The Late Late Show (RTÉ)

(Athsheolta ó The Late Late Show)

Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]

Infotaula de sèrie de televisióThe Late Late Show
Láithreoir(í)Patrick Kielty, Gay Byrne, Frank Hall agus Ryan Tubridy
TírÉire
Bealach teilifíseRTÉ a hAon
Líon séasúr54
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilrte.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0264270 Cuir in eagar ar Wikidata
Gay Byrne

Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann.  'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.

Pat Kenny

Stair cuir in eagar

 
Ryan Tubridy

Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir.  D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.

D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]

Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]

Conspóidí cuir in eagar

Láithreoirí cuir in eagar

Láithreoir Ó Go
Dáta Aois Dáta Aois
Gay Byrne 6 Iúil 1962 27 30 Bealtaine 1964 29
Frank Hall 19 Meán Fómhair 1964 43 19 Nollaig 1964 43
Gay Byrne 2 Eanáir 1965 30 21 Bealtaine 1999 64
Pat Kenny 10 Meán Fómhair 1999 51 29 Bealtaine 2009 61
Ryan Tubridy 4 Meán Fómhair 2009 36 Bealtaine 2023 49
Patrick Kielty 15 Meán Fómhair 2023 52

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ. "Late Late" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-06.
  2. 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (Márta 24 2023). "Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  3. "To whom it concerns: Remembering Gay Byrne" (as en) (2019-11-18). 
  4. Ar dhuine de na haíonna a bhí ar an gclár bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
  5. Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Patrick Kielty i ndiaidh a chéad 'Late Late' a láithriú" (as ga). 
  6. Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.