Ranna Stáit na hÉireann

príomhbhrainse rialtais Phoblacht na hÉireann

Tá 16 Ranna Stáit ann mar chuid de Rialtais na hÉireann. Déanann an Taoiseach aire a cheapadh chun dul i gceannas ar gach roinn. Liostaí Airí agus Airí Stáit anseo. Tá foireann oibre buan ag gach roinn a fhanann sa roinn fiú má thagann athrú ar an Rialtas atá i réim. Tugtar an Státseirbhís ar an bhfoireann oibre buan seo. D'fhógraíodh athruithe ar ainmneacha agus ar fhreagrachtaí ranna áirithe an 9 Márta 2011.

Na Ranna cuir in eagar

Roinn an Taoisigh.

Tugann an Roinn seo tacaíocht riaracháin agus taighde don Taoiseach agus don Rialtas.

An Roinn Airgeadais

Tá cúram airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit ar an Roinn seo.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Cuireann sé comhairle ar an Rialtas maidir le bainistiú agus smacht a bheith ar an Rannóg Phoiblí.

An Roinn Sláinte

Tá an Roinn seo freagrach as forbairt polasaí sláinte agus pleanáil na seirbhísí sláinte. tá na seirbhísí sláinte ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Tá sé de chúram ar an Roinn seo oideachas poiblí a chuir ar fáil ag leibhéal bunscoile agus iar bhunscoile. Déanann sé, freisin, bainistiú ar íocaíochtaí stáit do Ollscoileanna agus do choláistí tríú leibhéal. Ó 2010 tá sé freagrach chomh maith as na gníomhaíochtaí traenála de chuid FÁS agus leis an obair an Ghrúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Soláthraíonn an Roinn seo ioncam agus seirbhísí tacaíochta eile. Tá sé freagrach as na fostaíochta agus seirbhísí pobail codanna de FÁS agus an Scéim Sóisialta Tuaithe chomh maith le freagracht as íocaíocht na n-íocaíochtaí iomarcaíochta agus dócmhainneachta.

An Roinn Dlí agus Cirt, agus Comhionannais

Tá sé mar aidhm ag an Roinn seo an Stát a chosaint, coireanna a smachtú agus saoirse agus cearta an duine a chaomhnú. Tá cúram inimirce agus iarratais dídine uirthi freisin.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Cuireann an Roinn seo Éireann chun cinn thar lear agus déanann sí cosaint orthu. Cothaíonn sé freisin suíochán agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann. Tá sé freagrach freisin as trádáil eachtrach agus a fhorbairt.

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Tá sé de chúram ar an Roinn seo forbairt a dhéanamh ar fhiontair, ar fhostaíocht, ar thrádáil agus tá sí freagrach freisin as oibrithe a chosaint agus gnónna a rialú. Tá sé freagrach freisin as an gClár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal.

An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Déanann an Roinn seo forbairt a chothú agus áiseanna a chosaint. Tá sé i gceannas ar údaráis áitiúla. Tá freagracht ar an Roinn seo i dtaobh forbartha tuaithe agus áitiúil in Éirinn. Chomh maith leis sin tá cúramaí ar an Roinn maidir le tithíocht, ritheann sí toghcháin, cuireann sí scrúduithe tiomána ar fáil agus déanann cinnte go dtugtar cosaint don timpeallacht. Tá baint ag an Oifig Mheitéareolaíochta agus ag an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch leis an Roinn seo.

An Roinn Talmhaíocht, Iascaireachtaí agus Bia

Coimeádann an Roinn seo súil ar thionscal an bhia agus ar an tionscal talmhaíochta.

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha

Tá an Roinn seo freagrach as na rannóga teileachumarsáide agus craolacháin chomh maith le bheith freagrach as riaradh, cosaint agus forbairt na Mara agus ár n-acmhainní nádúrtha. Tá freagracht taisteal na mara uirthi agus na seirbhísí calafoirt. Tá baint ag Suirbhéireacht Gheolaíoch na hÉireann leis an Roinn seo.

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

Tá an Roinn seo freagrach as forbairt ar bheartais chomhchuibhithe agus caighdeán seachadadh seirbhíse comhtháite do leanaí agus daoine óga. Déanann sé amach feidhmeanna sonracha i réimse chúram sóisialta agus thiomáineann sé gníomhartha comhordaithe thar raon earnálacha, lena n-áirítear sláinte, oideachas, ceartas óige, spórt, na healaíona agus an cultúr.

An Roinn Cosanta

Tá cúram ár bhfórsaí cosanta ar an Roinn seo.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá an Roinn seo freagrach as forbairt na n-ealaíon agus an chultúir, agus caomhnú na oidhreacht nádúrtha agus thógtha. Ina theannta sin, cuireann an Roinn an forbairt shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na gceantar Gaeltachta agus an Ghaeilge mar theanga phríomhoide an phobail sa Ghaeltacht.

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Tá an roinn seo freagrach as na bóithre (seachas bóithre áitiúla), tástáil tiomána, saincheisteanna tráchta, iompar bus agus traenach, beartas eitleoireachta, agus sábháilteacht bóithre in Éirinn. Tá sé freagrach as an turasóireacht inmharthanach a mhéadú. Chomh maith leis sin cuireann an Roinn spórt chun cinn ag leibhéil áitiúil, réigiúnda agus náisiúnta.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

http://www.citizensinformation.ie/ga/government_in_ireland/government_departments/departments_of_state.html Curtha i gcartlann 2015-06-01 ar an Wayback Machine