Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) (nó Health Service Executive agus HSE) an eagraíocht atá freagrach as cúram sláinte a chur ar fáil in Éirinn. Tá freagracht ag an Aire Sláinte as an bhFeidhmeannacht sa rialtas.
Eagraíocht agus MaoiniúCuir in Eagar
Tá an eagraíocht maoinithe as an státchiste. Bhí buiséad bliantúil €103 billiún ag an FSS sa bhliain 2015[1], níos mó ná aon eagraíocht stát eile. Bhí buiséad bliantúil €13 billiún ag an FSS sa bhliain 2005.
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an fostóir is mó in Éirinn le breis is 103,000 daoine fostaithe acu go díreach sa bhliain 2015. Is í an tseirbhís sláinte an fostóir is mó sa stát agus 120,000 ball pearsanra, nó 103,884 coibhéis lánaimseartha fostaithe inti ag deireadh mhí na Nollag 2015. Sin ardú móriomlán de 4.6% nó 4,557 CL sa bhliain i gcomparáid le ardú de 2,332 CL sa tréimhse chéanna in 2014. Tá an t-ardú sin tiomanta ag an aistriú ó fhoireann ghníomhaireachta go dtí CLanna.
As na 103,884 CL sa bhliain 2015: • Bhí 63.8% (66,278) fostaithe leis an FSS • Bhí 22.5% (23,374) san earnáil dheonach ospidéil, agus • Bhí 13.7% (14,232) san earnáil dheonach neamhghéar.
Tháinig ardú de 4.6% ar líon na mball foirne a bhí fostaithe ar fud na gcatagóirí foirne go léir agus 61% den ardú sin (2,797 CL) laistigh de sheirbhísí na n-ospidéal géarmhíochaine. Seo a leanas mar a léirítear an t-ardú sna leibhéil fostaíochta sa bhliain 2015: • 5.9% i míochaine/fiaclóireacht • 2.4% in altranas • 6.9% i ngairmithe sláinte agus cúram sóisialta • 6.9% i mbainistíocht/riarachán • 0.8% san fhoireann ghinearálta tacaíochta • 6.3% i gcúram othar.
Tá ceanncheathrú an FSS lonnaithe in Ospidéal Dr Steevens', BÁC 8, Éire. Is í an roinn rialtais atá bainteach leis an FSS go príomha ná an Roinn Sláinte.
StairCuir in Eagar
Bhí an Fheidhmeannacht curtha ar bun ag Acht Sláinte 2004 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an gcéad lá Eanáir 2005. Tháinig sé i gcomharbacht ar na Bord Sláinte agus roinnt eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |