Ba dhéagóir Ann Lovett (1968 - 31 Eanáir 1984), cúig bliain déag d’aois, a bhí ina cónaí i nGránard, contae an Longfoirt. Fuair sí bás in ospidéal Mhuillinn Cearr tar éis páiste a saoladh i ngrató na Maighdine Muire - ina haonar - ag an am[1]. Cuireadh cóir leighis uirthi ag an bhfoireann cnáimhseoireachta ansin, ach theip orthu. Bhí an cailín ag filleadh ón scoil ina haonar ar fuar, fliuch i lár an gheimhridh[2]. Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig. Cailleadh an mac a saolaíodh fosta.[3]

Infotaula de personaAnn Lovett
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1968
An Cóbh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Eanáir 1984
15 bliana d'aois
Gránard, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNeamhoird seoil
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach

Cúlra cuir in eagar

Glacadh leis an Acht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 le reifreann ar an 7 Meán Fómhair 1983.

 
Gránard

Cur agus cúiteamh cuir in eagar

Cailleadh Ann Lovett Dé Céadaoin, 31 Eanáir 1984 ach níor bhris an scéal go dtí oíche Sathairn. Ba ea an láithreoir teilifíse Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[4] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.

Fiosrúchán ar bith cuir in eagar

 
Gay Byrne

D’éiligh páirtithe an fhreasúra ar an Rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil ar an ábhar. Ach ba bheag fonn a bhí ar an rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil. Ag a gcruinniú ar an 7 Feabhra 1984, chinn an Rialtas gan a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú i bhfianaise tuairiscí a chuir Bord Sláinte Lár Tíre agus an Roinn Oideachais ina láthair.[5]

Níor foilsíodh riamh fiosrúchán na Roinne Oideachais ná an Bhord Sláinte.[3] Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig a bhí ag filleadh ón scoil i lár an gheimhridh.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tuairisc.ie, 30 Nollaig 2016
  2. Scannal, 2004, TG4
  3. 3.0 3.1 Breandán Delap (30 Nollaig 2016). "CÁIPÉISÍ 1986: Aighneas faoi eitiltí i gcás McArthur, tragóid Ann Lovett agus sáinn mar gheall ar na Terracotta Warriors" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-31.
  4. Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  5. Sa bhreith a thug an chomh-aireacht dúradh: “Expressed sympathy with the parents and family; insofar as an inquiry is concerned, there will be an inquest. Great personal tragedy which should not be compounded by particular kinds of attention.”