Bríd Rodgers
Is iar-pholaiteoir Éireannach í Bríd Rogers a rugadh i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall , ach a bhí gníomhach ó thaobh na polaitíochta de i dTuaisceart Éireann, áit a raibh sí ina Leas-Cheannaire ar an Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO nó SDLP) agus ina Ball de Thionól Thuaisceart Éireann don Bhanna Uachtarach.
Bríd Rodgers | |
![]() | |
In oifig 2 Meán Fómhair - 1999 – 14 Deireadh Fómhair-2002[1] | |
Réamhtheachtaí: | Cruthú nua |
Comharba: | Michelle Gildernew |
In oifig 25 Meitheamh 1998 – 26 Samhain 2003 | |
Réamhtheachtaí: | Cruthú nua |
Comharba: | Dolores Kelly |
In oifig 23 Feabhra, 1983 - 25 Aibreán 1987. | |
Dáta breithe | 20 Feabhra 1935 |
Áit bhreithe | Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, Éire |
Dáta báis | beo |
-- | |
Páirtí | Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre |
Gairm | Ar scor |
Céile | Antoin Rodgers |
Gníomhréim pholaitiúilCuir in Eagar
Cuireadh oideachas foirmiúil uirthi i Muineachán agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí chónaí uirthi i dTuaisceart Éireann ó 1960ar aghaidh. Bhí baint aici leis an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ó 1965.
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an PSDLO, agus ceapadh ina Cathaoirleach í sa bhliain 1978 agus ina hArd-Rúnaí sa bhliain 1981. Sa bhliain 1983 d'ainmnigh an Taoiseach Gearóid Mac Gearailt í chuig Sheanad Éireann, agus d'fhreastal sí ann go dtí 1987. [2] Bhí Rodgers ina ceannaire ar fhoirn an PSDLO sna cainteanna a ba chúis le Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Toghadh í do Thionól Thuaisceart Éireann do toghcheantar na Banna Uachtaraí i Meitheamh 1998. Ceapadh í do chéad Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann i mí na Samhna 1999 mar Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe , agus d'fhan sí sa phost sin go dtí gur cuireadh an Fheidhmeannacht ar fionraí, Deireadh Fómhair 2002.
Ceapadh í ina leas-cheannaire ar an pháirtí i mí na Samhna 2001. sheas sí siar mar Chomhalta den Tionól Reachtach ag toghcháin an Tionóil, Samhna 2003, agus mar leas- cheannaire i mí Feabhra 2004, nuair a tháinig a hionadaí Alasdair McDonnell i gcomharbacht uirthi.
Saol pearsantaCuir in Eagar
Ta Rodgers pósta agus seisear páistí aici. Tá cianghaol aici leis an drongadóir Gael-Mheiriceánach Uinseann Ó Colla. Labhraíonn sí Gaeilge, Béarla agus Iodáilis.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ iifig ar fionraí 11 Feabhra 2000 - 30 Bealtaine 2000
- ↑ http://electionsireland.org/candidate.cfm?ID=7823