Ospidéal Beaumont
Is ospidéal oiliúna é Ospidéal Beaumont (Beaumont Hospital) atá lonnaithe ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh an t-ospidéal i 1987. Tá 820 seomraí leaba san ospidéal.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ospidéal agus teaching hospital (en) ![]() | |||
Foirgníocht | 1987 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Comhcheangal | Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn | |||
Oibreoir | RCSI Hospitals (en) ![]() | |||
Láithreán gréasáin oifigiúil | bcchf.ca | |||
Tá an t-ospidéal mar chuid den ghrúpa Ospidéil RCSI agus tá caidhreamh oideachasúil ag an ospidéal le Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).
Stair Cuir in Eagar
Achtaíodh Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, ar an 9 Márta 1943 (Saint Laurence's Hospital Act, 1943).[1] Bhí sé mar aidhm ag an Acht ospidéal poiblí nua, a thógfaí faoina chuid forálacha a chur in áit na dtrí ospidéal stairiúla: Ospidéal Richmond, Ospidéal Whitworth agus Ospidéal Whitworth Hardwicke (ar a dtugtaí na hOspidéil Tí Thionscail i dteannta a chéile).
Mar a tharla, áfach, níor tógadh an t-ospidéal nua riamh. Lean na trí hospidéal ar aghaidh den chuid is mó mar a bhí roimhe sin, go dtí gur cuireadh Ospidéal Beaumont, eintiteas ar leith, ina n-áit sa bhliain 1987 (tháinig Sráid Jervis agus an Richmond le chéile).[2]
Osclaíodh na doirse don phobal ar 29 Samhain 1987. Macasamhail den Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh a bhí ann ar dtús.[3]
Seirbhísí Cuir in Eagar
Soláthraíonn Beaumont raon leathan de sheirbhísí cliniciúla agus speisialtacha agus tá clú agus cáil ar an cúram atá ann.[4]
Aonad Athshlánúcháin Cuir in Eagar
Tá an tAonad seo suite ar an gcéad urlár agus sainfheidhmíonn sé i dianchúram othair a dteastaíonn tréimhse athshlánúcháin uathu. Tá an Rannóg Fisiteiripe d’Othair Amach, Obrádlann, X-ghathach, Ultrafhuaim, agus Leitreacardgram mar chuid dár n-áiseanna chomh maith
Ospidéal Naomh Iósaef, Ráth Eanaigh Cuir in Eagar
Is ospidéal géarmhíochaine é Ospidéal Naomh Iósaef agus soláthraítear cúram Míochaine agus Máinliachta d’othair cónaithe, Seirbhísí Cúram Lae agus Fisiteiripe Othair Amach agus seirbhísí Raideolaíochta. Tá Aonad Athshlánúcháin ag an Ospidéal chomh maith.
Maoiniú Cuir in Eagar
Is carthanas cláraithe Fondúireacht Ospidéal Beaumont agus is fiontar tiomsaithe airgid oifigiúil é d’Ospidéal Beaumont.[5] Tá sé d’aidhm ag an bhFondúireacht maoiniú airgid a aimsiú agus a spreagadh ón bpobal ar mhaithe le barr foirfeachta a bhaint amach i gcúram othair in Ospidéal Beaumont.
Féach freisin Cuir in Eagar
Príomhshlí isteach go dtí Ospidéal Beaumont - Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Naisc sheachtracha Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2021-03-09.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "St Lawrence's Hospital" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-09.
- ↑ "Beaumont Hospital - History". www.beaumont.ie. Dáta rochtana: 2022-11-29.
- ↑ beaumont.ie. "Lámhleabhar na nOthar". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 5.0 5.1 "Fundraising for Patient Care | Beaumont Hospital Foundation" (en). BHF. Dáta rochtana: 2021-03-09.
- ↑ "Beaumont Hospital". www.beaumont.ie. Dáta rochtana: 2021-03-09.
- ↑ "RCSI Dublin – Homepage" (en). www.rcsi.com. Dáta rochtana: 2021-03-09.
- ↑ "Home" (en). RCSI Hospitals. Dáta rochtana: 2021-03-09.