Wilfried Martens
polaiteoir Beilgeach (1936-2013)
Dlíodóir agus polaiteoir de chuid na Beilge ab ea Wilfried Martens (19 Aibreán 1936 – 9 Deireadh Fómhair 2013).
Saol
cuir in eagarBhí céim sa staidéar nótaireachta (chomh maith le céim san fealsúnacht Thómaíoch) agus dochtúireacht sa dlí aige.[1]
Bhí Martens ag dlíodóireacht os comhair Chúirt Achomhairc Ghent ar feadh tamaill.
Bhí Martens ina bhall de Theach Ionadaithe na Beilge (1974-91), de Sheanad na Beilge (1991-94) agus de Pharlaimint na hEorpa (1994-98). Bhí sé ina chathaoirleach ar Pháirtí Críostaí an Phobail (1974-79), agus ina Phríomh-Aire naoi n-uaire (idir 1979 agus 1981, 1981 agus 1992). Bhí Martens mar cheannaire ar Pháirtí an Phobail Eorpaigh ó 1994 go dtí 1999.
Mar sin, bhí Martens chun tosaigh sna 1970idí-1990idí agus
- cónaidhm á dhéanamh den Bheilg,
- an Eoraip á lánpháirtiú agus
- na lárnaigh dheasacha san Eoraip á gcomhdhlúthú i bPáirtí an Phobail Eorpaigh.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí COBÁC (2020-10-09). "Wilfried Martens" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-09.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |