthony Crosland (en) Aistrigh - Timothy Raison (en) Aistrigh
Ball den 47ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 10, 1974 - Aibreán 7, 1979
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: October 1974 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ceannaire an Fhreasúra

Feabhra 11, 1975 - Bealtaine 4, 1979
Edward Heath - James Callaghan
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh

Feabhra 11, 1975 - Samhain 28, 1990
Edward Heath - John Major
Ball den 48ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 3, 1979 - Bealtaine 13, 1983
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1979 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Minister for the Civil Service (en) Aistrigh

Bealtaine 4, 1979 - Samhain 28, 1990
Céad Tiarna an Státchiste

Bealtaine 4, 1979 - Samhain 28, 1990
71. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Bealtaine 4, 1979 - Samhain 28, 1990
James Callaghan - John Major
Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Iúil 1981 - Nollaig 1981
Dries van Agt (en) Aistrigh - Wilfried Martens
Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 9, 1983 - Bealtaine 18, 1987
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1983 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Iúil 1986 - Nollaig 1986
Ruud Lubbers (en) Aistrigh - Wilfried Martens
Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 11, 1987 - Márta 16, 1992
District: Finchley (en) Aistrigh
Election: 1987 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTiarnaí

Meitheamh 26, 1992 - Aibreán 8, 2013
Chancellor of the College of William & Mary (en) Aistrigh

1993 - 2000
Warren Burger - Henry Kissinger
Saol
Ainm iomlán Margaret Hilda Roberts
Eolas breithe Grantham, Deireadh Fómhair 13, 1925
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Grúpa eitneach Sasanaigh
Briotanaigh geala
Teanga dhúchais Béarla na Breataine
Bás The Ritz London (en) Aistrigh, Aibreán 8, 2013
Áit adhlactha Royal Hospital Chelsea (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (transient cerebral isolation (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Alfred Roberts
Máthair Beatrice Ethel Stephenson
Céile/Céilí Denis Thatcher (en) Aistrigh  (Nollaig 13, 1951 -  Meitheamh 26, 2003)
Páistí
Oideachas
Alma mater City Law School (en) Aistrigh
Kesteven and Grantham Girls' School (en) Aistrigh
Somerville College (en) Aistrigh
(1943 - 1947) Baitsiléir Eolaíochta : ceimic
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, ceimiceoir, dírbheathaisnéisí, abhcóide, feidhmeannach gnó, státaire agus eolaí
Airde 1.66 m
Áit oibre Londain
Duais
Ballraíocht Cumann Ríoga
Privy Council of the United Kingdom (en) Aistrigh
Carlton Club (en) Aistrigh
Pilgrims Society (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Cogadh Fháclainne
Creideamh
Reiligiúin Modhachas
Anglacánachas
Páirtithe polaitíochta An Páirtí Coimeádach
IMDb nm0857137
margaretthatcher.org
1979-1990

Chaith Thatcher breis is 11 bhliain mar Phríomh-Aire ar an mBreatain – an t-achar is faide a chaith aon duine sa ról seo le linn an fichiú haois.

1938, in aois 13 di

Ba ea í an t-aon bhean í a raibh an post seo aici, roimh Theresa May.[2].

Beatha phearsantaCuir in Eagar

Rugadh in Grantham, Lincolnshire i Sasana í. Ba as Drom an Easaigh i gContae Chiarraí, a sin-seanmháthair Catherine Sullivan, a d'aistrigh go Sasana sa bhliain 1811. Phós Catherine oibrí feirme darbh ainm Thomas Smith agus phós Ellen, a iníon, Benjamin Ebenezer Roberts. Athair Thatcher ab ea a mac Alfred.

B'iníon Margaret le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás aníos. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh ró-mhaith aici lena máthair.

Bhain sí céim amach sa cheimic ó Ollscoil Oxford sna 1940í. Agus í ag staidéar in Oxford, ba bhall í de na Coimeádaigh Óga.

I 1951, phós sí Denis Thatcher, ball eile den Pháirtí Coimeádach. Fear colscartha ab ea Denis, a bhí deich mbliana níos sine ná Margaret. Bhí beirt pháiste acu, an cúpla Mark Thatcher agus Carol Thatcher, a rugadh i 1953.

Slí bheatha pholaitiúil, 1950-1979Cuir in Eagar

Sheas Margaret Thatcher gan rath i dtoghcheantar Dartford sna holltoghcháin i 1950 agus 1951. Toghadh í mar Fheisire do Finchley i 1959.

Nuair a bhí sí ina Rúnaí Oideachais i rialtas Edward Heath ó 1970 go dtí 1974, chuir sí deireadh le dáileadh bainne saor in aisce i scoileanna. Dá bhrí seo, tugadh Maggie Thatcher, Milk Snatcher uirthi.

 
18 M.F. 1975

Toghadh í mar cheannaire ar an bPáirtí nuair a sheas sí i gcoinne Heath i 1975 tar éis don Pháirtí dhá olltoghcháin a chailleadh i 1974. Ceannaire an Fhreasúra ab ea í anois. Bhí a cuid polasaithe ar an eite dheas. Ba é ceann dá polasaithe is cáiliúil ná an t-airgeadachas. Bhí sí go mór i gcoinne an tsóisialachais agus na gceardchumann. De bharr a tuairimí faoin gcumannachas agus a polasaí maidir leis an Aontas Sóivéadach, thug na Sóivéadaigh an leasainm cáiliúil The Iron Lady ("An Bhean Iarainn") uirthi.

 
Margaret agus Denis Thatcher ar cuairt i dT.E., Nollaig 1982

Príomh-Aire, 1979-1990Cuir in Eagar

San olltoghchán i 1979, bhuaigh na Coimeádaigh móramh i dTeach na dTeachtaí agus toghadh Thatcher mar Phríomh-Aire. Bhuaigh siad na holltoghcháin i 1983 agus 1987, freisin, faoi cheannas Thatcher.

 
1980idí

Chuir sí polasaithe ‘nualiobrálacha’ i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe a spreag an earnáil airgeadais go mór agus thacaigh sí go láidir le seasamh Uachtarán Mheiriceá, Ronald Reagan, in éadan an Aontais Shóivéadaigh.

Nuair a d'ionsaigh an Airgintín Oileáin Fháclainne i 1982, sheol sí fórsa chun na hoileáin a chosaint. Bhí an Bhreatain buacach sa chogadh.

Bhí an-mhíshástacht sa Bhreatain i leith riail Thatcher ag tús na 1980idí. Ach mhéadaigh bá an phobail dí nuair a bhuaigh an Bhreatain Cogadh na Falklands-Malvinas.

Ba ina dara téarma a tharla Stailc na Mianadóirí, a bhí ar siúl ó 1984 go dtí 1985. Faoi dheireadh, bhuaigh an rialtas ar na stailceoirí.

Tharraing Thatcher tuilleadh conspóide de bharr na tacaíochta a thug sí do dheachtóir na Síle, Augosto Pinochet, agus dhiúltaigh sí tacú smachtbhannaí in éadan na hAfraice Theas nuair a bhí cinedheighilt i bhfeidhm.

 
2006

ÉireCuir in Eagar

Bhí Thatcher go láidir i gcoinne an phoblachtachais Éireannaigh.

  • I 1981, bhí ar Thatcher dul i ngleic le stailceoirí ocrais[3] as an IRA agus an INLA sa Cheis Fhada i dTuaisceart Éireann. Bhí siad ag lorg stádas polaitiúil. Dhiúltaigh sí géilleadh d’éilimh an IRA go mbronnfaí stádas polaitiúil ar a gcuid príosúnach sa Tuaisceart. Níor thug Thatcher an stádas sin dóibh go dtí go raibh deichniúr príosúnach marbh, an Feisire Parlaiminte Bobby Sands ina measc, ach bhronn Thatcher na héilimh níos déanaí[4].
  • Rinne sí beag is fiú de mholtaí an New Ireland Forum in 1984 i ráiteas cáiliúil ‘Out, Out Out’.[5]
  • Spreag dul chun cinn polaitiúil Shinn Féin sna 1980idí imní i Sráid Downing áfach. Bheartaigh Thatcher ról a thabhairt do Rialtas na hÉireann i rialú an Tuaiscirt sa Chomhaontú Angla-Éireannach, conradh a shín Thatcher le Poblacht na hÉireann i 1985, agus a spreag uafáis i measc an phobail Aontachtaigh sna sé chontae.

Bás agus oidhreachtCuir in Eagar

D'éirigh sí as an gCeannas agus as an bPríomh-Aireacht i 1990 tar éis di cuid mhór dá tacaíocht sa Pháirtí a chailleadh. Tugadh an post do John Major, ceann de thacaithe Thatcher.

Tháinig galar Alzheimernéaltrú seanaoise uirthi timpeall na 1990idí.

D'éag sí le stróc, is cosúil, i Londain ar an 8 Aibreán, 2013.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Order of the Garter, Order of Merit, Comhairle Bhanríon na Ríochta Aontaithe, Royal Society
  2. "IarPhríomh-Aire na Breataine Margaret Thatcher básaithe". web.archive.org (2013-04-12). Dáta rochtana: 2021-04-08.
  3. Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais, Robert McMillen, Beo, AIBREÁN 2006
  4. An Tuairisceoir, 2013, https://antuairisceoir.com/2013/04/08/margaret-thatcher-marbh/
  5. An Tuairisceoir, 4 Aib. 2013, https://antuairisceoir.com/2013/04/08/margaret-thatcher-marbh/

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar



Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe

Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron | May | Johnson